Ar Faithche na hImeartha
Craobh Gaisce na hÉireann
I Luimneach Dia Domhnaigh do socruigheadh
cunntaisí idir laochraidhibh na Mumhan is
Chonnacht i leith báire is peile. Sa báire
theangmhaigh fóirne ó Thiobraid Árann is ón
nGaillimh le chéile. Sidé an scór: — Tiobraid
Árann, 5-15; Gaillimh, 1-0. Sa pheil do bhuaidh
gaiscidhigh Chiarraighe. Ar a gcomh-mbráithribh ó
Chonndae Mhuighe Eó. Do sháruigh an chéad
bhabhta den gcluithche aon nídh ná bhfeacathas
le fada ar láithreachaibh na hÉireann. Sidé an
scór: — Ciarraighe, 2-4; Muigh Eó, 0-1.
Ag Bóthar Mhic Seóin
Ar an láthair sin Dia Domhnaigh fé riar
Comhlucht an Bháire i mBaile Átha Cliath do
fearadh cluithche maith idir na “Fágaigh” is na
Daibhisigh. Bhí súil i n-áirde ag gach éinne
féachaint cia aca bhuadhfadh. Roinnt seacht-
mhainí ó shoin d'imreadar cheana féin, agus
b'iad na Dáibhisigh a bhuaidh. Mar sin féin bhí
tuairim ag a lán go mbeadh malairt scéil
ann Dia Domhnaigh. Ní hamlaidh a thárla amhthach.
Chuireadar na Daibhisigh tuilleadh leis an dtáille
thall. De bharr oibre an Domhnaigh ní fuláir
dóibh theacht i gcoinnibh a chéile arís. Tá an
dá bhuidhin anois ar aon-chomhaireamh i liosta an
Chomhluchta agus is éigin dóibh an trímhadh imirt
a fhulaingt. Sidé scór an Domhnaigh —
Dáibhisigh 3-8; Fágaigh, 1-9.
Sóisir
Ar an láthair céadna do himreadh cluithche
peile idir fhuireann “Dóthchus na hÉireann”
agus na Sáirséalaigh. Bhíodar araon 0-5 i
ndeireadh na mbeart. Agus mar cheann ar
obair an lae do fearadh cluithche báire idir
sóisearaibh na nDáibhiseach is Lusca. Sidé an
scór: Dáibhisigh, 3-2; Lusca, 1-3.
Ag “An Díon”
Thárla ana thabhairt amach fé riar Chumainn
Peile Bhaile Átha Cliath ar an láthair úd Dia
Domhnaigh. Badh dheacair cuid den imirt do
sárughadh go háirithe sa chluithche a fearadh idir
na Ciceamaigh is an dream ó Rinn Muirbhthean.
Sidé táille an lae: —
Dáibhisigh (Meadhóin), 0-8; Rinn Muirbhthean, 1-5.
Geata Shain Séamus, 1-10; Raghallaigh, 0-3.
I gCorcaigh
Is maith liom gur cuireadh i bhfeidhm ar an
gcruinniughadh cinn bliadhna i gCorcaigh an rún
i dtaobh na Gaedhilge sa nIolscoil. Ní raibh
pioc dá mhearathal orainn riamh ná go mbeidís
Gaedhil an Bháire is na Peile ar thaobh na
Gaedhilge. Anois an t-am ag muinntir Bhaile
Átha Cliath.
Tórna
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11