Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Craobh Bhaile Átha Cliath
Title
Ar Faithche na hImeartha - Craobh Bhaile Átha Cliath
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Craobh Bhaile Átha Cliath Do himreadh dhá chluithche eile insna hiomaidhe- chtaibh i gcóir Craobh Bhaile Átha Cliath ag Bóthar Mhic Seóin Dia Domhnaigh. Cluithche báire agus cluithche peile do thárla ann. Bhí ana-shluagh ann ag féachaint ar an ngáisce agus bhíodar an lá agus an fód ar fheabhus. An Cródhach a bhí n-a mhaor ar an dá chluithche, agus d'fhág soin iad agus críoch curtha leo i n-am tráith. An Táille Tá iongnadh agus olltacht is crádh croidhe ar chamthaibh na gCiceameach is na nGearaltach. Ar shon gur aca-san araon a bhí an Chraobh go dtí so, fuaradar dúscadh obann agus buille leithligh Dia Domhnaigh a chuirfidh ag cogaint na círeach iad go ceann tamaill. Ní haon díoghbháil leagadh a bhaint anois is arís as an duine is treise againn. Comhartha é go bhfuilimíd go léir ag obair ar ar ndícheall; agus badh bheag orainn an té go mbeadh drogall ná dobhracht air chionn a mhaise is a shéan a mholadh don té thuilleann iad. Sa báire do bhuadhadar na Commercials ar na Ciceamaigh, agus sa peil do bhuadhadar na Párnailigh ar na Gearaltaigh. Sidé an scór: Commercials, 2-6; Ciceamaigh, 0-9. Parnailigh, 2-4; Gearaltaigh, 0-9. Seo litir a tháinig chugam an lá fá dheireadh: Dún Dealgain, Lúghbhaigh, 6-2-'09 A Chara, Tchím gur beag an meas atá agat ar an dream beag as Conndae 's againn-ne annseo do sheas i n-aghaidh laochraibh Chille Choinnigh Dia Domhnaigh an 31adh lá de'n Gheanair, agus go deimhin dearbhtha is beag an n-iongantas sin. Acht bíodh fhios agat nár bh'é togha iománaidhthe an Chonndae bhig seo a bhí ann an lá sin ar chor ar bith agus nach rabh duine ar bith as an áird-thuaidh de ann. B'as Droichead Átha gach iománaidhe d'a rabh ann dobhtha agus gidh gurbh' iad buachaillí an Tráigh-bhaile a d'aithbheoigh agus a chuir tús ar imirt an chamáin i gCondae Chon Culainn, agus gur chuir siad an bhuaidh ar bhuachaillí na Bóinne go minic char tóghadh aon duine aca le dul ar a' pháirc i n-aghaidh na Laochraidhigh. Easaontas fá ndear seo, agus is mór a' truaigh é. Mise, le meas mór, P. Ó Dubhda. “Tá iarracht de dhearmad ar Mac Uí Dhubhda im' thaobh-sa. Nílim-se beag-mheasa ar laochraidhibh dhúithche Con gCualainn. A bhfad uaim é. Acht dubhart cheana agus deirim arís é nár cheart don Chomhaltas sóisir chun báire a chur i gcomórtas le laochraidhibh fhoirbhthe cliste mar atá i gCill Choinnigh. Ná fuil Conntaethe eile i gCúige Laighean badh mhó b'inghimh le Co. Lughbhaidhe 'ná Co. Chill Choinnigh? Nár b'fhéidir ceann aca-san d'fhagháil chun troda le muinntir Chuailngne? Má bhítear ag cur soisear ag iomaigh le sinnsir leaghfaidh na sóisir orainn, agus tréigfid an báire. Tá obair mhaith dhá dhéanamh i gCo. Lughbhaidhe ar son lúthchleas na nGaedheal, agus b'olc liom aon easaontas a theacht eatortha. Tá súil agam ná mairfidh sé abhfad. Cruinniughadh Cinn Bhliadhna Is gearr anois go mbeidh cruinniughadh cinn na bliadhna ag Chumann na gCleas Lúith i mBaile Átha Cliath. Seo mar a deir Gaedheal maith liom i leitir a shrois mé an lá fé deireadh. “Is dóigh liom gur maith an rud dá gcuirtí rún i bhfeidhm ann i dtaobh na Gaedhilge sa nIolscoil nua. Is ceart agus is cóir go gcabhróchadh na báire Gaedhil le n-a mbráith- eacha sa cheist seo. Tá a lán Connrathóirí ar fóirnibh Chumann na gCleas Lúith ar fuid na tire, agus is ortha-san a bheidh mé ag braith chun deagh-shompla a thabhairt. Má cuirtear an rún i bhfeidhm sa prímhthionól i mBaile Átha Cliath, ní'l aon baoghal acht go leanfaidh an tír ar fad don obair céadna. Brostuighidh oraibh, a Ghaedhla Bhaile Átha Cliath. Anois an t-am agaibh. Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services