Ar Faithche na hImeartha
Craobh Bhaile Átha Cliath
Do himreadh dhá chluithche eile insna hiomaidhe-
chtaibh i gcóir Craobh Bhaile Átha Cliath ag Bóthar
Mhic Seóin Dia Domhnaigh. Cluithche báire agus
cluithche peile do thárla ann. Bhí ana-shluagh
ann ag féachaint ar an ngáisce agus bhíodar
an lá agus an fód ar fheabhus. An Cródhach
a bhí n-a mhaor ar an dá chluithche, agus d'fhág soin
iad agus críoch curtha leo i n-am tráith.
An Táille
Tá iongnadh agus olltacht is crádh croidhe ar
chamthaibh na gCiceameach is na nGearaltach. Ar
shon gur aca-san araon a bhí an Chraobh go dtí so,
fuaradar dúscadh obann agus buille leithligh
Dia Domhnaigh a chuirfidh ag cogaint na círeach
iad go ceann tamaill. Ní haon díoghbháil
leagadh a bhaint anois is arís as an duine is
treise againn. Comhartha é go bhfuilimíd go
léir ag obair ar ar ndícheall; agus badh
bheag orainn an té go mbeadh drogall ná
dobhracht air chionn a mhaise is a shéan a mholadh
don té thuilleann iad. Sa báire do bhuadhadar
na Commercials ar na Ciceamaigh, agus sa
peil do bhuadhadar na Párnailigh ar na Gearaltaigh.
Sidé an scór:
Commercials, 2-6; Ciceamaigh, 0-9.
Parnailigh, 2-4; Gearaltaigh, 0-9.
Seo litir a tháinig chugam an lá fá dheireadh:
Dún Dealgain,
Lúghbhaigh, 6-2-'09
A Chara,
Tchím gur beag an meas atá agat ar an
dream beag as Conndae 's againn-ne annseo do
sheas i n-aghaidh laochraibh Chille Choinnigh Dia
Domhnaigh an 31adh lá de'n Gheanair,
agus go deimhin dearbhtha is beag an
n-iongantas sin. Acht bíodh fhios agat nár
bh'é togha iománaidhthe an Chonndae bhig seo a bhí ann
an lá sin ar chor ar bith agus nach rabh duine ar
bith as an áird-thuaidh de ann. B'as Droichead Átha
gach iománaidhe d'a rabh ann dobhtha agus gidh
gurbh' iad buachaillí an Tráigh-bhaile a d'aithbheoigh
agus a chuir tús ar imirt an chamáin i gCondae
Chon Culainn, agus gur chuir siad an bhuaidh ar
bhuachaillí na Bóinne go minic char tóghadh aon
duine aca le dul ar a' pháirc i n-aghaidh na
Laochraidhigh.
Easaontas fá ndear seo, agus is mór a'
truaigh é.
Mise,
le meas mór,
P. Ó Dubhda.
“Tá iarracht de dhearmad ar Mac Uí Dhubhda
im' thaobh-sa. Nílim-se beag-mheasa ar
laochraidhibh dhúithche Con gCualainn. A bhfad
uaim é. Acht dubhart cheana agus deirim arís é
nár cheart don Chomhaltas sóisir chun báire a
chur i gcomórtas le laochraidhibh fhoirbhthe cliste
mar atá i gCill Choinnigh. Ná fuil Conntaethe
eile i gCúige Laighean badh mhó b'inghimh le Co.
Lughbhaidhe 'ná Co. Chill Choinnigh? Nár b'fhéidir
ceann aca-san d'fhagháil chun troda le muinntir
Chuailngne? Má bhítear ag cur soisear ag
iomaigh le sinnsir leaghfaidh na sóisir orainn,
agus tréigfid an báire. Tá obair mhaith dhá
dhéanamh i gCo. Lughbhaidhe ar son lúthchleas na
nGaedheal, agus b'olc liom aon easaontas a
theacht eatortha. Tá súil agam ná mairfidh sé
abhfad.
Cruinniughadh Cinn Bhliadhna
Is gearr anois go mbeidh cruinniughadh cinn
na bliadhna ag Chumann na gCleas Lúith i
mBaile Átha Cliath. Seo mar a deir Gaedheal
maith liom i leitir a shrois mé an lá fé deireadh.
“Is dóigh liom gur maith an rud dá gcuirtí
rún i bhfeidhm ann i dtaobh na Gaedhilge sa
nIolscoil nua. Is ceart agus is cóir go
gcabhróchadh na báire Gaedhil le n-a mbráith-
eacha sa cheist seo. Tá a lán Connrathóirí ar
fóirnibh Chumann na gCleas Lúith ar fuid na
tire, agus is ortha-san a bheidh mé ag braith chun
deagh-shompla a thabhairt. Má cuirtear an rún
i bhfeidhm sa prímhthionól i mBaile Átha Cliath,
ní'l aon baoghal acht go leanfaidh an tír ar fad
don obair céadna. Brostuighidh oraibh, a
Ghaedhla Bhaile Átha Cliath. Anois an t-am
agaibh.
Tórna
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11