Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Iolsgoil
Title
An Iolsgoil
Author(s)
Diarmuid Donn,
Pen Name
Diarmuid Donn
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail An Iolsgoil An ag aimhreas ar an Seanad a táthar, le go bhfuiltear dá gcomhairleacan, nó an dá dteagasg a táthar i ngeall ar uireasbhuigh tuigsiona agus eoluis? Ní fhéadfaidís gan a thuigsin cé an mhaith de thír teanga dhuthchais; ní féadfaidís gan a thuigsin cé na dualgais atá ar an sgoil is áirde sa tír; agus ní fhéadfaidís gan a thuigsin an rud atá follasach ag an saoghal — gurab í an Ghaedhilg an t-aonrud a thiubhrfadh aos léighinn go hÉirinn as na tíorthaibh coimh- thighacha. Tá fios aca an méid sin, dá dtuilleadh sé i n-a gceann; acht is sgéal cinnte go raibh aon uireasbhuigh amháin eoluis ar dtús ortha, sé sin go raibh cúl torraic chomh láidir ag Chonnradh na Gaedhilge sa tír agus tá. Is maith tráthamhail an teagasg atá siad a fághail, air sin, agus tá súil againn nach mbéidh siad do- mhuinte. Níl iománaidhe ar bith chomh cliste leis an té a bhíos ar an gclaidhe, nuair atá cluithche cruaidh dá imirt ar an bhfaithche. Is fearr an meabhair atá aige ar an gcaoi a bhfuil an cluithche ag imtheacht, agus is géire an t-amharc is féidir leis a bheith aige air ná dá mbeadh sé féin thíos ag carraidheacht; agus ní baoghal dó leagan nó gortughadh. An fhad 's nach mbuaileann sé san achrann ní féidir leis cluithche a chailleadh, agus thig leis a gháir a chur suas ar deireadh leis an taobh a ghnóthóchas. Acht sinne, nach bhfuil chomh cliste sin, leagamuid ar an imirt, fainic nach linn a bheadh an báire go fóill. Níl lá a imthigheas thart nach ag neartughadh atá ar gcumhacht, agus cheana féin tá daoine ag leimeamhaint anuas de'n chlaidhe ag cuidiughadh linn. Támuid ar aon intinn leis na hEasboig faoi'n nGaedhilg a bheith lonnrach ins na Coláistíbh, agus go mbeadh sí i n-a solus ionnta a shoilseochadh i n-a dtimhceall. Acht ní ar an gcaoi chéadna a d'fhadóchadh sinne an teine, nó a choinneochadh sinn ag lasadh í. B'áil linn toirt a bheith innti agus teas chomh maith leis an tsoilse, go dtriomó- cahd sí an cipín críon agus go loisgfeadh sí an cipín úr, go mbeadh lasracha láidre aisti. Ní sméaróid anonn agus anall a dhéanfas solus agus teas acht an londamhlacht aithinneacha go dlúth le chéile ag caitheamh a gcuid soilsí. Ní i n-a réiltín thríd an gceo ab annsa linn í a fheiceál ag tabhairt eoluis do dhuine aonruic agus é go huaigneach ag déanadh a bhealaigh, acht mar bheadh deallrughadh na gréine ag déanamh learguis do mhuinntir na hÉireann uilig, agus a loinnir breagh ag sgaladh ar fud an oileáin. Ní rud í teanga dhúthchais ar ceart a choinneál ag beagán daoine i n-iargcúl — ní céim síos di an sluagh uilig a chur dá foghluim. Bhí dream feallsamhna ann fad'ó a cheap gurab é an cosamhlacht is fearr ar árd-sgoláire gan a chuid eoluis a fhoillsiughadh do aonduine eile. Acht ní hionann sin agus teanga, ní misde í fiú na bpáistí a bheith ag foghluim le na labhairt. Mar sin badh é an chaoi ba léire dúinn an Ghaedhilg a bheith soilseach ins na Coláistibh, dá bfheiceamuis ionnta gach uile mhac agus ingean léighinn agus iad faoi n-a nguannaibh go dóchusach, ag canadh agus ag foghluim na teangan mar roinn dhá gcéad ealadhntaibh, agus hallaí ceaptha le haghaidh na hócáide a mbeadh fairsinge ionnta. Ní fhacamuid ariamh cúis is mó a bhfuil achrann fúithe is fusa a reidtheach ná, nó achrann chomh mór atá chomh héasgaidh ar a léigheas, agus an uair a déanfaidhe an léigheas b'fhearrde an tír agus an Iolsgoil an t-achrann a rinneadh. Bheadh gach uile short i n-a cheart dá ndéanadh an Seanad gan imreas an reacht atá Connradh na Gaedhilge ag iarraidh ortha a dhéanamh. Dá ndéanaidís i dtosach é bheadh buidheachas ortha, agus ní diombuadhach a bheithí dóibh anois féin dá ndéanadaois é. Ní hé amháin sin acht bheadh an tír uilig faoi gheasaibh cuidiughadh leis an Iolsgoil, Connradh na Gaedhilge chomh maith leis na Comhairlibh. DIARMUID DONN.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services