Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Iolsgoil

Title
An Iolsgoil
Author(s)
Diarmuid Donn,
Pen Name
Diarmuid Donn
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail



An Iolsgoil



An ag aimhreas ar an Seanad a táthar, le go
bhfuiltear dá gcomhairleacan, nó an dá dteagasg
a táthar i ngeall ar uireasbhuigh tuigsiona agus
eoluis? Ní fhéadfaidís gan a thuigsin cé
an mhaith de thír teanga dhuthchais; ní féadfaidís
gan a thuigsin cé na dualgais atá ar an sgoil
is áirde sa tír; agus ní fhéadfaidís gan a
thuigsin an rud atá follasach ag an saoghal —
gurab í an Ghaedhilg an t-aonrud a thiubhrfadh
aos léighinn go hÉirinn as na tíorthaibh coimh-
thighacha. Tá fios aca an méid sin, dá dtuilleadh
sé i n-a gceann; acht is sgéal cinnte go raibh
aon uireasbhuigh amháin eoluis ar dtús ortha,
sé sin go raibh cúl torraic chomh láidir ag
Chonnradh na Gaedhilge sa tír agus tá. Is maith
tráthamhail an teagasg atá siad a fághail, air
sin, agus tá súil againn nach mbéidh siad do-
mhuinte.



Níl iománaidhe ar bith chomh cliste leis an té
a bhíos ar an gclaidhe, nuair atá cluithche cruaidh
dá imirt ar an bhfaithche. Is fearr an meabhair
atá aige ar an gcaoi a bhfuil an cluithche ag
imtheacht, agus is géire an t-amharc is féidir leis
a bheith aige air ná dá mbeadh sé féin thíos ag
carraidheacht; agus ní baoghal dó leagan nó
gortughadh. An fhad 's nach mbuaileann sé
san achrann ní féidir leis cluithche a chailleadh,
agus thig leis a gháir a chur suas ar deireadh leis
an taobh a ghnóthóchas. Acht sinne, nach bhfuil chomh
cliste sin, leagamuid ar an imirt, fainic nach
linn a bheadh an báire go fóill. Níl lá a
imthigheas thart nach ag neartughadh atá ar
gcumhacht, agus cheana féin tá daoine ag
leimeamhaint anuas de'n chlaidhe ag cuidiughadh
linn.



Támuid ar aon intinn leis na hEasboig
faoi'n nGaedhilg a bheith lonnrach ins na Coláistíbh,
agus go mbeadh sí i n-a solus ionnta a shoilseochadh
i n-a dtimhceall. Acht ní ar an gcaoi chéadna
a d'fhadóchadh sinne an teine, nó a choinneochadh
sinn ag lasadh í. B'áil linn toirt a bheith innti
agus teas chomh maith leis an tsoilse, go dtriomó-
cahd sí an cipín críon agus go loisgfeadh sí an
cipín úr, go mbeadh lasracha láidre aisti. Ní
sméaróid anonn agus anall a dhéanfas solus
agus teas acht an londamhlacht aithinneacha go
dlúth le chéile ag caitheamh a gcuid soilsí. Ní
i n-a réiltín thríd an gceo ab annsa linn í a
fheiceál ag tabhairt eoluis do dhuine aonruic
agus é go huaigneach ag déanadh a bhealaigh,
acht mar bheadh deallrughadh na gréine ag
déanamh learguis do mhuinntir na hÉireann
uilig, agus a loinnir breagh ag sgaladh ar fud
an oileáin.



Ní rud í teanga dhúthchais ar ceart a choinneál
ag beagán daoine i n-iargcúl — ní céim síos
di an sluagh uilig a chur dá foghluim. Bhí dream
feallsamhna ann fad'ó a cheap gurab é an
cosamhlacht is fearr ar árd-sgoláire gan a
chuid eoluis a fhoillsiughadh do aonduine eile.
Acht ní hionann sin agus teanga, ní misde
í fiú na bpáistí a bheith ag foghluim le na labhairt.
Mar sin badh é an chaoi ba léire dúinn an
Ghaedhilg a bheith soilseach ins na Coláistibh, dá
bfheiceamuis ionnta gach uile mhac agus ingean
léighinn agus iad faoi n-a nguannaibh go
dóchusach, ag canadh agus ag foghluim na teangan
mar roinn dhá gcéad ealadhntaibh, agus hallaí
ceaptha le haghaidh na hócáide a mbeadh fairsinge
ionnta.



Ní fhacamuid ariamh cúis is mó a bhfuil achrann
fúithe is fusa a reidtheach ná, nó achrann chomh
mór atá chomh héasgaidh ar a léigheas, agus an
uair a déanfaidhe an léigheas b'fhearrde an tír
agus an Iolsgoil an t-achrann a rinneadh.
Bheadh gach uile short i n-a cheart dá ndéanadh an
Seanad gan imreas an reacht atá Connradh na
Gaedhilge ag iarraidh ortha a dhéanamh. Dá
ndéanaidís i dtosach é bheadh buidheachas ortha,
agus ní diombuadhach a bheithí dóibh anois féin dá
ndéanadaois é. Ní hé amháin sin acht bheadh an
tír uilig faoi gheasaibh cuidiughadh leis an Iolsgoil,
Connradh na Gaedhilge chomh maith leis na
Comhairlibh.



DIARMUID DONN.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services