Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha
Title
Ar Faithche na hImeartha
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Dhá chean de chluithchíbh fá réir Chomhaltuis Chúige Laighean da n-imirt annsúd Dia Domhnaigh, .i. cluithche báire idir scothaibh Chonntae Chill Choinnigh is Lughbhaidh; agus cluithche peile idir scothaibh Loch gCarmain is na Midhe. An Báire Ó thárla gan breis mhaitheas i muinntir Chonntae Lughbhaidh fós sa n-iomáin is iongnadh liom an Comhaltus dá gcur i gcoinnibh laochraidhe Chille Choinnigh. Is mó de dhíoghbháil a dhéanfadh a leith- éid ná de mhaith. Is gairid ó tosnuigheadh arís ar an mbáire i gCríochaibh Chuailnghe agus mara mbeadh a Gaedhlaighe atáthar ann agus a n-aigne bheith socair aca ar chlaoidhe leis an mbáire, chuirfadh cúrsaí an Domhnaigh lagmhisneach ortha. Ní mór don Chomhaltus féachaint rompa feasta má's mian leo sean-gleacaidheacht na nGaedhal a theacht i bhfeidhm arís ar fuid na tíre. Sidé an scór: Cill Choinnigh, 10-14; Lughbhaidh, 0-2. An Pheil Cluithche maith a b'eadh é sin, anuas go dtí an ceathramhadh uair a chluig deireannach. Um an dtaca soin do thréig muinntir Loch gCarmain a shean mhisneach, is bhí gach beart i bhfabhar muinntire na Midhe go dtí deireadh na dála. Sidé an scór: An Mhidhe, 1-11; Loch gCarmain, 0-6. Cluithche Cinn na Laighneach Imreochar an cluithche seo idir scothaibh Chille Choinnigh is Bhaile Átha Cliath ag Bóthar Mhic Seóin ar an seachtmhadh lá de Mhárta. Táille Báire Dia Domhnaigh i bPáirc Fionnuisce: Crócaigh, 2-6; Rath Ó Máine, 2-6. Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services