Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha

Title
Ar Faithche na hImeartha
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Dhá chean de chluithchíbh fá réir Chomhaltuis Chúige
Laighean da n-imirt annsúd Dia Domhnaigh, .i.
cluithche báire idir scothaibh Chonntae Chill Choinnigh
is Lughbhaidh; agus cluithche peile idir scothaibh Loch
gCarmain is na Midhe.



An Báire



Ó thárla gan breis mhaitheas i muinntir Chonntae
Lughbhaidh fós sa n-iomáin is iongnadh liom an
Comhaltus dá gcur i gcoinnibh laochraidhe Chille
Choinnigh. Is mó de dhíoghbháil a dhéanfadh a leith-
éid ná de mhaith. Is gairid ó tosnuigheadh arís ar an
mbáire i gCríochaibh Chuailnghe agus mara mbeadh
a Gaedhlaighe atáthar ann agus a n-aigne bheith
socair aca ar chlaoidhe leis an mbáire, chuirfadh
cúrsaí an Domhnaigh lagmhisneach ortha. Ní mór
don Chomhaltus féachaint rompa feasta má's
mian leo sean-gleacaidheacht na nGaedhal a theacht
i bhfeidhm arís ar fuid na tíre. Sidé an scór:
Cill Choinnigh, 10-14; Lughbhaidh, 0-2.



An Pheil



Cluithche maith a b'eadh é sin, anuas go dtí an
ceathramhadh uair a chluig deireannach. Um
an dtaca soin do thréig muinntir Loch gCarmain
a shean mhisneach, is bhí gach beart i bhfabhar
muinntire na Midhe go dtí deireadh na dála. Sidé
an scór: An Mhidhe, 1-11; Loch gCarmain, 0-6.



Cluithche Cinn na Laighneach



Imreochar an cluithche seo idir scothaibh Chille
Choinnigh is Bhaile Átha Cliath ag Bóthar Mhic Seóin
ar an seachtmhadh lá de Mhárta.



Táille Báire
Dia Domhnaigh i bPáirc Fionnuisce: Crócaigh,
2-6; Rath Ó Máine, 2-6.



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services