Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Bóthar Mhic Seóin
Title
Ar Faithche na hImeartha - Bóthar Mhic Seóin
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Bóthar Mhic Seóin Ag Bóthar Mhic Seóin Dia Domhnaigh do thárla tabhairt amach fé chúram an Chumainn Bháire i mBaile Átha Cliath. Bhí a lá ar fheabhus agus am imirt thar bárr, acht ní rómhór de shluagh a bhí ag féachaint ortha. Do fearadh cluithche báire ann idir na Dáibhisigh is na Fontanóigh; agus níor bh'fhiú mórán é. Níor dheallraidh sé go raibh a gcroidhe ag aon taobh aca sa n-obair, agus bhí na Dáibhisigh i n-easnamh trír nó ceathrair de scoth a bhfoirne féin. Ní dóigh liom go bhfuilimíd chomh mór i ndáiríribh chun na hiomána i mBaile Átha Cliath, agus a bhímís cúpla bliadhain ó soin. Ar aon chuma ní bhraithim orainn an dul ar aghaidh go mbeadh súil leis um an dtaca so. Ní féidir fós mórshluagh a bhailiughadh chun féachaint ar iomáin comórtuis i mBaile Átha Cliath. Is baoghal liom ná fuil Cumann na gCleas Lúith saor ó n-a mhilleán, ó chuid de ar chuma ar bith. Badh mhaith an rud dá gcuiridís dá n-imirt i mBaile Átha Cliath, ceann nó dhó sa bhliadhain de chluithchibh cinn an bháire. Chuirfadh soin misneach i lucht báire na cathrach agus mheallfadh na sluaighte chun dul ag féachaint ar an mbáire. An Pheil Do himreadh cluithche peile ann idir na Céitinnigh is fuireann ó Rinn Muirbhthean. Ba mhór an deifridheacht a bhí idir an gcluithche seo agus an báire i leith anamamhlachta is caladhan. Táid na Céitinnigh ag teacht chun cinn go maith, agus má leanaidh ortha ní dóichighe rud de 'ná go mbeidh an Chraobh aca. Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services