Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Bóthar Mhic Seóin

Title
Ar Faithche na hImeartha - Bóthar Mhic Seóin
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Bóthar Mhic Seóin



Ag Bóthar Mhic Seóin Dia Domhnaigh do thárla
tabhairt amach fé chúram an Chumainn Bháire i
mBaile Átha Cliath. Bhí a lá ar fheabhus agus
am imirt thar bárr, acht ní rómhór de shluagh a bhí
ag féachaint ortha.



Do fearadh cluithche báire ann idir na
Dáibhisigh is na Fontanóigh; agus níor bh'fhiú
mórán é. Níor dheallraidh sé go raibh a gcroidhe
ag aon taobh aca sa n-obair, agus bhí na
Dáibhisigh i n-easnamh trír nó ceathrair de scoth
a bhfoirne féin.



Ní dóigh liom go bhfuilimíd chomh mór i
ndáiríribh chun na hiomána i mBaile Átha Cliath,
agus a bhímís cúpla bliadhain ó soin. Ar aon
chuma ní bhraithim orainn an dul ar aghaidh go
mbeadh súil leis um an dtaca so. Ní féidir fós
mórshluagh a bhailiughadh chun féachaint ar iomáin
comórtuis i mBaile Átha Cliath. Is baoghal
liom ná fuil Cumann na gCleas Lúith saor ó n-a
mhilleán, ó chuid de ar chuma ar bith. Badh mhaith
an rud dá gcuiridís dá n-imirt i mBaile Átha
Cliath, ceann nó dhó sa bhliadhain de chluithchibh
cinn an bháire. Chuirfadh soin misneach i lucht
báire na cathrach agus mheallfadh na sluaighte
chun dul ag féachaint ar an mbáire.



An Pheil



Do himreadh cluithche peile ann idir na
Céitinnigh is fuireann ó Rinn Muirbhthean.
Ba mhór an deifridheacht a bhí idir an gcluithche
seo agus an báire i leith anamamhlachta is
caladhan. Táid na Céitinnigh ag teacht chun
cinn go maith, agus má leanaidh ortha ní dóichighe
rud de 'ná go mbeidh an Chraobh aca.



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services