Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail - Donnbó
Title
Cúrsaí an tSaoghail - Donnbó
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail. Donnbó Leabhar nuadh do cuireadh amach ar na laeth- eanntaibh seo thart do Dháil Uladh é seo. Ainm an chéad sgéil sa leabhar agus ainm an duine ar a bhfuil trácht sa sgéal Donnbó. Trí righ sgéalta atá ann agus laoi Fiannaidheachta. Feargus Mac Ríogh do chuir na sgéalta le chéile acht is sean-sgéalta iad de phrímh- sgéaltaibh na hÉireann. De réir an méid adeir Feargus ins an réamh-fhocal chár baineadh na sgéalta ó'n tsean-Ghaedhilg acht as tuairisg thugann Eoghan Ó Comhraidhe ar dhá cheann aca agus ó chunntas i mBéarla thug an ridire Somhairle nó Samuel Mac Feargus an tríomhadh ceann. Ar an ádhbhar sin, is dóigh liom go bhfuil athrughadh leagain ortha, na trí cinn i bhfarradh is mar bhí sa tsean- Ghaedhilg. Ní dóigh liom go rabh sean-sgéalta iad féin ar comhgar ag Feargus ná go rabh neart aige air gan na sgéalta do tharraingt nutha. Is mór an truaighe, is tuairim liom, óir gan géilleadh do gach uile rud adeir an Dr. de Hindeberg fa dtaoibh de'n Ghaedhilg atá againn dá sgríobhadh anois, is soilléir nach bhfuil ceachtar againn leath chomh Gaedhealach i n-ar n-intinn ná i n-ar dteangaidh is bhí ar sean- sinsear. Sílim go dtigeann sé as an méid seo nach feabhas thigeas ar sgéal nó ar litridheacht ar bith eile agus iad d'innsint as an stuaim féin agus i nGaedhilg an lae indiu. Tá sé d'fhiachaibh orainn go dearbhtha athrughadh éiginteach do chur ar an tsean-Ghaedhilg i modh 's gur féidir í thuigbheáil mar is beag duine a dtig leis an tsean-Ghaedhilg do léigheadh. Caithfear na focla ársaidhe do sgriosadh amach agus focla atá coitchionn i mbéalaibh na ndaoine do chur in a n-ionad, caithfear casadh nuadh do chur ar mórán de na foclaibh; agus ní annamh caithfear cor cainte a thuigfear do chur i n-ionad cor cainnte nach dtuigfidhe ag Gaedhilgeoiríbh na haimsire seo. Rud eile, cha deirim narbh féidir feabhas do chur ar na sgéaltaibh iad féin. 'Tchímíd ó sgéaltaibh mar Fleadh Bhicrinn agus Congal Cláiringaneach go bhfuil cruth na sean-sgéalta iad féin mar fághtar anois iad, truaillighthe go mór ó'n chuma do bhí ortha, de réir cosamhlachta i dtúis a n-óige. Chan fhuil mé i n-aghaidh na hathruighthe seo go léir nuair bhí so fáth léi; acht ní ionnan sa chás an mhéid seo uilig agus na sgéalta do sgríobhadh go húr-nuadh; agus b'fhearr liom féin cruth agus deanamh na sean-sgéal do choigilt agus do choimead acht amháin nuair a bheadh gábhadh mór le hathrughadh do dhéanamh agus annsin féin é dhéanamh go mall agus go cúramach, agus go hurramach fósta. Acht ní bhaineann seo go mór leis an sgéal mar dubhairt mé cheana féin chá rabh neart ag Feargus Mac Ríogh air, acht na sgéalta do sgríobhadh go húr-nuadh as a stuaim féin ná iad do leigint uaidh ar fad. Agus sgríobh sé go deas iad. Tá na sgéalta annso againn go cruinn deas. Tá an teanga ionnta go deas simplidhe; beagán de bhlas Chuigidh Uladh uirthi, beagán de bhlas na leabhar agus cuid mhór de'n Ghaedhilg mar gheibhtear í go coitcheann ar fud na hÉireann. Go dearbhtha tá casaoid 'ghá déanamh ag Feargus Mac Ríogh i n-a roimh-rádh gurbh éigin do chuid mhaith de chanamhain Cúigidh Uladh do ghlanadh amach as na sgéaltaibh ar tuairim na leightheoirí do mhol an leabhar do Dháil Uladh. Tá mé 'déanamh nár mhisde do na sgéaltaibh an canamhnas do maoladh. Léighfear na sgéalta so i ngach ceard d'Éirinn, agus ní mé ná go moithfear gur sgéalta Ultacha tá ionnta. Mar sin féin is i gCúigeadh Uladh is mó cuirfear spéis ionnta agus i gCúigeadh Uladh atá an dearg-ghábhadh leo. Rinneadh a laghad sin d'obair leabhra do chur i gcló dúinn i gCúigeadh Uladh go bhfuil daoine ann anois agus mheasann siad nárbh' fhiú acht dí-mheas an méid Gaedhilge atá againn i gCúigeadh Uladh. Acht tá Ulaidh ag “músgailt a meisnigh” sa deireadh agus is de thoradh na músgailte seo atá an leabhrán áluinn seo. Fá dtaoibh de na sgéaltaibh iad féin baineann an chéad sgéal leis an Bhóromha míodhbharach úd Laighean. Feargal rí Ailigh agus Árd-Rí na hÉireann do chuaidh ar shluaghacht chum tógbhála na Boróimhe san bhliadhain 722. (Sgríobhann Feargus Mac Ríogh Fearghal acht chá sílim gur ceart dó sin — tá an t-ainm beo againn i dTír Chonaill go fóill agus ní Fearghal tugtar air acht Feargal. Mar an gcéadna leis an ainm Fearghus; b'fhearr liom Feargus no Fergus). “Agus lár an gheimhridh fuair” a d'fhógair sé an tsluaghacht agus ba roighin leisgeamhail a bhí an t-arm dul leis ar an turas conntabhairteach sin; acht dubhairt gach uile dhuine go rachadh sé féin go fonnmhar dá rachadh Donnbó Mac Bantreabhaithe ó Charraig Mhacáire Rois buachaill grinn shuairc a radh ceol agus oirsideadh agus sgéaluidheacht aige ar fheabhas. Chuaidh Donnbó ar an tsluaghtacht sa deireadh acht chá dtainig sé ar ais. Marbhadh é i n-aoinfheacht leis an Árdrígh agus bunudhas Uladh i gcath Almhaine Laighean. Bhí geallta ag Donnbó ceol do ghabháil do'n Árd-rígh oidche lae an catha agus chomhallnaigh sé a ghealladh siúd is go rabh sé féin agus Feargal ar thaoibh na marbh. Is deas an sean-sgéal é agus blas ársaidh air. An dara sgéal atá sa leabhar, baineann sé le céasadh an ghrádha. “Baile Mac Buan” atá mar ainm air, agus an treas sgéal “Béal Cú agus Conall Cearnach” baineann sé le aimsir mhór-leathain. Curadh na Craoibhe Ruaidhe agus calmacht agus mór aigeantacht na gCuradh gcéadna agus a gcomh-aimsirí. Tá innsint ar an sgéal seo ag Ceitinn i n- a stair. Muinntir Bhreislin i nDoire agus Muinntir Ghill i mBaile Átha Cliath do craobhsgaoil an leabhar agus tá pictiúr deas ioldathach i dtús an leabhair do chló bhualadh i mBéil Féirsde. An Cló-Chumainn do chlódh bhuail an leabhar agus sé pighinne an luach atá air. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services