Cúrsaí an tSaoghail.
Donnbó
Leabhar nuadh do cuireadh amach ar na laeth-
eanntaibh seo thart do Dháil Uladh é seo. Ainm
an chéad sgéil sa leabhar agus ainm an duine
ar a bhfuil trácht sa sgéal Donnbó. Trí righ
sgéalta atá ann agus laoi Fiannaidheachta.
Feargus Mac Ríogh do chuir na sgéalta le
chéile acht is sean-sgéalta iad de phrímh-
sgéaltaibh na hÉireann. De réir an méid adeir
Feargus ins an réamh-fhocal chár baineadh na
sgéalta ó'n tsean-Ghaedhilg acht as tuairisg
thugann Eoghan Ó Comhraidhe ar dhá cheann aca
agus ó chunntas i mBéarla thug an ridire
Somhairle nó Samuel Mac Feargus an
tríomhadh ceann. Ar an ádhbhar sin, is
dóigh liom go bhfuil athrughadh leagain ortha,
na trí cinn i bhfarradh is mar bhí sa tsean-
Ghaedhilg. Ní dóigh liom go rabh sean-sgéalta
iad féin ar comhgar ag Feargus ná go rabh neart
aige air gan na sgéalta do tharraingt nutha.
Is mór an truaighe, is tuairim liom, óir gan
géilleadh do gach uile rud adeir an Dr. de
Hindeberg fa dtaoibh de'n Ghaedhilg atá againn
dá sgríobhadh anois, is soilléir nach bhfuil
ceachtar againn leath chomh Gaedhealach i n-ar
n-intinn ná i n-ar dteangaidh is bhí ar sean-
sinsear. Sílim go dtigeann sé as an méid seo
nach feabhas thigeas ar sgéal nó ar litridheacht
ar bith eile agus iad d'innsint as an stuaim féin
agus i nGaedhilg an lae indiu. Tá sé d'fhiachaibh
orainn go dearbhtha athrughadh éiginteach do chur
ar an tsean-Ghaedhilg i modh 's gur féidir í
thuigbheáil mar is beag duine a dtig leis an
tsean-Ghaedhilg do léigheadh. Caithfear na focla
ársaidhe do sgriosadh amach agus focla atá
coitchionn i mbéalaibh na ndaoine do chur in a
n-ionad, caithfear casadh nuadh do chur ar mórán
de na foclaibh; agus ní annamh caithfear cor
cainte a thuigfear do chur i n-ionad cor cainnte
nach dtuigfidhe ag Gaedhilgeoiríbh na haimsire
seo. Rud eile, cha deirim narbh féidir feabhas
do chur ar na sgéaltaibh iad féin. 'Tchímíd ó
sgéaltaibh mar Fleadh Bhicrinn agus Congal
Cláiringaneach go bhfuil cruth na sean-sgéalta
iad féin mar fághtar anois iad, truaillighthe
go mór ó'n chuma do bhí ortha, de réir
cosamhlachta i dtúis a n-óige. Chan fhuil
mé i n-aghaidh na hathruighthe seo go léir
nuair bhí so fáth léi; acht ní ionnan sa chás an
mhéid seo uilig agus na sgéalta do sgríobhadh
go húr-nuadh; agus b'fhearr liom féin cruth
agus deanamh na sean-sgéal do choigilt agus
do choimead acht amháin nuair a bheadh gábhadh mór
le hathrughadh do dhéanamh agus annsin féin é
dhéanamh go mall agus go cúramach, agus go
hurramach fósta.
Acht ní bhaineann seo go mór leis an sgéal
mar dubhairt mé cheana féin chá rabh neart ag
Feargus Mac Ríogh air, acht na sgéalta do
sgríobhadh go húr-nuadh as a stuaim féin ná iad
do leigint uaidh ar fad. Agus sgríobh sé go
deas iad. Tá na sgéalta annso againn go
cruinn deas. Tá an teanga ionnta go deas
simplidhe; beagán de bhlas Chuigidh Uladh
uirthi, beagán de bhlas na leabhar agus cuid mhór
de'n Ghaedhilg mar gheibhtear í go coitcheann ar
fud na hÉireann. Go dearbhtha tá casaoid 'ghá
déanamh ag Feargus Mac Ríogh i n-a roimh-rádh
gurbh éigin do chuid mhaith de chanamhain Cúigidh
Uladh do ghlanadh amach as na sgéaltaibh ar
tuairim na leightheoirí do mhol an leabhar do
Dháil Uladh. Tá mé 'déanamh nár mhisde do na
sgéaltaibh an canamhnas do maoladh. Léighfear
na sgéalta so i ngach ceard d'Éirinn, agus ní
mé ná go moithfear gur sgéalta Ultacha tá
ionnta. Mar sin féin is i gCúigeadh Uladh is
mó cuirfear spéis ionnta agus i gCúigeadh
Uladh atá an dearg-ghábhadh leo. Rinneadh a
laghad sin d'obair leabhra do chur i gcló dúinn
i gCúigeadh Uladh go bhfuil daoine ann anois
agus mheasann siad nárbh' fhiú acht dí-mheas an
méid Gaedhilge atá againn i gCúigeadh Uladh.
Acht tá Ulaidh ag “músgailt a meisnigh” sa
deireadh agus is de thoradh na músgailte seo
atá an leabhrán áluinn seo.
Fá dtaoibh de na sgéaltaibh iad féin baineann
an chéad sgéal leis an Bhóromha míodhbharach úd
Laighean. Feargal rí Ailigh agus Árd-Rí na
hÉireann do chuaidh ar shluaghacht chum tógbhála
na Boróimhe san bhliadhain 722. (Sgríobhann
Feargus Mac Ríogh Fearghal acht chá sílim gur
ceart dó sin — tá an t-ainm beo againn i dTír
Chonaill go fóill agus ní Fearghal tugtar air
acht Feargal. Mar an gcéadna leis an ainm
Fearghus; b'fhearr liom Feargus no Fergus).
“Agus lár an gheimhridh fuair” a d'fhógair sé an
tsluaghacht agus ba roighin leisgeamhail a bhí an
t-arm dul leis ar an turas conntabhairteach
sin; acht dubhairt gach uile dhuine go rachadh sé féin
go fonnmhar dá rachadh Donnbó Mac Bantreabhaithe
ó Charraig Mhacáire Rois buachaill grinn shuairc
a radh ceol agus oirsideadh agus sgéaluidheacht
aige ar fheabhas. Chuaidh Donnbó ar an tsluaghtacht
sa deireadh acht chá dtainig sé ar ais. Marbhadh
é i n-aoinfheacht leis an Árdrígh agus bunudhas
Uladh i gcath Almhaine Laighean. Bhí geallta
ag Donnbó ceol do ghabháil do'n Árd-rígh oidche
lae an catha agus chomhallnaigh sé a ghealladh
siúd is go rabh sé féin agus Feargal ar thaoibh na
marbh. Is deas an sean-sgéal é agus blas
ársaidh air. An dara sgéal atá sa leabhar,
baineann sé le céasadh an ghrádha. “Baile Mac
Buan” atá mar ainm air, agus an treas sgéal
“Béal Cú agus Conall Cearnach” baineann sé
le aimsir mhór-leathain. Curadh na Craoibhe
Ruaidhe agus calmacht agus mór aigeantacht
na gCuradh gcéadna agus a gcomh-aimsirí.
Tá innsint ar an sgéal seo ag Ceitinn i n-
a stair.
Muinntir Bhreislin i nDoire agus Muinntir
Ghill i mBaile Átha Cliath do craobhsgaoil an
leabhar agus tá pictiúr deas ioldathach i dtús
an leabhair do chló bhualadh i mBéil Féirsde.
An Cló-Chumainn do chlódh bhuail an leabhar agus
sé pighinne an luach atá air.
Cú Uladh