Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Gaedheal 'n-a Fheallsamhain - Cóir Maireachtana
Title
An Gaedheal 'n-a Fheallsamhain - Cóir Maireachtana
Author(s)
Ó Catháin, Giollabhríghde,
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Gaedheal 'n-a Fheallsamhain. Cóir Maireachtana. (Ar leanamhaint) Dá gcuirfidhe de cheist é ar mhórán “Caidé rud do tuirse téideog no caidé an fáth is gnáthaighe léi?” is dóichighe gurab é freagra do gheobhfaidhe asta ná “iomshaothar inchinne fá ndear.” Acht ní fheadar an bhfuil aon ughdarás fóghanta ó lucht leighis leis an tuairim seo, agus maidir le cuid aca go bhfuil tús céime i n-eolas an leagha ag dul dóibh, is eol dam go ndéantar a séanadh leo. De réir mhéid m'eolais níl aon chruthamhnas ag teacht uatha go bhfágtar lagar téideog agus díth sláinte mar iarsma saothair intinne acht chomh beag agus leanann an t-iarsma so d'iomshaothar reatha nó iomrámha nó rómhair nó d'aon obair láimh eile. Dá dhéine obair inchinne a chuirtear díot gan í bheith thar fóir, is amhlaidh is feairrde thú. Acht an obair chéadna a dhéanamh ro-dhéidheannach istoidhche nó i n-oifig bhrothallach ar easbadh ghlan-aodhair, nó dá dhéanamh tráth go bhfuiltear fá mhearughadh mhean- man agus buaidhreadh nó dubhrón — a mhalairt de sgéal é sin. Ní hí an obair inntleachta acht an obair ‘siansach’ fá ndear na heasláinte. 'Sé bun agus barr agus tús agus deireadh na n-aicíd dteideogach, ná ‘an buaidhreadh.’ Is fíor, leis, gur maille le saothar inchinne is minice do fhromhthar buaidhreadh. Is suarach a bhainneann de bhuaidhreadh le buachaill an treabhtha. Ní bhíonn air-sean acht tuirse. Is an fear stiúruighthe na feirme d'imreann an buaidhreadh agus an crádh saoghail. Ní ar an gcailín aim- sire is déine ghoilleann obair tigheachais acht ar an máighistreas go bhfuil riar gné cáis aici. Beidh an cailín aimsire agus an buachaill treabhtha ag breathnughadh go láidir folláin, agus go haereach lá saoire, d'éis a saothair. Acht i bpáirt an fheirmeora nó mná an tighe, is cuma lá saoire nó lá oibre, beidh na claiseanna céadna dá ngearradh i n-éadan agus um shúilibh dóibh — rian an bhuaidheartha agus na himnidhe. Agus a ndála sin do'n chléireach ins an oifig, do'n cheannaidhe, do'n mhúinteoir, do'n liaigh, d'aos sgríbhneoireach — chífear gur d'obair inchinne do shachtrughadh agus an buaidhreadh do sheachaint. Tá an dá bhealach chuige — comhacht sna colna ar an aigne agus réim an aigeanta ar an gcolainn. Dá léigfidhe an t-abradh deireannach so ag lucht fheallsamhnais 'sé is dóichighe go ndéar- faidhe leo “An Gaedheal i n-a Fheallsamhain! Truagh an Gaedheal agus a chuid fheallsamhnais! Bhí feallsamhnas a leithéid acht lom an ‘Ádhbharachais’ — comhacht na colna ar an aigne. Colann agus aigne mar dhá rud fá leith ar a gcumasg trí chéile agus ag troid le chéile!” Ní gan fáth an cáineadh so, agus is cinnte go ndéanfainn féin ag léigheamh a leithéid domh-sa. 'Sé mo leithsgéal gur féidir, maidir le gnóthaibh áirithe, trácht do dhéanamh ortha amhail dá mba dhá rud fá leith é; agus ó b'é sin ba ghnáthaighe nós i gcanamhain choitchinn an ghnáth-dhuine — táim ag leanamhaint dó ag trácht ar na healadhntaibh íochtair mar atá Colainneolas agus a leithéid. I gcanamhain na liagh badh chóraidhe a rádh “comhacht na bhfeidhm n-íseal ar feidhmeannaibh uachtair na hinchinne,” agus i gcanamhain na bhfeallsamhain, “comhacht na meanm-ghníomhachta i n-a riocht-oibrighthe is ísle ar a hoibhriughadh féin ar na reachtaibh is aoirde.” An té gurab eol do an slabhradh úd Aireastótail ó neimhnídh go láin-bhioth — ó ghlan-fhulaingtheacht agus glan- ‘chumasacht’ go dtí glan-ghníomhacht — tuigfear dó go amhail do bhreathnuighthear an saoghal do'n dá dream so romhain ar an slíghe céadna acht amháin go bhfuil aghaidh na nádúir-eolaidhe agus lucht an Ádhbharachais tugtha ar an mbealach siar — go dtí an neimhnidh — ar chuma go mb'áil leo gach éinnídh d'oirbheirt i “dtéarmaíbh” an Ádhbhair; dála na bhfeallsamhan, tá a bhfeachaint sin i gcomhnaidhe chun láin-bhioth. Féach an tsraith, seo, mar adéarfadh lucht an Airímheolais 10/0, 100/10, 10/2, .3, 25/50 'Sé atá lucht Ádhbharachais ag iarraidh a dhéanamh, an tsraith so d'oirbheirt i dtéarmaíbh 0; 'sé mian na bhfeallsamhain í d'oirbheirt i dtéarmaíbh an aonda 1. Leanfam, mar sin de, do'n ghnáth-chainnt, agus bíodh ar dtracht ar chomhacht na colna ar an aigne. An duine go bhfuil obair inchinne air mar ghnó, tabharadh sé aire dá shláinte chuirp, ar chuma go mbíonn a ghléas díleaghtha i gcaoi mhaith aige. 'Sé dlús is fearr chuige seo ná gan an iomarca d'aon bhiadh amháin do chaitheamh agus biadh trom, do sheachaint. An té go mbíonn obair inchinne air de ghnáth, is chun a chinn is mó théidheann a chuid fola; mar sin de, má's áil leis gan an gléas dileagtha as réir, ní fuláir dó bheith aireach gan iomarca saothair do chur air ag díleaghadh bhídh láidir; agus cabhair thabhairt dó, leis, ag tarraing na fola ó'n cheann anuas leis an ‘spreachadh’ (nó an ‘stimulus’ mar do thugann lucht ealadhna air) do gheobhfaidhe as iliomad bhídh. Ní holc an sás chun sos do thabhairt do'n ghléas téadruigh an fhuil do sheoladh ar a mhalairt de bhealach seachas an bealach go dtí an ceann. Saothrughadh na mball eile is gnáthach mar áis chuige seo. Is feairrde go mór na téideoga iomshaothar ró-reatha nó tamall de'n speil ag baint arbhair. (Tuilleadh) GIOLLABHRÍGHDE Ó CATHÁIN
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services