Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Gaedheal 'n-a Fheallsamhain - Cóir Maireachtana

Title
An Gaedheal 'n-a Fheallsamhain - Cóir Maireachtana
Author(s)
Ó Catháin, Giollabhríghde,
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Gaedheal 'n-a Fheallsamhain.



Cóir Maireachtana.



(Ar leanamhaint)



Dá gcuirfidhe de cheist é ar mhórán “Caidé
rud do tuirse téideog no caidé an fáth is
gnáthaighe léi?” is dóichighe gurab é freagra
do gheobhfaidhe asta ná “iomshaothar inchinne fá
ndear.” Acht ní fheadar an bhfuil aon ughdarás
fóghanta ó lucht leighis leis an tuairim seo, agus
maidir le cuid aca go bhfuil tús céime i n-eolas
an leagha ag dul dóibh, is eol dam go ndéantar
a séanadh leo. De réir mhéid m'eolais níl aon
chruthamhnas ag teacht uatha go bhfágtar lagar
téideog agus díth sláinte mar iarsma saothair
intinne acht chomh beag agus leanann an t-iarsma
so d'iomshaothar reatha nó iomrámha nó rómhair
nó d'aon obair láimh eile. Dá dhéine obair
inchinne a chuirtear díot gan í bheith thar fóir, is
amhlaidh is feairrde thú. Acht an obair chéadna
a dhéanamh ro-dhéidheannach istoidhche nó i n-oifig
bhrothallach ar easbadh ghlan-aodhair, nó dá
dhéanamh tráth go bhfuiltear fá mhearughadh mhean-
man agus buaidhreadh nó dubhrón — a mhalairt
de sgéal é sin. Ní hí an obair inntleachta
acht an obair ‘siansach’ fá ndear na heasláinte.
'Sé bun agus barr agus tús agus deireadh
na n-aicíd dteideogach, ná ‘an buaidhreadh.’
Is fíor, leis, gur maille le saothar inchinne is
minice do fhromhthar buaidhreadh. Is suarach
a bhainneann de bhuaidhreadh le buachaill an treabhtha.
Ní bhíonn air-sean acht tuirse. Is an fear
stiúruighthe na feirme d'imreann an buaidhreadh
agus an crádh saoghail. Ní ar an gcailín aim-
sire is déine ghoilleann obair tigheachais acht
ar an máighistreas go bhfuil riar gné cáis aici.
Beidh an cailín aimsire agus an buachaill
treabhtha ag breathnughadh go láidir folláin,
agus go haereach lá saoire, d'éis a saothair.
Acht i bpáirt an fheirmeora nó mná an tighe,
is cuma lá saoire nó lá oibre, beidh na claiseanna
céadna dá ngearradh i n-éadan agus um shúilibh
dóibh — rian an bhuaidheartha agus na himnidhe.
Agus a ndála sin do'n chléireach ins an oifig,
do'n cheannaidhe, do'n mhúinteoir, do'n liaigh,
d'aos sgríbhneoireach — chífear gur d'obair
inchinne do shachtrughadh agus an buaidhreadh do
sheachaint. Tá an dá bhealach chuige — comhacht sna
colna ar an aigne agus réim an aigeanta ar an
gcolainn.



Dá léigfidhe an t-abradh deireannach so ag
lucht fheallsamhnais 'sé is dóichighe go ndéar-
faidhe leo “An Gaedheal i n-a Fheallsamhain!
Truagh an Gaedheal agus a chuid fheallsamhnais!
Bhí feallsamhnas a leithéid acht lom an
‘Ádhbharachais’ — comhacht na colna ar an aigne.
Colann agus aigne mar dhá rud fá leith ar a
gcumasg trí chéile agus ag troid le chéile!”
Ní gan fáth an cáineadh so, agus is cinnte go
ndéanfainn féin ag léigheamh a leithéid domh-sa.
'Sé mo leithsgéal gur féidir, maidir le gnóthaibh
áirithe, trácht do dhéanamh ortha amhail dá mba
dhá rud fá leith é; agus ó b'é sin ba ghnáthaighe
nós i gcanamhain choitchinn an ghnáth-dhuine — táim
ag leanamhaint dó ag trácht ar na healadhntaibh
íochtair mar atá Colainneolas agus a leithéid.
I gcanamhain na liagh badh chóraidhe a rádh
“comhacht na bhfeidhm n-íseal ar feidhmeannaibh
uachtair na hinchinne,” agus i gcanamhain na
bhfeallsamhain, “comhacht na meanm-ghníomhachta
i n-a riocht-oibrighthe is ísle ar a hoibhriughadh féin
ar na reachtaibh is aoirde.” An té gurab eol
do an slabhradh úd Aireastótail ó neimhnídh go
láin-bhioth — ó ghlan-fhulaingtheacht agus glan-
‘chumasacht’ go dtí glan-ghníomhacht — tuigfear
dó go amhail do bhreathnuighthear an saoghal do'n
dá dream so romhain ar an slíghe céadna acht
amháin go bhfuil aghaidh na nádúir-eolaidhe agus
lucht an Ádhbharachais tugtha ar an mbealach
siar — go dtí an neimhnidh — ar chuma go mb'áil
leo gach éinnídh d'oirbheirt i “dtéarmaíbh” an
Ádhbhair; dála na bhfeallsamhan, tá a bhfeachaint
sin i gcomhnaidhe chun láin-bhioth. Féach an
tsraith, seo, mar adéarfadh lucht an Airímheolais
10/0, 100/10, 10/2, .3, 25/50



'Sé atá lucht Ádhbharachais ag iarraidh a
dhéanamh, an tsraith so d'oirbheirt i dtéarmaíbh
0; 'sé mian na bhfeallsamhain í d'oirbheirt i
dtéarmaíbh an aonda 1.



Leanfam, mar sin de, do'n ghnáth-chainnt,
agus bíodh ar dtracht ar chomhacht na colna ar an
aigne. An duine go bhfuil obair inchinne air
mar ghnó, tabharadh sé aire dá shláinte chuirp,
ar chuma go mbíonn a ghléas díleaghtha i gcaoi
mhaith aige. 'Sé dlús is fearr chuige seo ná gan
an iomarca d'aon bhiadh amháin do chaitheamh
agus biadh trom, do sheachaint. An té go
mbíonn obair inchinne air de ghnáth, is chun a chinn
is mó théidheann a chuid fola; mar sin de, má's
áil leis gan an gléas dileagtha as réir, ní fuláir
dó bheith aireach gan iomarca saothair do chur air
ag díleaghadh bhídh láidir; agus cabhair thabhairt
dó, leis, ag tarraing na fola ó'n cheann anuas
leis an ‘spreachadh’ (nó an ‘stimulus’ mar
do thugann lucht ealadhna air) do gheobhfaidhe as
iliomad bhídh.



Ní holc an sás chun sos do thabhairt do'n
ghléas téadruigh an fhuil do sheoladh ar a mhalairt
de bhealach seachas an bealach go dtí an ceann.
Saothrughadh na mball eile is gnáthach mar áis
chuige seo. Is feairrde go mór na téideoga
iomshaothar ró-reatha nó tamall de'n speil
ag baint arbhair.



(Tuilleadh)



GIOLLABHRÍGHDE Ó CATHÁIN

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services