Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail - An Ghaedhealg ins na hIolsgolaibh Nuadha
Title
Cúrsaí an tSaoghail - An Ghaedhealg ins na hIolsgolaibh Nuadha
Author(s)
Ua Nualláin, Tomás,
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail. An Ghaedhealg ins na hIolsgolaibh Nuadha. [Aiste do léigheadh os comhair Cumainn Ghaedhilge Coláiste na hIolsgoile. Seo í an aiste a bhain a óráid as an tAthair Liam Ó Dubhshláinge.] Cad chuige iolsgoileanna an domhain? Atá, chun foghluma léighinn agus eagna do bheith ag cách. Cad iad na cineáil léighinn is ceart do bheith ag gach droing chleachtas bheith i n-Iolsgolaibh agus taithighe do dhéanamh díobh? Is follus gur cóir cead do bheith ag gach aon duine ar gach aon tsórd eolais do leanamhain agus do lorgaireacht acht gurab é is fíor-eolas ann, eolas atá fighte fuaighte leis an bhfírinne. An féidir fíor-eolas na fírinne d'fhágháil as an nGaedhilg? Is féidir do Ghaedheal é má's maith leis é. Ní fhuil craobh eolais ar bith nach féidir a nochtadh as Gaedhilg. De réir leabhair iol-oideachais na Breatan dó an Encyclopedia Britannica tá an méid seo léiginn le fágháil i litridheacht na Gaedhilge: (1) Gramadaigí agus sanasáin, (2) Annála geinealaigh, agus craobhacha coibhneasa. (3) Staire. (4) Finnsgéalta Fiannaidheachta. (5) Filidheacht, rannaireacht, duanaireacht, agus amhráin, (6) Aoir, (7) Litridheacht diadha, beathaidh na naomh &rl., (8) Ealadha bhreitheamh- nais tuaithe, (9) Ealadha léighis agus michainice, (10) Tiontuighthe éagsamhla a teangthachaibh eile. Ní fhuil dán, ealadha, ná craobh eolais ar bith nach féidir iad do mhíniughadh go cruinn beacht agus a dtuigsint go léir a Gaedhilg. Bíodh a fhiadhnaise sin ar an dteist do bheir saoithe sheanchusa agus lóchrainn léighinn an domhain láimhe mar atá Hyde, Nutt, Edwards, Stern, Zimmer, Windisch, Strachan, Meyer, Stokes, Dottin, de Jubainbille, Gaidoz, York, Powell, Line, Poole, Pedersen, Bugge, Sarduw, Ascoli, agus mórán eile nach n-áirmhim annseo. Tá de áilneacht, de aoibhneas, de chruinneas, de fhírinne, de dhiadhacht, de ghlan-eolas i litridheacht Gaedhilge is nach féidir a sárughadh acht san nGréag. Adeir Owen M. Edwards, Ollamh i nOxford, gur mhór an díoghbháil do fheabhas oideachais na hÉireann an Ghaedhealg d'fhágháil amuigh ar aon chuma. Adeir Alfred Nutt gurab í litridheacht na sean-Éireann an litridheacht is arsa mianach agus cruth dá bhfuil ar dhruim na hEorpa nuaidhe. Adeir gach aon duine eile de na hollamhnaibh adubhramair gur mhór an éagcóir é gan cothrom na féinne agus fír fear do thabhairt do'n Ghaedhilge agus adeirim féin nach aon éagcóir é ar Éireannach óg ar bith ar mhaith leis dul go hathasach trí na hiolsgoileannaibh nuadha so agus a ghrádh do ghabháil go caithréimeach a chur d'fhiachaibh air an Ghaedhealg do thoghadh mar ádhbhar léighinn is sgrúdhuighthe. Ins an Iolsgoil seo againne atá anois i riocht a bhásuighthe .i. Iolsgoil ríoghdha na hÉireann, bíodh Laidean, Béarla, agus an healadhnta Áirmhe is Dúl de riachtanas ar gach mac léighinn ins an chéad dá sgrúdughadh, mar atá an mháitriogláid nó Matriculation agus an chéad sgrúdughadh is na hEaladhonaibh. Ní abradh aoinneach gur éagcóir agus foiréigean an méid sin. Dá mbadh mhaith le duine san Iolsgoil chaillte sin an Ghréag do thóghadh i gcomhair an Chéad Sgrúduighthe re hEaladhnaibh ní bhíodh de cead aige an Fhrainncis nó an Ghaedhealg nó an Ghearmáinis do thóghadh. Dá mbadh áil leis an Ghaedhealg do thóghadh ní thugadh cead do an Ghréag nó an Ghearmáinis nó an Fhrainncis do thoghadh. Agus mar sin dhóibh. Is eadh dhlighthear is na hiolsgoilaibh nuadha so an Ghaedhealg do chur i gcothrom agus i gcóimhréim le gach ádhbhar foghluma eile. B'shin é a láighead de'n sgéal. Rud a b'fhearr ná soin fógradh céard agus í slighe bhus fhollus do chách go gcaitfeadh gach mac léighinn bheith i n-innmhe dhul go háthasach tríd an chéad dá sgrúdhughadh maille le Gaedhilg bheith aige ó'n mbliadhain 1911 amach. Éire an tír seo agus Gaedhealg an teanga a bhí dhá labhairt innti leis na céadtaibh bliadhan, agus is é atá uainn an Ghaedhealg do bheith san réim is dual di .i. ar uachtar. Ní fhuil teanga ar domhan is cruaidhe d'fhoghluim 'ná an Ghaedhealg. Is beag teanga is líonmhaire focal 'ná í. Ní fheadar-sa an bhfuil teanga ar bith chomh casta leis an sean-Ghaedhilg. Ní fhuil teanga is fearr chun inntleachta an duine do chur ag obair 'ná í. Féach an bhriathar agus a phrónóimin inmheadhonacha. An bhfaca duine riamh rud níos aicillidhe, níos gasta, níos géar-chúisighe 'ná na prónóimin inmheadhonacha céadna? Ma's toil le saoi a aigne bheith fáisgthe le fírinne agus bheith fuinte le gaois cromadh sé ar an sean- Ghaedhilg d'fhoghluim. Ní bhuaidheann an Ghréag féin ar an nGaedhilg seo againne maidir le doimhne agus dronchéill. Ní abraim nach fearr litridheacht na Gréige 'ná ar litridheacht-ne ar chuma acht adeirim nach bhfuil aidhme urlabhartha ná uirlis cainnte is bríoghmhaire chun smaointe duine do nochtadh 'ná an Ghaedhealg. Ní abróchadh aoinneach a bhfuil eolas aige go raibh riamh aon Homer againne ná Fergil ná Dánte ná Shacspeare. Acht tá prós na Gaedhilge chomh maith le próis ar bith. Ní beag de theist dá shuidhiughadh soin Táin Bó Cuailgne, Imtheachta Aeniasa, An Díonbhrollach agus Foras Feasa ar Éirinn, Beatha Choluim Cille do sgríobh Mághnus Ua Domhnaill, Caithréim Chonaill Chláireinig, Beathaidhe na Naomh Páisí ó'n Leabhar Breac. Badh chóir go mbeadh gach aon chaoi agus chaothamhlacht ag macaibh léighinn na n-iolsgol nuadh so leis na leabhraibh sin romhaim agus gach aon Leabhar Gaedhilge eile do léigheamh agus d'fhoghluim. Teanga de mhór-theangachaibh an domhain an Ghaedhealg agus do bheadh sé i n-aghaidh nádúra gan cuidiughadh le foghluim na Gaedhilge ar gach aon cuma, n-iolsgolaibh na hÉireann. Adeir an Leabhar Laighneach ar leathanach a dó gur saoi na n-uile mBéarla Nél mac Féiniusa Farsaidh agus gurab uime “táncas an a cheadh ó Fhoraind (rí na hÉigiste) d'fhoghluim na n-Ilbhérla uadh.” Bhí cion agus meas ag Gaedhealaibh i gcomhnaidhe ar fhoghluim. Adeir Seathrún Céitinn is an Díonbhrollach, leath. a 4, gur mór de thearmannaibh do bhronn uaisle na hÉireann d'ollamhnaibh Éireann, agus fós gur minic a thugadar gairm sgoile uatha nós nár chlos ag aon droing eile san Eoraip. Adeir sé fós ar leath. a 36 nach Críostaidhe acht Páganach a mhúchann an teanga bhíos roimhe san gcrích. Adeirim-se muna gcuirfear an Ghaedhealg go caithréimeach ollbhuadhach is an Iolsgoil gurab ionann agus bás di é agus bás d'Éirinn é, “óir ní féidir an teanga do dhíbirt gan an lucht dar teanga í do dhíbirt,” 1 agus ní féidir d'Iolsgoil Éireann rath a bheith uirthi gan an Ghaedhilg agus na Gaedhealaibh. Is í an Ghaedhealg amháin is teanga díleas do'n tír seo. Tá “Éire 'n-a ríoghacht ar leith léi féin,” agus ní theastuigheann Iolsgoil Gallda uaithi. Tá a dóthain díobh-san aici cheana. Na hollamhain do bhí i nÉirinn i n-allód do chumadar-san breitheamhnas, leigheas, filidheacht, agus ceol. 2 Bíodh saor-chead agus caothamhlacht iomlán ag aos óg na nÉireannach leis na healadhnta Gaedhealacha so d'fhoghluim. “Tugtar a urraim féin do'n tseanchus is na neithibh seo,” adeir Chamden agus Seathrún Séitinn. 3 “A cuimhne ró-dhuibheacánta, seanchusa tairrngid (na hÉireannaigh) a stáire féin, ionnus ná fuil i n-uile sheanchus na n-uile chineadh eile acht nuaidheacht nó beagnach naoidheantacht láimh re seanchus na hÉireann.” 1* Bíodh cathaoir sheanchusa na hÉireann is an Iolsgoil agus bíodh a leor- dhóthain airgid ag an ollamhain shuidhfeas innti chun seanchusa do mhúineadh go reachtmhar ionnus nach mbeadh an Éire so againne i n-ainbhfios níos sia ar mhór-shaothar na n-ollamhan agus na suadh d'imthigh romhainn isan tír ársaigh seo mar atá Seathrún Céitinn, Lughaidh Ua Cléirigh, Fearfeasa Ua Maolchonaire, Mícheál Ua Cléirigh, Dúbhaltach Mac Firbhísigh, Feardhomhnach, Cormac Mac Cuileannáin, Aengus Céile Dé, Maolmhuire Ua Chuinn na mBocht, Cuan ua Lócháin, Cinaodh Ua hAirteagáin, Fionn Mac Gormáin, Giolla Cathmhain, Giolla Íosa Mac Firbhísigh, Maghnus Ua Duibhgeanáin, agus an-chuid suadh agus seanchaidhthe eile nach iad. “Ag so an teist dobheir Mr. Good, sagart Sacsanach do bhí ag seoladh sgoile i Luimneach, ar Éireannachaibh an tan fá haois do'n tighearna míle cúig céad sé bliadna is trí fichid: “cineadh so (ar sé) atá láidir i gcorp agus atá cúthmhar ag a mbí intinn fhoirthill árd inntleacht ghéar.” 2 Is é is dóigh liom go loitfear inntleachta na nGaedheal muna mbeadh sé dhá cothughadh a teangaidh dhúthchais na tíre .i. an Ghaedhealg. Adeir Spencer gurab ó Éireannachaibh fuaradar na Sacsanaigh aibghidir ar dtús, agus dá réir sin ní raibhe fhios liteardhachta ar bioth ag na Sacsanaighibh go bhfuaradar ó Éireannachaibh í. 3 Is eadh, agus muna bhfuighfear cóir agus ceart do'n Ghaedhilg is na hIolsgolaibh is beag liteardhacht a bhéas dá léigheamh agus dá tuigsint i nÉirinn na haimsire seo chugainn. Adeir Seathrún Céitinn ar leath. a 70 dá Dhíonbhrollach go n-abrann Camden gurab nós d'Éireannchaibh, breitheamhain, leagha, seanchadha, filidhe, agus aos téad do bheith ag a n-uaislibh agus tearmainn do bhronnadh dóibh agus fós saoirse do bheith ag a bpearsannaibh ag a bhfearann, agus ag a spréidh. Ag so mar adeir (Camden) ag labhairt ortha — Atá, ar sé, ag na flathaibh seo a ndlíghtheoirí féin, dá ngairid breitheamhain, a stáirtheoirí féin re sgríobhadh a ngníomh, a leagha, a bhfilidhe, dá ngairid báird, agus a lucht seannma, agus fearann cinnte do gach aon díobh so, agus gach aon díobh ag áitiughadh i n-a fhearann féin, agus fós gach aon díobh de thréibh chinnte fá seach; mar atáid na breitheamhain de threibh agus de shloinneadh d'áirithe, na seanchadha nó na stáirtheoirí de threib agus de shloinneadh eile agus mar sin do chách ó sin amach, do sheoladaois a gclann agus a ngaolta gach 1 Díonbhrollach, L. 38. 2. ib. 40. 3. ib. 44. 1* ib. 44 2* ib. 64 3* 66.
aon diobh i n-a chéird féin agus bíd lucht a leanta is na healadhnaibh seo díobh féin de shíor. As na briathraibh seo Chamden, ar Seathrún Céitinn, is follus gurab maith an t-ordughadh do chuireadar Éireannaigh síos re coimeád na n-ealadan so i nÉirinn ó aimsir go haimsir. Óir tugadar fearann ollmhantachta do gach treibh díobh ionnus go mbiadh cothughadh aca ortha féin le saothrughadh na n-ealadhan go nach cuirfeadh bochtacht dá ndruim iad; agus fós is é an tí fá deasgnaighthe de'n treibh sin nó de'n treibh eile do gheibheadh ollamhantacht na flaithe fearainn do bhíodh aige agus tigeadh de sin gach aon díobh do dhéanamh díchill ar bheith ró-eolach i n-a n-ealadhain féin i ndóigh re greamughadh na hollamhantachta tar an gcuid eile dá thréibh. Agus is mar sin do ghníthear do'n leith thall d'fhairrge anois le mórán théid do bhuain cathaoireach amach a los a bhfoghluma. Is móide fós do féadadh na healadhna so do choiméad mar do orduigheadar uaisle Éireann tearmann agus comairce do bheith ag fearann ag pearsannaibh agus ag spréidh na n-ollamhan; óir an tan do bhídis Gaedhil agus Gaill easaontach re chéile nach chuirfidís buaidhreadh ná toirmeasg ar na hollamhnaibh ná ar na dalthaidhaibh foghluma do bhíodh aca dá dtoirmeasg ó shaothrughadh na n-ealadhan. Gonuige sin Seathún Céitinn dá nochtadh dhúinn go mbíodh meas agus cádhas ar lucht léighinn agus ar aos foghluma i nÉirinn nuair a bhíodh gach aon ní da múineadh a Gaedhilg. Ní bheadh aon meas choidhche ar léigheann i nÉirinn agus í Gallda. Agus is Gallda a bheas sí go deo muna mbeidh an Ghaedhealg dá múineadh i n-iol- sgolaibh na tíre. Beidh Éire ag dul i mbáthadh muna mbeidh an Ghaedhealg ann agus í dá múineadh go saor caoitheamhail reachtmhar. Adeir Seathrún Céitinn ar leath. 150 in n-a Fhoras Feasa ar Éirinn gur minic do chuadar dronga dearsgnaighthe do dhiadhairíbh agus d'fheallsamhnaibh agus mórán do dhaoinibh eolcha eagnaidhe eile a hÉirinn fo chríochaibh oirdhearca Eorpa do mhúnadh cléire agus coimhthonól agus do theagasg sgol gcoitcheann. Bhíodh an Ghaedhealg i n-uachtar an uair sin i n-Iolsgolaibh na h-Éireann; Adeir Petrie is an leabhar darab ainm “Na Cloigthighe” nó The Round Towers ar leath. 137 go mbíodh daoine ag teacht i nÉirinn ó Shasana, ó'n bhFrainnc, ó'n Iodáil, agus fiú ó'n Éigipt chun foghluim do bhailiughadh leo. Is beag duine a thiocfas ó rannaibh iasacht an domhain go dtí Iolsgola na hÉireann munab amhlaidh a bhéas an sgéal gurab sgoltacha Gaedhealacha iad. Ní thiocfar i nÉirinn acht chun foghluma na hÉireann d'fhágháil agus ní foghluim Éireannach go foghluim Ghaedhilge. Bhíodh seacht míle mac léighinn ag foghluim i Sgoil Mhóir Árda Macha. 1 Beirt Shasanach adubhairt an méid sin. Adeir Sir William Wilde2 gurab ó sgoil Cluana Eraird do fhás mórán de'n fhoghluim dá bhfuil ag saoithibh na Breatain agus na hEorpa. Deirthear go mbíodh trí míle mac léighinn ag sgoil Beannachoir. Adeir Sir James Ware gurab í áireamh na mór-sgol i nÉirinn a ceathair is trí fichid is céad. Bhí an Ghaedhealg i lán-réim agus i n-uachtar an t-am soin. Do mhúin Finnian naomhtha an Sgrioptúir ar feadh seacht mbliadhan. Do chuir San Gall roimhe Gramadaigh agus Filidheacht d'fhoghluim. Adeir Naomh Cuimín gur infhiúch sé go géar ar bharamhlaibh na n-Eabhrach, na nGréagach, na Románach agus luchta na hÉigipte. Do rinne Cuimín Fada coimh-mheas na Sgriop- túire Laidne agus na Sgrioptúire Eabhra. Is follus a saothar Thighearaigh Cluana Maccu Nóis gur bh'eol do leabhair Eusebius, Orosius, Africanus, Baeda, Ioséphus, Cirin, agus móráin ughdar eile. Do mhúin Maoldubh, Gaedheal a bhunadh, an Laidean, an Ghréag, agus an Eabhra do Aldhelm naomhtha a bhí 'n-a Shasanach. D'fhoghluim Cadroe ó ollamhnaibh Gaedhealacha i sgoil mhóir Árda Macha an Diadhacht, an Fealsuibhe, an Sgrioptúir, Sul- baireacht, Ealadha na Reált agus an Dúildeadadh eile. Adeir Lecky 3 go mbíodh an Ghréigis dá múineadh i nÉirinn le linn a caillte ar roinn na hEorpa. Bhiodh na hughdair Laidne agus Gréigise dá múineadh go maith i nÉirinn agus iad i n-a bhfoilcheas i n-áitibh eile. Ní beag dá dheimhniughadh soin an sgéal soin Toghail Traoi agus an Sgéal eile Imtheachta Aeniasa. Adeir Gildas go raibh mac Léighinn i sgoil Leasa Móire — Cadoc do b'ainm dó — agus go raibh Firgil de ghlain-mheabhair aige. Is teare dalta i nÉirinn anois arbh' fhéidir an rud céadna do mhaoidheamh dhó. Is é bun agus barr, cnáimh agus smior mo sgéil-se anocht daoibh-se, a Ghaedheala, gur mhór an éagcóir agus an leathtrom gan gach aon Éireannach óg do chur ag foghluim na Gaedhilge i n-Iolsgolaibh na hÉireann, pé aca olc nó maith leis an duine óg féin é. Is cuma soin. Ní thagann ciall roimh aois. Acht nuair a bheidh bliadhanta na céille slán ag an duine óg céadna má thocfaidh ciall ann choidhche gheobhaidh sé a bhuidheachas linn fá gur sinne do chuir an Ghaedhealg mar phríomh-ádhbhar teagaisg is na hIolsgolaibh. Ró-fhada atá an Ghaedhealg fá dhímheas. Suas leis an nGaedhilg ins an réim is dual i. ar uachtar, cuirtear d'fhiachaibh ar gach aon dalta an Ghaedhealg do bheith aige. “Ní fhuil teanga ar domhan dá bhreaghthacht í Le blas is fonn nár sháruigh sí.” — Toirdhealbhach Ua Cearbhalláin. Agus ní fhuil teanga ar domhan is fearr mar uirlis inntleachta do chorrughadh, do chothughadh, agus do ghríosughadh chun deigh-chríche. Tugthar gach aon duine óg san tír seo fá mhám agus fá smacht na Gaedhilge. Tomás Ua Nualláin. 1 Ware's Antiquities of Ireland, p. 241; Newman's Historical Sketches III, 205 2 Boyne and Blackwater, p. 61 3 Rationalism in Europe, Vol. 1. p. 316
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services