Cúrsaí an tSaoghail.
An Ghaedhealg ins na hIolsgolaibh
Nuadha.
[Aiste do léigheadh os comhair Cumainn Ghaedhilge
Coláiste na hIolsgoile. Seo í an aiste a bhain
a óráid as an tAthair Liam Ó Dubhshláinge.]
Cad chuige iolsgoileanna an domhain? Atá,
chun foghluma léighinn agus eagna do bheith ag
cách. Cad iad na cineáil léighinn is ceart do
bheith ag gach droing chleachtas bheith i n-Iolsgolaibh
agus taithighe do dhéanamh díobh? Is follus gur
cóir cead do bheith ag gach aon duine ar gach aon
tsórd eolais do leanamhain agus do lorgaireacht
acht gurab é is fíor-eolas ann, eolas atá fighte
fuaighte leis an bhfírinne. An féidir fíor-eolas
na fírinne d'fhágháil as an nGaedhilg? Is
féidir do Ghaedheal é má's maith leis é. Ní
fhuil craobh eolais ar bith nach féidir a nochtadh as
Gaedhilg. De réir leabhair iol-oideachais na
Breatan dó an Encyclopedia Britannica tá an
méid seo léiginn le fágháil i litridheacht na
Gaedhilge: (1) Gramadaigí agus sanasáin,
(2) Annála geinealaigh, agus craobhacha coibhneasa.
(3) Staire. (4) Finnsgéalta Fiannaidheachta.
(5) Filidheacht, rannaireacht, duanaireacht, agus
amhráin, (6) Aoir, (7) Litridheacht diadha,
beathaidh na naomh &rl., (8) Ealadha bhreitheamh-
nais tuaithe, (9) Ealadha léighis agus michainice,
(10) Tiontuighthe éagsamhla a teangthachaibh eile.
Ní fhuil dán, ealadha, ná craobh eolais ar bith
nach féidir iad do mhíniughadh go cruinn beacht
agus a dtuigsint go léir a Gaedhilg. Bíodh a
fhiadhnaise sin ar an dteist do bheir saoithe
sheanchusa agus lóchrainn léighinn an domhain
láimhe mar atá Hyde, Nutt, Edwards, Stern,
Zimmer, Windisch, Strachan, Meyer, Stokes,
Dottin, de Jubainbille, Gaidoz, York, Powell,
Line, Poole, Pedersen, Bugge, Sarduw, Ascoli,
agus mórán eile nach n-áirmhim annseo. Tá de
áilneacht, de aoibhneas, de chruinneas, de fhírinne,
de dhiadhacht, de ghlan-eolas i litridheacht
Gaedhilge is nach féidir a sárughadh acht san
nGréag. Adeir Owen M. Edwards, Ollamh i
nOxford, gur mhór an díoghbháil do fheabhas
oideachais na hÉireann an Ghaedhealg d'fhágháil
amuigh ar aon chuma. Adeir Alfred Nutt gurab í
litridheacht na sean-Éireann an litridheacht is
arsa mianach agus cruth dá bhfuil ar dhruim na
hEorpa nuaidhe. Adeir gach aon duine eile de
na hollamhnaibh adubhramair gur mhór an éagcóir
é gan cothrom na féinne agus fír fear do
thabhairt do'n Ghaedhilge agus adeirim féin nach
aon éagcóir é ar Éireannach óg ar bith ar mhaith
leis dul go hathasach trí na hiolsgoileannaibh
nuadha so agus a ghrádh do ghabháil go caithréimeach
a chur d'fhiachaibh air an Ghaedhealg do thoghadh mar
ádhbhar léighinn is sgrúdhuighthe. Ins an Iolsgoil
seo againne atá anois i riocht a bhásuighthe .i.
Iolsgoil ríoghdha na hÉireann, bíodh Laidean,
Béarla, agus an healadhnta Áirmhe is Dúl de
riachtanas ar gach mac léighinn ins an chéad dá
sgrúdughadh, mar atá an mháitriogláid nó
Matriculation agus an chéad sgrúdughadh is na
hEaladhonaibh. Ní abradh aoinneach gur éagcóir
agus foiréigean an méid sin. Dá mbadh mhaith
le duine san Iolsgoil chaillte sin an Ghréag do
thóghadh i gcomhair an Chéad Sgrúduighthe re
hEaladhnaibh ní bhíodh de cead aige an Fhrainncis
nó an Ghaedhealg nó an Ghearmáinis do thóghadh.
Dá mbadh áil leis an Ghaedhealg do thóghadh ní
thugadh cead do an Ghréag nó an Ghearmáinis nó
an Fhrainncis do thoghadh. Agus mar sin dhóibh.
Is eadh dhlighthear is na hiolsgoilaibh nuadha so an
Ghaedhealg do chur i gcothrom agus i gcóimhréim
le gach ádhbhar foghluma eile. B'shin é a láighead
de'n sgéal. Rud a b'fhearr ná soin fógradh
céard agus í slighe bhus fhollus do chách go
gcaitfeadh gach mac léighinn bheith i n-innmhe dhul
go háthasach tríd an chéad dá sgrúdhughadh maille
le Gaedhilg bheith aige ó'n mbliadhain 1911 amach.
Éire an tír seo agus Gaedhealg an teanga a bhí
dhá labhairt innti leis na céadtaibh bliadhan, agus
is é atá uainn an Ghaedhealg do bheith san réim
is dual di .i. ar uachtar. Ní fhuil teanga ar
domhan is cruaidhe d'fhoghluim 'ná an Ghaedhealg.
Is beag teanga is líonmhaire focal 'ná í. Ní
fheadar-sa an bhfuil teanga ar bith chomh casta
leis an sean-Ghaedhilg. Ní fhuil teanga is
fearr chun inntleachta an duine do chur ag obair
'ná í. Féach an bhriathar agus a phrónóimin
inmheadhonacha. An bhfaca duine riamh rud níos
aicillidhe, níos gasta, níos géar-chúisighe 'ná na
prónóimin inmheadhonacha céadna? Ma's toil
le saoi a aigne bheith fáisgthe le fírinne agus
bheith fuinte le gaois cromadh sé ar an sean-
Ghaedhilg d'fhoghluim. Ní bhuaidheann an Ghréag
féin ar an nGaedhilg seo againne maidir le
doimhne agus dronchéill. Ní abraim nach fearr
litridheacht na Gréige 'ná ar litridheacht-ne ar
chuma acht adeirim nach bhfuil aidhme urlabhartha
ná uirlis cainnte is bríoghmhaire chun smaointe
duine do nochtadh 'ná an Ghaedhealg. Ní abróchadh
aoinneach a bhfuil eolas aige go raibh riamh aon
Homer againne ná Fergil ná Dánte ná
Shacspeare. Acht tá prós na Gaedhilge chomh
maith le próis ar bith. Ní beag de theist dá
shuidhiughadh soin Táin Bó Cuailgne, Imtheachta
Aeniasa, An Díonbhrollach agus Foras Feasa ar
Éirinn, Beatha Choluim Cille do sgríobh Mághnus
Ua Domhnaill, Caithréim Chonaill Chláireinig,
Beathaidhe na Naomh Páisí ó'n Leabhar Breac.
Badh chóir go mbeadh gach aon chaoi agus
chaothamhlacht ag macaibh léighinn na n-iolsgol
nuadh so leis na leabhraibh sin romhaim agus gach
aon Leabhar Gaedhilge eile do léigheamh agus
d'fhoghluim. Teanga de mhór-theangachaibh an
domhain an Ghaedhealg agus do bheadh sé i n-aghaidh
nádúra gan cuidiughadh le foghluim na Gaedhilge
ar gach aon cuma, n-iolsgolaibh na hÉireann.
Adeir an Leabhar Laighneach ar leathanach a dó
gur saoi na n-uile mBéarla Nél mac Féiniusa
Farsaidh agus gurab uime “táncas an a cheadh
ó Fhoraind (rí na hÉigiste) d'fhoghluim na
n-Ilbhérla uadh.” Bhí cion agus meas ag
Gaedhealaibh i gcomhnaidhe ar fhoghluim. Adeir
Seathrún Céitinn is an Díonbhrollach, leath. a 4,
gur mór de thearmannaibh do bhronn uaisle na
hÉireann d'ollamhnaibh Éireann, agus fós gur
minic a thugadar gairm sgoile uatha nós nár
chlos ag aon droing eile san Eoraip. Adeir sé
fós ar leath. a 36 nach Críostaidhe acht Páganach a
mhúchann an teanga bhíos roimhe san gcrích.
Adeirim-se muna gcuirfear an Ghaedhealg go
caithréimeach ollbhuadhach is an Iolsgoil gurab
ionann agus bás di é agus bás d'Éirinn é,
“óir ní féidir an teanga do dhíbirt gan an
lucht dar teanga í do dhíbirt,” 1 agus ní féidir
d'Iolsgoil Éireann rath a bheith uirthi gan an
Ghaedhilg agus na Gaedhealaibh. Is í an Ghaedhealg
amháin is teanga díleas do'n tír seo. Tá
“Éire 'n-a ríoghacht ar leith léi féin,” agus ní
theastuigheann Iolsgoil Gallda uaithi. Tá a
dóthain díobh-san aici cheana. Na hollamhain do
bhí i nÉirinn i n-allód do chumadar-san
breitheamhnas, leigheas, filidheacht, agus ceol. 2
Bíodh saor-chead agus caothamhlacht iomlán ag
aos óg na nÉireannach leis na healadhnta
Gaedhealacha so d'fhoghluim. “Tugtar a urraim
féin do'n tseanchus is na neithibh seo,” adeir
Chamden agus Seathrún Séitinn. 3 “A cuimhne
ró-dhuibheacánta, seanchusa tairrngid (na
hÉireannaigh) a stáire féin, ionnus ná fuil i
n-uile sheanchus na n-uile chineadh eile acht
nuaidheacht nó beagnach naoidheantacht láimh re
seanchus na hÉireann.” 1* Bíodh cathaoir sheanchusa
na hÉireann is an Iolsgoil agus bíodh a leor-
dhóthain airgid ag an ollamhain shuidhfeas innti
chun seanchusa do mhúineadh go reachtmhar ionnus
nach mbeadh an Éire so againne i n-ainbhfios níos
sia ar mhór-shaothar na n-ollamhan agus na suadh
d'imthigh romhainn isan tír ársaigh seo mar atá
Seathrún Céitinn, Lughaidh Ua Cléirigh, Fearfeasa
Ua Maolchonaire, Mícheál Ua Cléirigh, Dúbhaltach
Mac Firbhísigh, Feardhomhnach, Cormac Mac
Cuileannáin, Aengus Céile Dé, Maolmhuire Ua
Chuinn na mBocht, Cuan ua Lócháin, Cinaodh Ua
hAirteagáin, Fionn Mac Gormáin, Giolla
Cathmhain, Giolla Íosa Mac Firbhísigh, Maghnus Ua
Duibhgeanáin, agus an-chuid suadh agus
seanchaidhthe eile nach iad. “Ag so an teist
dobheir Mr. Good, sagart Sacsanach do bhí ag
seoladh sgoile i Luimneach, ar Éireannachaibh an
tan fá haois do'n tighearna míle cúig céad sé
bliadna is trí fichid: “cineadh so (ar sé) atá
láidir i gcorp agus atá cúthmhar ag a mbí intinn
fhoirthill árd inntleacht ghéar.” 2 Is é is dóigh
liom go loitfear inntleachta na nGaedheal muna
mbeadh sé dhá cothughadh a teangaidh dhúthchais na
tíre .i. an Ghaedhealg. Adeir Spencer gurab ó
Éireannachaibh fuaradar na Sacsanaigh aibghidir
ar dtús, agus dá réir sin ní raibhe fhios
liteardhachta ar bioth ag na Sacsanaighibh go
bhfuaradar ó Éireannachaibh í. 3 Is eadh, agus
muna bhfuighfear cóir agus ceart do'n Ghaedhilg
is na hIolsgolaibh is beag liteardhacht a bhéas
dá léigheamh agus dá tuigsint i nÉirinn na
haimsire seo chugainn.
Adeir Seathrún Céitinn ar leath. a 70 dá
Dhíonbhrollach go n-abrann Camden gurab nós
d'Éireannchaibh, breitheamhain, leagha, seanchadha,
filidhe, agus aos téad do bheith ag a n-uaislibh
agus tearmainn do bhronnadh dóibh agus fós
saoirse do bheith ag a bpearsannaibh ag a
bhfearann, agus ag a spréidh. Ag so mar adeir
(Camden) ag labhairt ortha — Atá, ar sé, ag na
flathaibh seo a ndlíghtheoirí féin, dá ngairid
breitheamhain, a stáirtheoirí féin re sgríobhadh a
ngníomh, a leagha, a bhfilidhe, dá ngairid báird,
agus a lucht seannma, agus fearann cinnte do
gach aon díobh so, agus gach aon díobh ag áitiughadh
i n-a fhearann féin, agus fós gach aon díobh de
thréibh chinnte fá seach; mar atáid na breitheamhain
de threibh agus de shloinneadh d'áirithe, na
seanchadha nó na stáirtheoirí de threib agus de
shloinneadh eile agus mar sin do chách ó sin amach,
do sheoladaois a gclann agus a ngaolta gach
1 Díonbhrollach, L. 38. 2. ib. 40. 3. ib. 44.
1* ib. 44 2* ib. 64 3* 66.
aon diobh i n-a chéird féin agus bíd lucht a leanta
is na healadhnaibh seo díobh féin de shíor. As
na briathraibh seo Chamden, ar Seathrún Céitinn,
is follus gurab maith an t-ordughadh do
chuireadar Éireannaigh síos re coimeád na
n-ealadan so i nÉirinn ó aimsir go haimsir.
Óir tugadar fearann ollmhantachta do gach
treibh díobh ionnus go mbiadh cothughadh aca ortha
féin le saothrughadh na n-ealadhan go nach
cuirfeadh bochtacht dá ndruim iad; agus fós is
é an tí fá deasgnaighthe de'n treibh sin nó de'n
treibh eile do gheibheadh ollamhantacht na flaithe
fearainn do bhíodh aige agus tigeadh de sin gach
aon díobh do dhéanamh díchill ar bheith ró-eolach
i n-a n-ealadhain féin i ndóigh re greamughadh na
hollamhantachta tar an gcuid eile dá thréibh.
Agus is mar sin do ghníthear do'n leith thall
d'fhairrge anois le mórán théid do bhuain
cathaoireach amach a los a bhfoghluma.
Is móide fós do féadadh na healadhna so do
choiméad mar do orduigheadar uaisle Éireann
tearmann agus comairce do bheith ag fearann
ag pearsannaibh agus ag spréidh na n-ollamhan;
óir an tan do bhídis Gaedhil agus Gaill easaontach
re chéile nach chuirfidís buaidhreadh ná toirmeasg
ar na hollamhnaibh ná ar na dalthaidhaibh foghluma
do bhíodh aca dá dtoirmeasg ó shaothrughadh na
n-ealadhan. Gonuige sin Seathún Céitinn dá
nochtadh dhúinn go mbíodh meas agus cádhas ar
lucht léighinn agus ar aos foghluma i nÉirinn
nuair a bhíodh gach aon ní da múineadh a Gaedhilg.
Ní bheadh aon meas choidhche ar léigheann i nÉirinn
agus í Gallda. Agus is Gallda a bheas sí go deo
muna mbeidh an Ghaedhealg dá múineadh i n-iol-
sgolaibh na tíre. Beidh Éire ag dul i mbáthadh
muna mbeidh an Ghaedhealg ann agus í dá
múineadh go saor caoitheamhail reachtmhar.
Adeir Seathrún Céitinn ar leath. 150 in n-a Fhoras
Feasa ar Éirinn gur minic do chuadar dronga
dearsgnaighthe do dhiadhairíbh agus d'fheallsamhnaibh
agus mórán do dhaoinibh eolcha eagnaidhe eile a
hÉirinn fo chríochaibh oirdhearca Eorpa do mhúnadh
cléire agus coimhthonól agus do theagasg sgol
gcoitcheann. Bhíodh an Ghaedhealg i n-uachtar an
uair sin i n-Iolsgolaibh na h-Éireann; Adeir
Petrie is an leabhar darab ainm “Na Cloigthighe”
nó The Round Towers ar leath. 137 go mbíodh
daoine ag teacht i nÉirinn ó Shasana, ó'n bhFrainnc,
ó'n Iodáil, agus fiú ó'n Éigipt chun foghluim do
bhailiughadh leo. Is beag duine a thiocfas ó
rannaibh iasacht an domhain go dtí Iolsgola na
hÉireann munab amhlaidh a bhéas an sgéal
gurab sgoltacha Gaedhealacha iad. Ní thiocfar
i nÉirinn acht chun foghluma na hÉireann
d'fhágháil agus ní foghluim Éireannach go
foghluim Ghaedhilge. Bhíodh seacht míle mac
léighinn ag foghluim i Sgoil Mhóir Árda Macha. 1
Beirt Shasanach adubhairt an méid sin. Adeir
Sir William Wilde2 gurab ó sgoil Cluana
Eraird do fhás mórán de'n fhoghluim dá bhfuil
ag saoithibh na Breatain agus na hEorpa.
Deirthear go mbíodh trí míle mac léighinn ag
sgoil Beannachoir. Adeir Sir James Ware
gurab í áireamh na mór-sgol i nÉirinn a ceathair
is trí fichid is céad. Bhí an Ghaedhealg i lán-réim
agus i n-uachtar an t-am soin. Do mhúin Finnian
naomhtha an Sgrioptúir ar feadh seacht mbliadhan.
Do chuir San Gall roimhe Gramadaigh agus
Filidheacht d'fhoghluim. Adeir Naomh Cuimín gur
infhiúch sé go géar ar bharamhlaibh na n-Eabhrach, na
nGréagach, na Románach agus luchta na hÉigipte.
Do rinne Cuimín Fada coimh-mheas na Sgriop-
túire Laidne agus na Sgrioptúire Eabhra. Is
follus a saothar Thighearaigh Cluana Maccu Nóis
gur bh'eol do leabhair Eusebius, Orosius,
Africanus, Baeda, Ioséphus, Cirin, agus
móráin ughdar eile. Do mhúin Maoldubh,
Gaedheal a bhunadh, an Laidean, an Ghréag, agus
an Eabhra do Aldhelm naomhtha a bhí 'n-a
Shasanach. D'fhoghluim Cadroe ó ollamhnaibh
Gaedhealacha i sgoil mhóir Árda Macha an
Diadhacht, an Fealsuibhe, an Sgrioptúir, Sul-
baireacht, Ealadha na Reált agus an
Dúildeadadh eile. Adeir Lecky 3 go mbíodh an
Ghréigis dá múineadh i nÉirinn le linn a caillte
ar roinn na hEorpa. Bhiodh na hughdair Laidne
agus Gréigise dá múineadh go maith i nÉirinn
agus iad i n-a bhfoilcheas i n-áitibh eile. Ní beag
dá dheimhniughadh soin an sgéal soin Toghail Traoi
agus an Sgéal eile Imtheachta Aeniasa. Adeir
Gildas go raibh mac Léighinn i sgoil Leasa Móire
— Cadoc do b'ainm dó — agus go raibh Firgil
de ghlain-mheabhair aige. Is teare dalta i
nÉirinn anois arbh' fhéidir an rud céadna do
mhaoidheamh dhó.
Is é bun agus barr, cnáimh agus smior mo
sgéil-se anocht daoibh-se, a Ghaedheala, gur mhór
an éagcóir agus an leathtrom gan gach aon
Éireannach óg do chur ag foghluim na Gaedhilge
i n-Iolsgolaibh na hÉireann, pé aca olc nó
maith leis an duine óg féin é. Is cuma soin.
Ní thagann ciall roimh aois. Acht nuair a bheidh
bliadhanta na céille slán ag an duine óg céadna
má thocfaidh ciall ann choidhche gheobhaidh sé a
bhuidheachas linn fá gur sinne do chuir an
Ghaedhealg mar phríomh-ádhbhar teagaisg is na
hIolsgolaibh. Ró-fhada atá an Ghaedhealg fá
dhímheas. Suas leis an nGaedhilg ins an réim
is dual i. ar uachtar, cuirtear d'fhiachaibh
ar gach aon dalta an Ghaedhealg do bheith aige.
“Ní fhuil teanga ar domhan dá bhreaghthacht í
Le blas is fonn nár sháruigh sí.”
— Toirdhealbhach Ua Cearbhalláin.
Agus ní fhuil teanga ar domhan is fearr mar
uirlis inntleachta do chorrughadh, do chothughadh,
agus do ghríosughadh chun deigh-chríche. Tugthar
gach aon duine óg san tír seo fá mhám agus fá
smacht na Gaedhilge.
Tomás Ua Nualláin.
1 Ware's Antiquities of Ireland, p. 241; Newman's
Historical Sketches III, 205
2 Boyne and Blackwater, p. 61
3 Rationalism in Europe, Vol. 1. p. 316
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11