Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Lispín Draoidheachta
Title
An Lispín Draoidheachta
Author(s)
Ní Eadhra, Máire,
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Lispín Draoidheachta. I bhfad ó shoin sa tsean-aimsir agus is fad ó bhí, bhí rí i n-a chomhnaidhe san Domhan Thoir. Ní raibh de chlainn aige acht aon inghean amháin agus Fionnghuala a b'ainm duithe. Rug an inghean so barr áilneachta ar mhnáibh an domhain ar fad. Bhí a cuid gruaige ar dhath an óir agus í ag tuitim 'n-a dlaoithibh le n-a cúl; a gruaidh ar dhath an róis agus a béilín beag deas mar bheadh an chaorthainn; cluasa beaga aici agus a cuid súl ar dhath na spéire lá breagh samhraidh. Lá amháin dá rabh sí ag an tobar sa gcoill mhóir a bhí le hais chaisleain a hathar bhí liathróid óir aici agus í ag déanamh grinn duithe féin ag caitheamh na liathróide i n-áirde agus ag breith uirthi ag tigheacht anuas duithe. Níorbh' fhada do'n chailín mar sin gur theip uirthi an liathróid a ghabháil. D'éaluigh an liathróid uaithi agus siúd isteach sa tobar í. Rith Fionnghuala go bruach an tobair. Dhearc sí isteach ann acht níor féad sí aon amharc a fhágháil ar an liathróid bhí an t-uisge chomh doimhin sin. Bhuail sí fúithi ar chárraig i n-aice an tobair agus bhris an gol uirthi. Ba ghearr gur mhothuigh sí an glór: “Goidé an t-ádhbhar a bhfuil tú ag gol, a inghean an ríogh?” — ars' an glór. “Bhainfeadh sé na deora as cloich a bheith ag éisteacht leat.” Thug inghean an ríogh cúl-amharc ar a tobar agus céard a d'fheicfeadh sí acht an lispín agus é ag cur a chlaiginn ghránda aníos as an uisge. “Maise an tusa atá ann?” ar sise. “'Sé fáth a bhfuilim ag gol mo liathróid óir a bheith thar éis tuitim isteach san tobar agus nach dtig liom a fágháil.” “Má's mar sin atá an sgéal, ná bíodh brón ar bith ort,” ars' an lispín, “ná gabhfad-sa dá tóraidheacht. Acht céard a bhearfas tú dhom má gheibhim í?” “Aon rud is mian leat, a lispín a chroidhe,” arsa an bhan-fhlaith. “Acht, céard atá uait — mo chuid éadaigh nó mo chuid seod óir atá fá mo chloigeann?” “Ní chuirim suim tsnaithín i n-a leithidíbh sin,” arsa an lispín. “'Séard is mian liom go dtiubhartha grádh do chroidhe dhom agus go ndéanfá cara cléibh dhíom. B'áil liom suidhe le d'ais agus mo chuid bidh a ithe as aon phláta leat agus deoch a ól as aon chorn leat agus codladh ar aon leabaidh leat. Má gheallann tú na neithe seo dhom, tomfad san uisge agus bhéarfad do liathróid aníos chugat.” “Tá sé i n-a mhargadh,” arsa inghean an ríogh, acht amháin mo liathróid a fhágháil dom.” Acht is amhlaidh bhí sí ag smaoineadh i n-a hintinn féin nach cara feileamhach duithe lispín grána míofar.
Ar a geallamhaint a chluinsteál do'n lispín níor leis do b'fhaillighe é. Síos leis san uisge agus ba ghearr gur leag sé an liathróid ar an talamh os comhair an chailín. Ar an liathróid a fheiceál duithe is uirthi a bhí an t-áthas. Rug sí ar an liathróid. Acht rinne sí dearmad de'n Lispín agus bhain sí as i mbarr na bhfásgaí d'ionnsuighe an chaisleáin gan suim ar bith a chur ann. “Fan ort! Fan ort!” ars' an lispín bocht de sgread. “Déan mise a iomchur. Ní thig liom rith chomh mear leat-sa.” Ní thug sí aon áird ar a chainnt agus níor stad de'n tsodar a bhí fuithi gur shroich sí an chaisleán. B'éigin do'n lispín filleadh ar ais ar an tobar agus é bréan go leor dhe fhéin mar gheall ar an gcleas do himrigheadh air. Thug Fionnghuala a seomra uirthi féin agus ba gearr go raibh cuimhne an líspín imthighthe as a ceann. Lá ar n-a bhárach bhí sí ar dínnéar i gcuideachta an ríogh agus lucht na cúirte. Bhí sí ag ithe as a pláitín óir nuair a cluintheas an torainn aisteach ar an urlár taobh amuigh de'n doras. Annsin bualadh ar an doras agus dubhairt an glór: — “A bhan-fhlaith áluinn! Fosgail an doras, má's é do thoil é.” D'éirigh sí de phreib. Chuaidh go dtí an doras agus d'fhosgail é. Céard d'fheicfeadh sí annsin acht an Líspín. Ar a fheiceál duithe dhruid sí an doras go beo agus d'fhill ar ais ar an mbord agus a haghaidh chomh bán le n-a bhfacaidh tú ariamh. Thug an rí fá deara go raibh sí corruighthe i n-a hintinn agus dubhairt sé léithi: — “Cia tá ag an doras, a ghrádh? An fathach é a tháinig le do sgiobadh leis?” “Ní headh, a athair,” ar sise. “Ní fathach atá ann ach líspín gránda.” “Líspín, an eadh?” ars' an t-athair. “Goidé tá uaidh?” “A, a athair,” ar sise. “Is amhlaidh atá an sgéal go rabhas sa gcoill indé agus mé ag imirt leis an liathróid óir nuair a leigeas duithe tuitim isteach san tobar. Chuaidh an líspín úd ar a tóir agus thug sé aníos chugam í de bhrígh gur gheallas dó go ndéanfainn cara dhe. Shíleas nach bhféadfadh sé a thigheacht amach as an tobar agus anois seo chugainn é.” Is ar éigin a bhí na focla as a béal nuair a bualadh ar an doras aríst agus dubhairt an an Líspín. “A inghean an ríogh, fosgail an doras dom. Gheallas go ndéanfá cara díom dá bhfuighinn do liathróid óir dhuit.” Air sin a chluinsteál do'n rígh 'séard adubhairt sé ar an bpointe boise — “Má gheall tú sin dó, caithfidh tú do gheallamhaint a chomhlíonadh. Téigh ar an toirt agus fosgail an doras.” B'éigin do'n inghin an doras a fhosgailt agus an líspín a leigint isteach. Lean sé go dtí a cathaoir í agus chomh luath is bhi sí i n-a suidhe d'iarr sé uirthi a chur ar an gcathaoir le n-a hais. Níor mhaith léithi sin acht ní raibh aon dul as aici de bhrígh gur fhuagair an rí duithe a dhéanamh. Suas ar an mbord leis an líspín agus thoisigh ar ithe as pláta na ban-fhlatha. B'fhuras aithint uirthi siud leis na grainnce a bhí ar a héadan go raibh gráin an domhain aici ar an líspín acht bhí faitchíos uirthi focal a rádh os comhair a hathar. Ba follasach gur thaitin an biadh go mór leis an líspín. D'ith sé a sháith maith agus annsin dubhairt le Fionnghuala: — Tá lán an mhála ithte agus ólta agam anois. Tá tuirse mór orm agus badh mhaith liom a dhul a chodladh. Tabhair leat mé suas chuig do sheomra agus coirigh do leaba bheag síoda i riocht is go dtig liom codladh uirthi.” Air sin a rádh do bhris an gol aríst ar an mban-fhlaith óig mar bhí faitchíos an domhain uirthi roimh cholainn fuair an líspín. Bhí drugall a lámh féin teangmhachtáil le n-a conabhlach agus seo é anois é ag iarraidh codladh ar aon leabaidh leithi! Chuir sí dreolánaí doininn thríthí amháin smaoineadh air. Bhí fearg ag an rígh léithi nuair a chonnaic sé í ag gol agus dubhairt sé aríst go gcaithfeadh sí a gheallamhaint a chomhlíonadh agus nár cheart di cóir droch-mheas a bheith aici ar a chomhlíonadh agus nár cheart ná cóir droch mheas a bheith aici ar charaid na héigne a thug congnamh dhuithe nuair a bhí congnamh ag teastáil uaithi. Ní raibh aon arach aici air annsin. Rug sí an líspín agus thug sí suas staoighre léithi é. Ar a bheith sa seomra leabtha dhuithe leag sí an líspín sa gcúinne agus d'fhágaidh sí annsin é. Bhí go maith agus ní raibh go holc. D'fhan an líspín annsin go ceann sgathaimh acht ar a dhul a chodhladh do'n ban-fhlaith san oidhche amach leis agus d'fhuagair sé uirthi go raibh tuirse mhór air agus go leigfeadh sé le n-a hathair é mara dtiubhradh sí isteach san leabaidh é. Air sin a chluinsteál duithe bhuail fearg mhór í. Rug sí ar an líspín agus chaith sí leis an mballa de thuairt é. Thuit sé d'aon phlimp amháin ar an urlár agus céard do thárlóchadh ar áit na mbonn acht go ndearnadh flaith óg maiseach dhe. Bhí iongnadh an domhain ar gach uile dhuine. Chuir an flaith óg é féin i n-aithne do'n rígh. Dubhairt sé gur mac ríogh a bhí ann acht gur chuir cailleach na coilleadh fá dhraoidheacht é go raibh sé i riocht líspín le tamall fada. D'innis sé dhóbhtha nach raibh aon duinne ar dhruim na talmhan a d'fhéadfadh é a sgaoileadh ó'n draidheacht acht amháin Fionnghuala. D'iarr sé air a hathair í le pósadh. Thug an rí toil dó sin agus pósadh lá ar n-a bhárach. Annsin tháinig capbad mór maiseach agus ocht gcapaill bhána 'gá tarraint i n-a gcoinne ó chaisleán athar an fhlata. D'imthigh an lánamhain sa gcarbad agus thar éis ceann cúrsa a shroicint bhí fleadh agus féasta aca ar feadh sé lá agus sé oidhche. Th'éis sin chuireadar fútha i gcaisleán an ríogh .i. athair an fhlatha, agus chaitheadar beatha fhada shéanmhar i gcuideachta a chéile. (Sgéal Gearmánach ba bhun leis an sgéal seo). Máire Ní Eadhra.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services