Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Lispín Draoidheachta

Title
An Lispín Draoidheachta
Author(s)
Ní Eadhra, Máire,
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Lispín Draoidheachta.



I bhfad ó shoin sa tsean-aimsir agus is fad
ó bhí, bhí rí i n-a chomhnaidhe san Domhan Thoir.
Ní raibh de chlainn aige acht aon inghean amháin agus
Fionnghuala a b'ainm duithe. Rug an inghean
so barr áilneachta ar mhnáibh an domhain ar fad.
Bhí a cuid gruaige ar dhath an óir agus í ag
tuitim 'n-a dlaoithibh le n-a cúl; a gruaidh ar
dhath an róis agus a béilín beag deas mar bheadh
an chaorthainn; cluasa beaga aici agus
a cuid súl ar dhath na spéire lá breagh samhraidh.



Lá amháin dá rabh sí ag an tobar sa gcoill
mhóir a bhí le hais chaisleain a hathar bhí liathróid
óir aici agus í ag déanamh grinn duithe féin ag
caitheamh na liathróide i n-áirde agus ag breith
uirthi ag tigheacht anuas duithe.



Níorbh' fhada do'n chailín mar sin gur theip
uirthi an liathróid a ghabháil. D'éaluigh an
liathróid uaithi agus siúd isteach sa tobar í.
Rith Fionnghuala go bruach an tobair. Dhearc sí
isteach ann acht níor féad sí aon amharc a
fhágháil ar an liathróid bhí an t-uisge chomh
doimhin sin.



Bhuail sí fúithi ar chárraig i n-aice an tobair
agus bhris an gol uirthi. Ba ghearr gur mhothuigh
sí an glór:



“Goidé an t-ádhbhar a bhfuil tú ag gol, a
inghean an ríogh?” — ars' an glór. “Bhainfeadh
sé na deora as cloich a bheith ag éisteacht leat.”



Thug inghean an ríogh cúl-amharc ar a tobar
agus céard a d'fheicfeadh sí acht an lispín agus é
ag cur a chlaiginn ghránda aníos as an uisge.



“Maise an tusa atá ann?” ar sise. “'Sé
fáth a bhfuilim ag gol mo liathróid óir a bheith
thar éis tuitim isteach san tobar agus nach dtig
liom a fágháil.”



“Má's mar sin atá an sgéal, ná bíodh brón
ar bith ort,” ars' an lispín, “ná gabhfad-sa dá
tóraidheacht. Acht céard a bhearfas tú dhom má
gheibhim í?”



“Aon rud is mian leat, a lispín a chroidhe,”
arsa an bhan-fhlaith. “Acht, céard atá uait —
mo chuid éadaigh nó mo chuid seod óir atá fá
mo chloigeann?”



“Ní chuirim suim tsnaithín i n-a leithidíbh
sin,” arsa an lispín. “'Séard is mian liom go
dtiubhartha grádh do chroidhe dhom agus go
ndéanfá cara cléibh dhíom. B'áil liom suidhe
le d'ais agus mo chuid bidh a ithe as aon phláta
leat agus deoch a ól as aon chorn leat agus
codladh ar aon leabaidh leat. Má gheallann tú
na neithe seo dhom, tomfad san uisge agus
bhéarfad do liathróid aníos chugat.”



“Tá sé i n-a mhargadh,” arsa inghean an ríogh,
acht amháin mo liathróid a fhágháil dom.” Acht
is amhlaidh bhí sí ag smaoineadh i n-a hintinn
féin nach cara feileamhach duithe lispín grána
míofar.


L. 5


Ar a geallamhaint a chluinsteál do'n
lispín níor leis do b'fhaillighe é. Síos leis
san uisge agus ba ghearr gur leag sé an
liathróid ar an talamh os comhair an chailín.



Ar an liathróid a fheiceál duithe is uirthi a
bhí an t-áthas. Rug sí ar an liathróid. Acht
rinne sí dearmad de'n Lispín agus bhain sí as
i mbarr na bhfásgaí d'ionnsuighe an chaisleáin
gan suim ar bith a chur ann.



“Fan ort! Fan ort!” ars' an lispín bocht
de sgread. “Déan mise a iomchur. Ní thig
liom rith chomh mear leat-sa.”



Ní thug sí aon áird ar a chainnt agus níor
stad de'n tsodar a bhí fuithi gur shroich sí an
chaisleán. B'éigin do'n lispín filleadh ar ais
ar an tobar agus é bréan go leor dhe fhéin mar
gheall ar an gcleas do himrigheadh air.



Thug Fionnghuala a seomra uirthi féin agus
ba gearr go raibh cuimhne an líspín imthighthe
as a ceann.



Lá ar n-a bhárach bhí sí ar dínnéar i gcuideachta
an ríogh agus lucht na cúirte. Bhí sí ag ithe
as a pláitín óir nuair a cluintheas an torainn
aisteach ar an urlár taobh amuigh de'n doras.
Annsin bualadh ar an doras agus dubhairt an
glór: — “A bhan-fhlaith áluinn! Fosgail an
doras, má's é do thoil é.”



D'éirigh sí de phreib. Chuaidh go dtí an doras
agus d'fhosgail é. Céard d'fheicfeadh sí annsin
acht an Líspín. Ar a fheiceál duithe dhruid sí an
doras go beo agus d'fhill ar ais ar an mbord
agus a haghaidh chomh bán le n-a bhfacaidh tú
ariamh.



Thug an rí fá deara go raibh sí corruighthe i n-a
hintinn agus dubhairt sé léithi: — “Cia tá ag
an doras, a ghrádh? An fathach é a tháinig le do
sgiobadh leis?”



“Ní headh, a athair,” ar sise. “Ní fathach
atá ann ach líspín gránda.”



“Líspín, an eadh?” ars' an t-athair. “Goidé
tá uaidh?”



“A, a athair,” ar sise. “Is amhlaidh atá an
sgéal go rabhas sa gcoill indé agus mé ag
imirt leis an liathróid óir nuair a leigeas
duithe tuitim isteach san tobar. Chuaidh an
líspín úd ar a tóir agus thug sé aníos chugam í
de bhrígh gur gheallas dó go ndéanfainn cara dhe.
Shíleas nach bhféadfadh sé a thigheacht amach as
an tobar agus anois seo chugainn é.”



Is ar éigin a bhí na focla as a béal nuair a
bualadh ar an doras aríst agus dubhairt an
an Líspín.



“A inghean an ríogh, fosgail an doras dom.
Gheallas go ndéanfá cara díom dá bhfuighinn
do liathróid óir dhuit.”



Air sin a chluinsteál do'n rígh 'séard
adubhairt sé ar an bpointe boise — “Má
gheall tú sin dó, caithfidh tú do gheallamhaint
a chomhlíonadh. Téigh ar an toirt agus fosgail
an doras.”



B'éigin do'n inghin an doras a fhosgailt agus
an líspín a leigint isteach. Lean sé go dtí a
cathaoir í agus chomh luath is bhi sí i n-a suidhe
d'iarr sé uirthi a chur ar an gcathaoir le n-a hais.
Níor mhaith léithi sin acht ní raibh aon dul as aici
de bhrígh gur fhuagair an rí duithe a dhéanamh.



Suas ar an mbord leis an líspín agus
thoisigh ar ithe as pláta na ban-fhlatha. B'fhuras
aithint uirthi siud leis na grainnce a bhí ar a
héadan go raibh gráin an domhain aici ar an
líspín acht bhí faitchíos uirthi focal a rádh os
comhair a hathar.



Ba follasach gur thaitin an biadh go mór
leis an líspín. D'ith sé a sháith maith agus annsin
dubhairt le Fionnghuala: — Tá lán an mhála
ithte agus ólta agam anois. Tá tuirse mór
orm agus badh mhaith liom a dhul a chodladh.
Tabhair leat mé suas chuig do sheomra agus
coirigh do leaba bheag síoda i riocht is go dtig
liom codladh uirthi.”



Air sin a rádh do bhris an gol aríst ar an
mban-fhlaith óig mar bhí faitchíos an domhain
uirthi roimh cholainn fuair an líspín. Bhí
drugall a lámh féin teangmhachtáil le n-a
conabhlach agus seo é anois é ag iarraidh codladh
ar aon leabaidh leithi! Chuir sí dreolánaí
doininn thríthí amháin smaoineadh air.



Bhí fearg ag an rígh léithi nuair a chonnaic
sé í ag gol agus dubhairt sé aríst go gcaithfeadh
sí a gheallamhaint a chomhlíonadh agus nár cheart
di cóir droch-mheas a bheith aici ar a chomhlíonadh
agus nár cheart ná cóir droch mheas a bheith aici
ar charaid na héigne a thug congnamh dhuithe
nuair a bhí congnamh ag teastáil uaithi.



Ní raibh aon arach aici air annsin. Rug sí
an líspín agus thug sí suas staoighre léithi é.



Ar a bheith sa seomra leabtha dhuithe leag sí an
líspín sa gcúinne agus d'fhágaidh sí annsin é.



Bhí go maith agus ní raibh go holc. D'fhan an
líspín annsin go ceann sgathaimh acht ar a dhul a
chodhladh do'n ban-fhlaith san oidhche amach leis
agus d'fhuagair sé uirthi go raibh tuirse mhór air
agus go leigfeadh sé le n-a hathair é mara
dtiubhradh sí isteach san leabaidh é.



Air sin a chluinsteál duithe bhuail fearg
mhór í. Rug sí ar an líspín agus chaith sí leis
an mballa de thuairt é.



Thuit sé d'aon phlimp amháin ar an urlár
agus céard do thárlóchadh ar áit na mbonn acht
go ndearnadh flaith óg maiseach dhe.



Bhí iongnadh an domhain ar gach uile dhuine.
Chuir an flaith óg é féin i n-aithne do'n rígh.
Dubhairt sé gur mac ríogh a bhí ann acht gur chuir
cailleach na coilleadh fá dhraoidheacht é go raibh
sé i riocht líspín le tamall fada. D'innis sé
dhóbhtha nach raibh aon duinne ar dhruim na
talmhan a d'fhéadfadh é a sgaoileadh ó'n
draidheacht acht amháin Fionnghuala.



D'iarr sé air a hathair í le pósadh. Thug an rí
toil dó sin agus pósadh lá ar n-a bhárach.



Annsin tháinig capbad mór maiseach agus ocht
gcapaill bhána 'gá tarraint i n-a gcoinne ó
chaisleán athar an fhlata. D'imthigh an lánamhain
sa gcarbad agus thar éis ceann cúrsa a shroicint
bhí fleadh agus féasta aca ar feadh sé lá agus
sé oidhche. Th'éis sin chuireadar fútha i gcaisleán
an ríogh .i. athair an fhlatha, agus chaitheadar beatha
fhada shéanmhar i gcuideachta a chéile.



(Sgéal Gearmánach ba bhun leis an sgéal
seo).



Máire Ní Eadhra.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services