Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Craobh Chúige Laighean
Title
Ar Faithche na hImeartha - Craobh Chúige Laighean
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Craobh Chúige Laighean Ag an Droichead Nua Dia Domhnaigh do himreadh dhá chluithche phile de sna cluithchibh i gcóir Chraobh Chúige Laighean. Cluithche peile agus cluithche báire a bhí ann. Sa báire bhí scoth Cho. Bhaile Átha Cliath ann i gcoinnibh scoth Cho. Chill Dara. Ar shon gur bh'fhollus i gcionn tamaill gurab iad laochra Bhaile Átha Cliath bheadh i n-uachtair, sa darna bobhta níor oibrigh- eadar le bárr déine. Is dócha nár ghabhadh an déine acht n-a dhiaidh-san ba lag an imirt i dhon té bhí ag féachaint air. Táid muinntir Chill Dara ag teacht chun cinn go maith sa bháire agus ní nár dóibh gur buadhadh ortha Dia Domhnaigh. Sidé an scór: Baile Átha Cliath, 5-5; Cill Dara, 1-9. An Peil Idir scoth Bhaile Átha Cliath is scoth Chill Dara a bhí an cluithche peile. Sa chéad bhobhta do connacthas imirt an mhaith agus n-a dheireadh bhítheas ar aonscór .i. 1-2. Le linn an darna bobhta do thuit an bháisteach agus do laighduigh soin ar a mhisneach ar gach taobh. Sidé an scór deiridh: Baile Átha Cliath, 1-6; Cill Dara, 1-3. Craobh Bhaile Átha Cliath Do socruigheadh trí cinn de chluithchibh comór- tuis n-a thaobh-san age Bóthar Mhic Seoin Dia Domhnaigh. Cluithchí peile iad go léir. Sidé a táille: - Párnailigh, 0-5; Geata Shain Séamus, 0-3. Céitinnigh, 0-15; Doilphinigh, 0-1. Sandymount, 0-6; Emeitigh, 0-5. Craobh Chúige Mumhan Do thárla cluithche peile n-a thaobh-san ag Corcaigh Dia Domhnaigh. Scoth Chiarraighe do tháinig i gcoinnibh Scoth Phortláirge. Ba léir ó thúis na himeartha go mbuaidhfidís na Ciarraighigh ar an ndream eile. Bhí an lámh uachtair aca i ngach iarracht, agus sa chéad bhobhta do dheineadar éachta a thespeáin do gach éinne ná raibh fagháil ag an gCraoibh ag muinntir Phortláirge uatha. Sidé an scór, Ciarraighe, 0-7; Portláirge, 0-2. Bheadh cluithche báire ann leis idir Chiarraighe is Tiobraid Árann acht theip ar mhuinntir Chiarraighe líon fóirne a bhailiughadh, agus do fágadh buadh in aiscidh ag Tiobraid Árann. Táille Báire Fágaigh, 4-9; Fontenoi, 3-10. Biadhtaigh, 2-3; Caoimghnigh, 1-4. Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services