Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Craobh Chúige Laighean

Title
Ar Faithche na hImeartha - Craobh Chúige Laighean
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Craobh Chúige Laighean



Ag an Droichead Nua Dia Domhnaigh do
himreadh dhá chluithche phile de sna cluithchibh i
gcóir Chraobh Chúige Laighean. Cluithche peile
agus cluithche báire a bhí ann. Sa báire bhí scoth
Cho. Bhaile Átha Cliath ann i gcoinnibh scoth Cho.
Chill Dara. Ar shon gur bh'fhollus i gcionn
tamaill gurab iad laochra Bhaile Átha Cliath
bheadh i n-uachtair, sa darna bobhta níor oibrigh-
eadar le bárr déine. Is dócha nár ghabhadh an
déine acht n-a dhiaidh-san ba lag an imirt
i dhon té bhí ag féachaint air. Táid muinntir
Chill Dara ag teacht chun cinn go maith sa bháire
agus ní nár dóibh gur buadhadh ortha Dia Domhnaigh.
Sidé an scór: Baile Átha Cliath, 5-5; Cill
Dara, 1-9.



An Peil



Idir scoth Bhaile Átha Cliath is scoth Chill Dara
a bhí an cluithche peile. Sa chéad bhobhta do
connacthas imirt an mhaith agus n-a dheireadh
bhítheas ar aonscór .i. 1-2. Le linn an darna
bobhta do thuit an bháisteach agus do laighduigh
soin ar a mhisneach ar gach taobh. Sidé an scór
deiridh: Baile Átha Cliath, 1-6; Cill Dara, 1-3.



Craobh Bhaile Átha Cliath



Do socruigheadh trí cinn de chluithchibh comór-
tuis n-a thaobh-san age Bóthar Mhic Seoin Dia
Domhnaigh. Cluithchí peile iad go léir. Sidé a
táille: -
Párnailigh, 0-5; Geata Shain Séamus, 0-3.
Céitinnigh, 0-15; Doilphinigh, 0-1.
Sandymount, 0-6; Emeitigh, 0-5.



Craobh Chúige Mumhan



Do thárla cluithche peile n-a thaobh-san ag
Corcaigh Dia Domhnaigh. Scoth Chiarraighe do
tháinig i gcoinnibh Scoth Phortláirge. Ba léir ó
thúis na himeartha go mbuaidhfidís na
Ciarraighigh ar an ndream eile. Bhí an lámh
uachtair aca i ngach iarracht, agus sa chéad
bhobhta do dheineadar éachta a thespeáin do gach
éinne ná raibh fagháil ag an gCraoibh ag muinntir
Phortláirge uatha. Sidé an scór, Ciarraighe,
0-7; Portláirge, 0-2. Bheadh cluithche báire ann
leis idir Chiarraighe is Tiobraid Árann acht theip
ar mhuinntir Chiarraighe líon fóirne a bhailiughadh,
agus do fágadh buadh in aiscidh ag Tiobraid
Árann.



Táille Báire
Fágaigh, 4-9; Fontenoi, 3-10.
Biadhtaigh, 2-3; Caoimghnigh, 1-4.



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services