Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Craobh Chúige Laighean
Title
Ar Faithche na hImeartha - Craobh Chúige Laighean
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Craobh Chúige Laighean Dhá chluithche in sna hiomaidheachtaibh seo dá himirt ag Bóthar Mhic Seoin Dia Domhnaigh, agus sluagh líonmhar i láthair ann. Thárla cluithche báire idir scóthaibh Chonntaethe Laighse is Bhaile Átha Cliath. Ar shon go ndearnadar na Laighsigh a ndícheall ní raibh ionnta seasamh i n-aghaidh tréinfhear Bhaile Átha Cliath. Seo mar bhí an scór eatortha i ndeireadh na dála: Baile Átha Cliath, 4-12; Laighis, 3-9. An Pheil B'é an cluithche pheile an earradh a b'fhearr ann. Scotha Chill Dara i gcoinnibh scoth Lughbhaidhe. Is fada ná feacathas ar an láthair céadna a leithéid d'imirt. Níor fhan sos ná suaimhneas ar aon taobh ó thosach go deireadh ann. Do imreadar cheana acht bhíodar ar aonscór ag éirighe as. I n-imirt an Domhnaigh do bhíodar ar aonscór dá nóimeat roimh dheireadh an chluithche. Ar ádhbharaighe an tsaoghail d'éirigh le muinntir Chill Dara an phuinnte breise a chur ar an ndream eile. Níor thúisce sain 'ná séideadh fead fhada agus d'fhágadh i n-uachtar iad d'aon phuinnte amháin. Sidé an scór: Cill Dara, 1-6; Lughbhaidhe, 1-5. Ullmhughchán Bhí gach rud i dtreó is i gceart agus is maith liom a fheicsint go bhfuil an Comhaltus ag féachaint i ndiaidh lucht gill. Do bhí fógraí i n-áirde aca, Dia Domhnaigh, acht n-a dhiaidh-san, bhí gill dá gcur is callaireacht dá dhéanamh ann. 'Ná féadfaidís Gaedhil féin deireadh a chur le sna díolmánaigh úd? D'fhéadfaidís dá mbadh mhaith leo é. Árduighidís a nguth. Badh cheart ghurab é toil Éireannach an dlighe is threise i nÉirinn. Má táimíd i ndáríribh chun lucht geall is cleas is cártaí is roth a dhíbirt a hionadaibh cleas lúith na nGaedheal, i n-ainm Dé, ná bímís ag cainnt n-a thaobh. Deinimís gníomh. Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services