Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Craobh Chúige Laighean

Title
Ar Faithche na hImeartha - Craobh Chúige Laighean
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Craobh Chúige Laighean



Dhá chluithche in sna hiomaidheachtaibh seo
dá himirt ag Bóthar Mhic Seoin Dia Domhnaigh,
agus sluagh líonmhar i láthair ann. Thárla
cluithche báire idir scóthaibh Chonntaethe Laighse
is Bhaile Átha Cliath. Ar shon go ndearnadar
na Laighsigh a ndícheall ní raibh ionnta seasamh
i n-aghaidh tréinfhear Bhaile Átha Cliath. Seo
mar bhí an scór eatortha i ndeireadh na dála:
Baile Átha Cliath, 4-12; Laighis, 3-9.



An Pheil



B'é an cluithche pheile an earradh a b'fhearr
ann. Scotha Chill Dara i gcoinnibh scoth
Lughbhaidhe. Is fada ná feacathas ar an láthair
céadna a leithéid d'imirt. Níor fhan sos ná
suaimhneas ar aon taobh ó thosach go deireadh
ann. Do imreadar cheana acht bhíodar ar
aonscór ag éirighe as. I n-imirt an Domhnaigh
do bhíodar ar aonscór dá nóimeat roimh dheireadh
an chluithche. Ar ádhbharaighe an tsaoghail d'éirigh
le muinntir Chill Dara an phuinnte breise a
chur ar an ndream eile. Níor thúisce sain 'ná
séideadh fead fhada agus d'fhágadh i n-uachtar
iad d'aon phuinnte amháin. Sidé an scór:
Cill Dara, 1-6; Lughbhaidhe, 1-5.



Ullmhughchán



Bhí gach rud i dtreó is i gceart agus is maith
liom a fheicsint go bhfuil an Comhaltus ag
féachaint i ndiaidh lucht gill. Do bhí fógraí
i n-áirde aca, Dia Domhnaigh, acht n-a dhiaidh-san,
bhí gill dá gcur is callaireacht dá dhéanamh ann.
'Ná féadfaidís Gaedhil féin deireadh a chur
le sna díolmánaigh úd? D'fhéadfaidís dá
mbadh mhaith leo é. Árduighidís a nguth. Badh
cheart ghurab é toil Éireannach an dlighe is
threise i nÉirinn. Má táimíd i ndáríribh chun
lucht geall is cleas is cártaí is roth a dhíbirt
a hionadaibh cleas lúith na nGaedheal, i n-ainm
Dé, ná bímís ag cainnt n-a thaobh. Deinimís
gníomh.



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services