Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Corn an Chrócaigh
Title
Ar Faithche na hImeartha - Corn an Chrócaigh
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Corn an Chrócaigh Ag Bóthar Mhic Seoin Dia Domhnaigh do himreadh cluithchí cinn báire is peile, 's na hiomaidheachtaibh sin. Idir Chuigibh Mumhan is Chonnacht a bhí. Da bháire, bhí gasraidhe ó Chonntae an Chláir is ó Chonntae na Gaillimhe ar aghaidh a chéile; sa pheil buidheanta ó Chonntae Muighe Eó is ó Chonntae Chiarraighe. Do cuireadh ar siubhal gach cluithche aca ar an am a bhí leagaithe amach. Bhí an ghaoth an-árd agus choinghibh soin an imirt - go háirithe sa pheil - ar an taobh de'n bhfaithche ba shia ós na daoinibh a bhí ag féachaint air, agus ní miste a rádh ná go raibh sluagh mór aca san ann. Is maith liom go ndearnadh iarracht ar an ruaig a chur ar lucht geall, acht cad n-a thaobh nár leanadh de? Bhí lucht mion- chleas ann go tiugh leis agus iad ag callaireacht i slighe is go mbodhrfaidís aonach. Anois, a mhuinntir an Chomhaltuis, ó tá tosnuighthe agaibh ar an deaghobair ná stadaidh go mbeidh deireadh fóghanta air. Cuiridh an ruaig ortha go léir. Ní bhíonn aon baint ag fíor Ghaedhealaibh leó. An Báire Ní raibh de locht le fagháil ar an imirt seo acht a chumhangracht a bhíodh sí uaireanta. Is maith liom imirt bhreagh oscailte, an liathróid ag imtheacht síos suas go mear, agus na fir luathchosach. Sí sin an saghas imeartha a chuireann le táille. Is fearr a bhí muinntir an Chláir chuige 'ná muintir na Gaillimhe agus i gcoinnibh na gaoithe féin d'éirigheadh le n-a gcur a bhfad. Do bhuadhadar acht má dheineadar is daor go leór a cheannuigheadar é. Sidé an scór: An Clár, 3-14; Gaillimh, 1-4. An Pheil Tá ag dul den tseanamhisneach a bhíodh ag muinntir Chiarraighe. Do b'fhollus soin óna olcus a sheasadar imirt an Domhnaigh. Ní raibh an t-ádh leó aon uair. Fuireann ana- mhaith a b'eadh a lán aca, acht scriosairí árda a bhí sa chuid eile. Bhíodar anachliste, agus d'oibrigheadar go maith as a chéile. Thuilleadar an chraobh ar an imirt a dheineadar. Sidé an scór: Muigh Eó, 1-8; Ciarraighe 0-5. Táilli Báire Craobh Bhaile Átha Cliath: - Commercials, 4-16; Rábairí, 2-2. Ciceamaigh, 3-7; G.S. & W.R., 2-8. Sna hiomaidheachtaibh fé mar an Chumainn Báire, Dia Domhnaigh, do fuair an tÁrdchraobh buadh i n-aiscidh ós na Fianna; agus Taistealaigh na nGáilte ar chomaoin ós na Crócaigh. Ag Malla, Dia Domhnaigh do socruigheadh an cluithche deireannach de chraobh Chonntae Chorcaighe sa Pheil. Muinntir na Laoi agus fuireann ó Mhainistir Fhearmuighe a bhí ar aghaidh a chéile. An scór: Muinntir na Laoi, 2-8; An Mhainistir, 0-6. Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services