Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Corn an Chrócaigh

Title
Ar Faithche na hImeartha - Corn an Chrócaigh
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Corn an Chrócaigh



Ag Bóthar Mhic Seoin Dia Domhnaigh do
himreadh cluithchí cinn báire is peile, 's na
hiomaidheachtaibh sin. Idir Chuigibh Mumhan is
Chonnacht a bhí. Da bháire, bhí gasraidhe ó Chonntae
an Chláir is ó Chonntae na Gaillimhe ar aghaidh a
chéile; sa pheil buidheanta ó Chonntae Muighe
Eó is ó Chonntae Chiarraighe. Do cuireadh ar
siubhal gach cluithche aca ar an am a bhí leagaithe
amach. Bhí an ghaoth an-árd agus choinghibh soin
an imirt - go háirithe sa pheil - ar an taobh de'n
bhfaithche ba shia ós na daoinibh a bhí ag féachaint
air, agus ní miste a rádh ná go raibh sluagh mór
aca san ann. Is maith liom go ndearnadh
iarracht ar an ruaig a chur ar lucht geall, acht
cad n-a thaobh nár leanadh de? Bhí lucht mion-
chleas ann go tiugh leis agus iad ag callaireacht
i slighe is go mbodhrfaidís aonach. Anois,
a mhuinntir an Chomhaltuis, ó tá tosnuighthe agaibh
ar an deaghobair ná stadaidh go mbeidh deireadh
fóghanta air. Cuiridh an ruaig ortha go léir.
Ní bhíonn aon baint ag fíor Ghaedhealaibh leó.



An Báire



Ní raibh de locht le fagháil ar an imirt seo
acht a chumhangracht a bhíodh sí uaireanta. Is
maith liom imirt bhreagh oscailte, an liathróid ag
imtheacht síos suas go mear, agus na fir
luathchosach. Sí sin an saghas imeartha a chuireann
le táille. Is fearr a bhí muinntir an Chláir
chuige 'ná muintir na Gaillimhe agus i gcoinnibh
na gaoithe féin d'éirigheadh le n-a gcur a bhfad.
Do bhuadhadar acht má dheineadar is daor go
leór a cheannuigheadar é. Sidé an scór: An
Clár, 3-14; Gaillimh, 1-4.



An Pheil



Tá ag dul den tseanamhisneach a bhíodh ag
muinntir Chiarraighe. Do b'fhollus soin óna
olcus a sheasadar imirt an Domhnaigh. Ní
raibh an t-ádh leó aon uair. Fuireann ana-
mhaith a b'eadh a lán aca, acht scriosairí
árda a bhí sa chuid eile. Bhíodar anachliste,
agus d'oibrigheadar go maith as a chéile.
Thuilleadar an chraobh ar an imirt a dheineadar.
Sidé an scór: Muigh Eó, 1-8; Ciarraighe 0-5.



Táilli Báire



Craobh Bhaile Átha Cliath: -
Commercials, 4-16; Rábairí, 2-2.
Ciceamaigh, 3-7; G.S. & W.R., 2-8.



Sna hiomaidheachtaibh fé mar an Chumainn
Báire, Dia Domhnaigh, do fuair an tÁrdchraobh
buadh i n-aiscidh ós na Fianna; agus Taistealaigh
na nGáilte ar chomaoin ós na Crócaigh.



Ag Malla, Dia Domhnaigh do socruigheadh an
cluithche deireannach de chraobh Chonntae
Chorcaighe sa Pheil. Muinntir na Laoi agus
fuireann ó Mhainistir Fhearmuighe a bhí ar
aghaidh a chéile. An scór: Muinntir na Laoi,
2-8; An Mhainistir, 0-6.



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services