Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha
Title
Ar Faithche na hImeartha
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha D'imreadh trí cinn de chluithchibh mar gheall air sin age Bóthar Mhic Seoin Dia Domhnaigh. Dhá chluithche peile agus cluithche báire a bhí ann. Níor tosnuigheadh go dtí timcheall a haon, agus d'fhág soin an cluithche deireannach dá imirt fá thuitim na hoidhche. Nar dheas an sgéal é na mílte annsúd ag fuireach go dtiocfadh traen isteach age Droichead an Ríogh. Tá a lán le foghluim againn fós is baoghlach. Do ghaibh an ghramraisg thar teorainn leis agus do loit soin an radharc ar na daoinibh a dhíol a gcuid airgid ar dhul isteach dhóibh. An aon mhaith a athluadh is a aithfhiafraighe cathain a bheidh a láthair féin ag Cumann na gCleas Lúith? An Pheil Thárla an chéad chluithche idir Chonntaethibh Chill Dara agus Ua Fáilghe. Táid óg laochradh d'éis fás do Chill Dara agus is deimhnitheach go gcloisfar uatha. Do goineadar cluithche an Domhnaigh geall leis. Sidé an scór: Cill Dara, 2-13; Uí Fáilghe, 0-1. Iarracht ana-thréan a b'eadh an cluithche eile idir Chonntaethibh Lughbhaidhe agus Cill Choinnigh. Ba mhó de chothrom a bhí eatortha ná mar bhí idir an dá bhuidhin tosaigh. Bhí an aicillidheacht ag muinntir Lughbhaidhe, amh, agus rug soin an cluithche dhóibh. I ndeireadh na mbeart bhíodar 11 puinnt agus Cill Choinnigh a sé. An Báire Imirt chinn na Sóisear i gcóir Chraobh 1907 a b'eadh an cluithche seo, agus fóirne ó Chonntaethibh na Midhe agus Cheatharlaigh a phléidh í. Bhí sé a ceathair a chlog sar ar thosnuigheadh air, agus an fearthainn ag tuitim go tiugh. Níor b'fhéidir imirt ar fóghnamh, acht mar bhí b'iad muinntir Cheatharlaigh a b'fhearr, agus tá Craobh Chúige Laighean sa bháire aca dá bhárr. Sidé an scór: Ceatharlach 2-9; An Mhidhe, 0-9. Táillí Báire Dáibhisigh (Sinsir), 2-13; Rábairí, 0-3. Cuchulainn (Sinsir) v. Ciceamaigh. Do cuireadh ar athlá toisc na doininne. Biadhtaigh (Meadhóin), 2-11; Dáibhisigh, 0-7. Bhuadadar fuireann na hArd-Chraoibhe ar na Stiophánaigh. Caoimhghinigh (Sóisir), 1-11; Dáibhisigh, 1-2. Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services