Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha

Title
Ar Faithche na hImeartha
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



D'imreadh trí cinn de chluithchibh mar gheall
air sin age Bóthar Mhic Seoin Dia Domhnaigh.
Dhá chluithche peile agus cluithche báire a bhí ann.
Níor tosnuigheadh go dtí timcheall a haon, agus
d'fhág soin an cluithche deireannach dá imirt
fá thuitim na hoidhche. Nar dheas an sgéal
é na mílte annsúd ag fuireach go dtiocfadh
traen isteach age Droichead an Ríogh. Tá a lán
le foghluim againn fós is baoghlach. Do ghaibh
an ghramraisg thar teorainn leis agus do loit
soin an radharc ar na daoinibh a dhíol a gcuid
airgid ar dhul isteach dhóibh. An aon mhaith a
athluadh is a aithfhiafraighe cathain a bheidh a láthair
féin ag Cumann na gCleas Lúith?



An Pheil



Thárla an chéad chluithche idir Chonntaethibh Chill
Dara agus Ua Fáilghe. Táid óg laochradh d'éis
fás do Chill Dara agus is deimhnitheach go
gcloisfar uatha. Do goineadar cluithche an
Domhnaigh geall leis. Sidé an scór: Cill Dara,
2-13; Uí Fáilghe, 0-1. Iarracht ana-thréan a
b'eadh an cluithche eile idir Chonntaethibh Lughbhaidhe
agus Cill Choinnigh. Ba mhó de chothrom a bhí
eatortha ná mar bhí idir an dá bhuidhin tosaigh. Bhí
an aicillidheacht ag muinntir Lughbhaidhe, amh, agus
rug soin an cluithche dhóibh. I ndeireadh na
mbeart bhíodar 11 puinnt agus Cill Choinnigh a
sé.



An Báire



Imirt chinn na Sóisear i gcóir Chraobh 1907 a
b'eadh an cluithche seo, agus fóirne ó Chonntaethibh
na Midhe agus Cheatharlaigh a phléidh í. Bhí sé
a ceathair a chlog sar ar thosnuigheadh air, agus
an fearthainn ag tuitim go tiugh. Níor b'fhéidir
imirt ar fóghnamh, acht mar bhí b'iad muinntir
Cheatharlaigh a b'fhearr, agus tá Craobh Chúige
Laighean sa bháire aca dá bhárr. Sidé an scór:
Ceatharlach 2-9; An Mhidhe, 0-9.



Táillí Báire



Dáibhisigh (Sinsir), 2-13; Rábairí, 0-3.
Cuchulainn (Sinsir) v. Ciceamaigh. Do cuireadh
ar athlá toisc na doininne.
Biadhtaigh (Meadhóin), 2-11; Dáibhisigh, 0-7.
Bhuadadar fuireann na hArd-Chraoibhe ar na
Stiophánaigh.
Caoimhghinigh (Sóisir), 1-11; Dáibhisigh, 1-2.



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services