Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Mainistir Fhearmuighe
Title
Ar Faithche na hImeartha - Mainistir Fhearmuighe
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Mainistir Fhearmuighe Do socruigheadh alt eile sna hiomaidheachtaibh i gcóir Chraobh na Mumhan sa bhaire. I Máinistir Fhearmuighe do tárla soin Dia Domhnaigh. Deirtear go raibh os cionn cheithre míle duine i láthair. Bhí an lá agus an láthair ar fheabhas. Idir Chonntaethibh Chorcaighe agus Thiobraid Árann a bhí an comórtas agus ní breagh a rádh go bhfeacathas imirt fóghanta ann. Do deineadh gníomhartha gaiscidh ar gach toabh. Go dtí an nóimeat deireannach nóopr féadfadh aon duine a rádh cia bhuaidhfadh. Do coimeádadh an laithróid ar diantsiubhal i gcaitheamh na himeartha agus b'í sin an liathróid a fuair an pocadh is an pléascadh. Bhí puinte sa bhreis ag muinntir Thiobraid Árann i ndeireadh na mbeart. Molaim iad. Sidé an scór: Tiobraid Árann, 2-11; Corcaigh, 3-7. Bóthar Mhic Seoin Age Bóthar Mhic Seoin do cuireadh i gcrích trí cluithchí eile ins na hiomaidheachtaibh i gcóir Chraobh Cúige Laighean, cluithche peile (sóisir) agus dhá chluithche bháire idir Chonntaethibh Chill Choinnigh is Loch gCarmain. Do bhuadhadar sóisir Locha gCarmain go hadhsáideach sa pheil. Sidé an scór: Loch gCarmain, 3-5; Cill Choinnigh, 0-3. An Báire An-imirt ar fad a b'eadh cluithche na Sinsear, ar shon go raibh buille garbh n-a thosach. Sa leath deiridh bhíothas ar comhscór fé chúig as diaidh a chéile, agus gach ré bpuinte a chur isteach aca. Mar sin féin tháinig Loch gCarmain as i n-uachtar. Sidé an scór: Loch gCarmain. 1-8; Cill Choinnigh, 0-10. Bhí an oidhche tuitthe sarar cuireadh deireadh leis an gcluithche eile. Mar sin féin do leanadh dhe go dtarla an t-am chun críche. Bhuadhadar muinntir Chill Choinne go follus. Sidé an scór: Cill Choinnigh 4-8; Loch gCarmain, 0-5. Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services