Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Mainistir Fhearmuighe

Title
Ar Faithche na hImeartha - Mainistir Fhearmuighe
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Mainistir Fhearmuighe



Do socruigheadh alt eile sna hiomaidheachtaibh
i gcóir Chraobh na Mumhan sa bhaire. I
Máinistir Fhearmuighe do tárla soin Dia
Domhnaigh. Deirtear go raibh os cionn cheithre
míle duine i láthair. Bhí an lá agus an láthair
ar fheabhas. Idir Chonntaethibh Chorcaighe agus
Thiobraid Árann a bhí an comórtas agus ní
breagh a rádh go bhfeacathas imirt fóghanta
ann. Do deineadh gníomhartha gaiscidh ar gach
toabh. Go dtí an nóimeat deireannach nóopr
féadfadh aon duine a rádh cia bhuaidhfadh. Do
coimeádadh an laithróid ar diantsiubhal i
gcaitheamh na himeartha agus b'í sin an liathróid
a fuair an pocadh is an pléascadh. Bhí puinte
sa bhreis ag muinntir Thiobraid Árann i ndeireadh
na mbeart. Molaim iad. Sidé an scór:
Tiobraid Árann, 2-11; Corcaigh, 3-7.



Bóthar Mhic Seoin



Age Bóthar Mhic Seoin do cuireadh i gcrích
trí cluithchí eile ins na hiomaidheachtaibh i gcóir
Chraobh Cúige Laighean, cluithche peile (sóisir)
agus dhá chluithche bháire idir Chonntaethibh Chill
Choinnigh is Loch gCarmain. Do bhuadhadar
sóisir Locha gCarmain go hadhsáideach sa pheil.
Sidé an scór: Loch gCarmain, 3-5; Cill
Choinnigh, 0-3.



An Báire



An-imirt ar fad a b'eadh cluithche na Sinsear,
ar shon go raibh buille garbh n-a thosach. Sa
leath deiridh bhíothas ar comhscór fé chúig as
diaidh a chéile, agus gach ré bpuinte a chur
isteach aca. Mar sin féin tháinig Loch gCarmain
as i n-uachtar. Sidé an scór: Loch gCarmain.
1-8; Cill Choinnigh, 0-10. Bhí an oidhche tuitthe
sarar cuireadh deireadh leis an gcluithche eile.
Mar sin féin do leanadh dhe go dtarla an t-am
chun críche. Bhuadhadar muinntir Chill Choinne
go follus. Sidé an scór: Cill Choinnigh 4-8;
Loch gCarmain, 0-5.



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services