Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Uladh v. An Mhumhain
Title
Ar Faithche na hImeartha - Uladh v. An Mhumhain
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Uladh v. An Mhumhain Tá an comórtas i leith Chorn an Chrócaigh ar siubhal fé láthair. Do socruigheadh cuinntuisí idir laochraidhe Uladh is na Mumhan age Bóthar Mhic Seoin Dia Domhnaigh. Bhí cluithche báire ann idir fóirnibh ón gClár is ó Aondruim, agus cluithche peile idir Chonntaethe Chiarraighe agus an Chabháin. Is maith liom a fheicsint gur tháinig go Baile Átha Cliath an oidhche roimh ré na daoine abhfad ó bhaile. D'fhág soin breis mhisnigh is spionnadh ionnta i gcóir na hoibre, agus do tosnughadh an spórt i dtráith. An Imirt Maidir leis an imirt ní ró mhaith a bhí ar aon taobh de'n dá chluithche. Sa bháire bhí an ceannsmách ag na Cláirínigh ar feadh na haimsire go léir. Ar shon go bhfuil feabhas nach fálta tagaithe ar mhuinntir Bhéal Feirsde ó anuiridh, tá a lán le foghluim fós aca sara mbeidh foirbhthe i n-aghaidh sean-leoghan. Sa pheil do thespeándar na Ciarraighigh a gcrodhacht thar an ndream eile go luath agus dá mhéid iarrachtaí a dheineadar na Bréifnigh do theip ortha briseadh tríd an bhfál a bhí n-a gcoinnibh. Sidé an dá thaille: - Sa bháire: An Clár, 2-9; Aondruim 0-2. Sa pheil: Ciarraighe 4-7; An Cabhán, 0-4. An Lár Is mór an truagh nár gearradh an féar de'n lár. Féar fada an cosc is mó ar iománuidheacht. Cathain a bheidh iomad fé leith age Gaedhlaibh Bhaile Átha Cliath i gcóir a gcleas lúith féin. Do bheadh láthair ceannuighthe aca ar an gcíos atá díolta cheana féin aca. Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services