Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Uladh v. An Mhumhain

Title
Ar Faithche na hImeartha - Uladh v. An Mhumhain
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Uladh v. An Mhumhain



Tá an comórtas i leith Chorn an Chrócaigh ar
siubhal fé láthair. Do socruigheadh cuinntuisí
idir laochraidhe Uladh is na Mumhan age Bóthar
Mhic Seoin Dia Domhnaigh. Bhí cluithche báire
ann idir fóirnibh ón gClár is ó Aondruim, agus
cluithche peile idir Chonntaethe Chiarraighe agus
an Chabháin. Is maith liom a fheicsint gur tháinig
go Baile Átha Cliath an oidhche roimh ré na daoine
abhfad ó bhaile. D'fhág soin breis mhisnigh is
spionnadh ionnta i gcóir na hoibre, agus do
tosnughadh an spórt i dtráith.



An Imirt



Maidir leis an imirt ní ró mhaith a bhí ar aon
taobh de'n dá chluithche. Sa bháire bhí an
ceannsmách ag na Cláirínigh ar feadh na
haimsire go léir. Ar shon go bhfuil feabhas
nach fálta tagaithe ar mhuinntir Bhéal Feirsde
ó anuiridh, tá a lán le foghluim fós aca sara
mbeidh foirbhthe i n-aghaidh sean-leoghan. Sa
pheil do thespeándar na Ciarraighigh a
gcrodhacht thar an ndream eile go luath agus dá
mhéid iarrachtaí a dheineadar na Bréifnigh do
theip ortha briseadh tríd an bhfál a bhí n-a gcoinnibh.
Sidé an dá thaille: - Sa bháire: An Clár, 2-9;
Aondruim 0-2. Sa pheil: Ciarraighe 4-7; An
Cabhán, 0-4.



An Lár



Is mór an truagh nár gearradh an féar de'n
lár. Féar fada an cosc is mó ar iománuidheacht.
Cathain a bheidh iomad fé leith age Gaedhlaibh
Bhaile Átha Cliath i gcóir a gcleas lúith féin. Do
bheadh láthair ceannuighthe aca ar an gcíos atá
díolta cheana féin aca.



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services