Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Ag Bóthar Mhic Seoin
Title
Ar Faithche na hImeartha - Ag Bóthar Mhic Seoin
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Ag Bóthar Mhic Seoin Age Bóthar Mhic Seoin Dia Domhnaigh do conncathas pas maith peile idir laochraidh Lughbhaidhe is Chill Choinnigh. Bhí an oiread soin traenacha ag teacht go Bhaile Átha Cliath an lá soin gur moilleadh go mór ar mhuinntir Chill Choinnigh, agus bhí sé ceathramhadh thar éis a dó sul ar thosnuigh an spórt. Do ghoill an gnó so go mór ar na daoinibh bhí ann i dtaca an mheadhoin lae. Is iongnadh liom ná raibh sé de mheabhair ag an gComhaltus féachaint chuige seo roimh ré agus a chur n-a luighe ar fóirnibh go mbeidh d'fhiachaibh ortha an láthair a sheasamh i dtráith. Acht scaoilimís tharainn é do'n chor so; ní dócha go dtuitfidh a leithéid amach go fóill arís. An Imirt An dream go raibh sé de fhoidhne aca fuireach leis an gcluithche bhíodar sásta go maith leo féin. Bhí an cluithche ar fheabhus. Sa chéad babhta bhí an ghaoth i bhfabhar na fóirne ó Cho. Lughbhaidhe, agus ar shon gur oibrigheadar go luathlámhach, do chailleadar a lán iarrachtaí. Sa tarna babhta do dhein muinntir Chill Choinnigh go maith agus sa cheathramhadh deiridh dhen imirt ní raibh aon tseasamh i n-a gcoinnibh. Do thángadar as ar aon-scór. Sidé an táille: — Lughbhaidhe, 2-7; Cill Choinnigh 1-10. An Báire Bhí cluithche báire le bheith ann idir foirnibh ón Mhidhe is ón Iarmhidhe. Ní tháinig muinntir na hIarmhidhe i n-am agus fuair an dream eile buadh i n-aiscidh. Ag An gCloich Léith Thárla cluithche peile idir Chéitinnigh Átha Cliath agus Rábairí Inse Córthaigh. Sidé an scór: Céitinnigh, 1-6; Rábairí, 1-4. Táillí Báire Brianaigh (Meadhóin), 5-11; Tuathlaigh, 1-4. Cuchulainn (Sinsir), 3-6; Rábairí, 1-5. Dáibhisigh (Sinsir) buadh i n-aiscidh ó Ráth Ó Máine. Caoimhínigh, 3-5; Colmcille (Soisir), 0-2.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services