Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Ag Bóthar Mhic Seoin

Title
Ar Faithche na hImeartha - Ag Bóthar Mhic Seoin
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Ag Bóthar Mhic Seoin



Age Bóthar Mhic Seoin Dia Domhnaigh do
conncathas pas maith peile idir laochraidh
Lughbhaidhe is Chill Choinnigh. Bhí an oiread soin
traenacha ag teacht go Bhaile Átha Cliath an lá
soin gur moilleadh go mór ar mhuinntir Chill
Choinnigh, agus bhí sé ceathramhadh thar éis a dó
sul ar thosnuigh an spórt. Do ghoill an gnó so
go mór ar na daoinibh bhí ann i dtaca an mheadhoin
lae. Is iongnadh liom ná raibh sé de mheabhair
ag an gComhaltus féachaint chuige seo roimh ré
agus a chur n-a luighe ar fóirnibh go mbeidh
d'fhiachaibh ortha an láthair a sheasamh i dtráith.
Acht scaoilimís tharainn é do'n chor so; ní dócha
go dtuitfidh a leithéid amach go fóill arís.



An Imirt



An dream go raibh sé de fhoidhne aca fuireach
leis an gcluithche bhíodar sásta go maith leo
féin. Bhí an cluithche ar fheabhus. Sa chéad
babhta bhí an ghaoth i bhfabhar na fóirne ó Cho.
Lughbhaidhe, agus ar shon gur oibrigheadar go
luathlámhach, do chailleadar a lán iarrachtaí.
Sa tarna babhta do dhein muinntir Chill Choinnigh
go maith agus sa cheathramhadh deiridh dhen imirt
ní raibh aon tseasamh i n-a gcoinnibh. Do thángadar
as ar aon-scór. Sidé an táille: — Lughbhaidhe,
2-7; Cill Choinnigh 1-10.



An Báire



Bhí cluithche báire le bheith ann idir foirnibh ón
Mhidhe is ón Iarmhidhe. Ní tháinig muinntir na
hIarmhidhe i n-am agus fuair an dream eile
buadh i n-aiscidh.



Ag An gCloich Léith



Thárla cluithche peile idir Chéitinnigh Átha
Cliath agus Rábairí Inse Córthaigh. Sidé an
scór: Céitinnigh, 1-6; Rábairí, 1-4.



Táillí Báire



Brianaigh (Meadhóin), 5-11; Tuathlaigh, 1-4.
Cuchulainn (Sinsir), 3-6; Rábairí, 1-5.
Dáibhisigh (Sinsir) buadh i n-aiscidh ó Ráth
Ó Máine.
Caoimhínigh, 3-5; Colmcille (Soisir), 0-2.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services