Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail - Na Gaedhil Óga
Title
Cúrsaí an tSaoghail - Na Gaedhil Óga
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail Na Gaedhil Óga. Do bhíomar ag trácht i n-áit eile de'n CHLAIDHEAMH an tseachtmhain seo tharainn ar na sean-Ghaedhilgeóiríbh, agus chomh riachtanach 's atá sé iad do thabhairt isteach ins an gConnradh. Ba mhaith linn cupla focal a rádh annso an tseachtmhain seo i dtaoibh an Aosa Óig. Má tá an tAos Óg linn, béidh an báire linn; muna mbéidh an tAog Óg sa gConnradh, is deacair a rádh go mbéidh an bhuaidh againn. Muna bhfuil a gcroidhthe 's a n-aignidh 'ghá dtreorugahdh agus 'ghá réidhteach ar shlighe an Chonnartha, ní bhéidh siad linn, acht b'fhéidir corr-dhuine anonn 's anall. Má bhíonn an báire linn amach annso, caithfimíd leagan orainn 's greim d'fhágháil ar na páistíbh. Tá faitchíos orainn gur ceist í seo nár ionnsuigh na Craobhacha go maith fós; acht dá luaithe dá ndéanfaidh siad sin, is amhlaidh is fearr é. Má bhíonn an páiste Gaedhealach beidh an fear nó an bhean Gaedhealach; béidh siad slán ó'n nGalldachas. Tá sé de dhualgas ar na Craobhachaibh, agus go mór-mhór ar na Coistíbh Ceanntair iarracht dian a dhéanamh chum na páistí a thabhairt isteach sa gConnradh, 's Craobhacha d' “Éire Óg” a chur ar bun. Áit ar bith a bhfuil múinteóir taistil ag obair is é ar mbaramhail go bhféadfaidhe Craobh nó dhó d' “Éire Óg” a chur ag obair. Ins na bailtíbh is gnáthach go mbíonn páistí sgoile ag rangaibh na Craoibhe, acht ní maith le daoine fásta a bheith ag foghlaim i n-a measg; dá bhrígh sin b'fhéidir Craobh d' “Éire Óg” a chur ar bun do na páistíbh, 's lá ar leith a leagan amach dóibh. 'Nuair a bheadh fhios aca go mba iad féin a bheadh ag riaghalughadh na Craoibhe, thaithneochadh sé go mór leo, mar atá fhios againn ó Chraobhachaibh a cuireadh ar bun, agus atá ag déanamh obair bhreagh ar son an Aosa Óig. Ó thárla go bhfuil furmhór na bpáistí ag fóghlaim Gaedhilge ins na sgoileannaibh, ceachtaí cainnte is eadh badh chóir a bheith aca sa gCraoibh; 's d'fhéadfaidhe ceachtaí de'n tseort so a dhéanamh sultmhar greannmhar, meidhreach; amhráin Gaedhilge 's stair na hÉireann ('s go háirithe stair an cheanntair) a mhúineadh chomh maith céadna. I lámhaibh múinteóra mhaith a mbeadh cion aige ar pháistíbh bh'iongantach an obair a b'fhéidir a dhéanamh 'n-a measg, 's b'ait an toradh bheadh dhá bharr. Is iad leanbhaí óga na hÉireann ar n-dóchas, acht mar ndéantar a dtreórughadh ar shlighe na nGaedheal ní bhéidh siad Gaedhealach. Ní gábhadh dhúinn trácht níos mó air seo, tuigeann ar léightheoiríbh go maith an cheist anois; agus tá súil againn go ndéanfaidhe na Connraitheóirí, go háirithe iad so atá i mbailtíbh móra, iarracht ar Chraobhacha d' “Éire Óg,” a chur ar bun, chum na páistí a Ghaedhea- lughadh i gcroidhe, i n-aigne, agus i dteanga.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services