Cúrsaí an tSaoghail
Na Gaedhil Óga.
Do bhíomar ag trácht i n-áit eile de'n
CHLAIDHEAMH an tseachtmhain seo tharainn ar
na sean-Ghaedhilgeóiríbh, agus chomh riachtanach
's atá sé iad do thabhairt isteach ins an
gConnradh.
Ba mhaith linn cupla focal a rádh annso
an tseachtmhain seo i dtaoibh an Aosa Óig. Má
tá an tAos Óg linn, béidh an báire linn;
muna mbéidh an tAog Óg sa gConnradh, is
deacair a rádh go mbéidh an bhuaidh againn. Muna
bhfuil a gcroidhthe 's a n-aignidh 'ghá dtreorugahdh
agus 'ghá réidhteach ar shlighe an Chonnartha, ní
bhéidh siad linn, acht b'fhéidir corr-dhuine anonn
's anall. Má bhíonn an báire linn amach
annso, caithfimíd leagan orainn 's greim
d'fhágháil ar na páistíbh.
Tá faitchíos orainn gur ceist í seo nár
ionnsuigh na Craobhacha go maith fós; acht dá
luaithe dá ndéanfaidh siad sin, is amhlaidh is
fearr é. Má bhíonn an páiste Gaedhealach beidh
an fear nó an bhean Gaedhealach; béidh siad slán
ó'n nGalldachas. Tá sé de dhualgas ar na
Craobhachaibh, agus go mór-mhór ar na Coistíbh
Ceanntair iarracht dian a dhéanamh chum na
páistí a thabhairt isteach sa gConnradh, 's
Craobhacha d' “Éire Óg” a chur ar bun. Áit
ar bith a bhfuil múinteóir taistil ag obair is
é ar mbaramhail go bhféadfaidhe Craobh nó dhó
d' “Éire Óg” a chur ag obair.
Ins na bailtíbh is gnáthach go mbíonn páistí
sgoile ag rangaibh na Craoibhe, acht ní maith le
daoine fásta a bheith ag foghlaim i n-a measg;
dá bhrígh sin b'fhéidir Craobh d' “Éire Óg” a
chur ar bun do na páistíbh, 's lá ar leith a leagan
amach dóibh. 'Nuair a bheadh fhios aca go mba iad
féin a bheadh ag riaghalughadh na Craoibhe,
thaithneochadh sé go mór leo, mar atá fhios
againn ó Chraobhachaibh a cuireadh ar bun, agus
atá ag déanamh obair bhreagh ar son an Aosa
Óig.
Ó thárla go bhfuil furmhór na bpáistí ag
fóghlaim Gaedhilge ins na sgoileannaibh, ceachtaí
cainnte is eadh badh chóir a bheith aca sa gCraoibh;
's d'fhéadfaidhe ceachtaí de'n tseort so a
dhéanamh sultmhar greannmhar, meidhreach;
amhráin Gaedhilge 's stair na hÉireann ('s go
háirithe stair an cheanntair) a mhúineadh chomh
maith céadna. I lámhaibh múinteóra mhaith a
mbeadh cion aige ar pháistíbh bh'iongantach an
obair a b'fhéidir a dhéanamh 'n-a measg, 's
b'ait an toradh bheadh dhá bharr. Is iad leanbhaí
óga na hÉireann ar n-dóchas, acht mar ndéantar
a dtreórughadh ar shlighe na nGaedheal ní bhéidh
siad Gaedhealach.
Ní gábhadh dhúinn trácht níos mó air seo,
tuigeann ar léightheoiríbh go maith an cheist
anois; agus tá súil againn go ndéanfaidhe
na Connraitheóirí, go háirithe iad so atá i
mbailtíbh móra, iarracht ar Chraobhacha d' “Éire
Óg,” a chur ar bun, chum na páistí a Ghaedhea-
lughadh i gcroidhe, i n-aigne, agus i dteanga.