Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Gaedheal 'n-a Fheallsamhain
Title
An Gaedheal 'n-a Fheallsamhain
Author(s)
Ó Catháin, Giollabhríghde,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Gaedheal 'n-a Fheallsamhain. II. (Beathaidheolas) Tá staidéar ann ar a dtugtar Beathaidheolas no “BIOLOGIA” sa Laidin. Déantar sgrúdughadh agus stuidéar i ndéanamh i gcéim agus i stair gach shaghais ainmhidhe, ó'n gcuma is ísle go dtí an chéim is aoirde. Ins an chuma is ísle de'n bheathaidh, gheibhimíd ainmhidhe bheag go dtugtar an t-amoeba air (Gréigis amoibos — gan cruth). Saghas ar bith de'n Ádhbhar (Matter) go bhfuil beatha ann, mar atá feoil, craiceann agus eile — éin-nídh dá bhfuil beo — tuigfear ar a shnásughadh (.i. a briseadh suas, a idirdhealughadh agus a mion-sgrúdughadh) gur as príomh-ádhbhar d'éan chinéal amháin soláthruigheadh é. Ainm Gréagach atá air — PRÓTOPLASMA (an chéad-dhéanmhas). Dearcuighidh blúir feola tríd an miondracán, agus chífir gur cnuasach mór “cillíní” (laidin “CELLA”) atá ann; agus 'sé atá i ngach cillín aca ná mar a bheadh seomra beag de'n phrótoplasma — acht, tuig go beacht, seomra atá BEO. Tá na mílte de na cillínibh seo le fagháil i leithead leath-órlaigh do do láimh. Maiseadh, níl ins an AMOEBA acht cillín amháin leis féin — ainmhidhe “éin-chilleach” iseadh é. Níl aon chruth air — bíonn atharrughadh ag teacht ar a chruth, gach ré nóimeat. Is ar éigin is féidir a rádh gur rud beo é; acht is eadh. Smúit bheag de'n PHRÓTOPLASMA is eadh é, gan cheann gan chruth gan déanamh. Acht ar chuma amháin tá déanamh de shaghas áirithe ann. Bíonn an prótoplasma níos tiugha i n-áiteannaibh 'ná mar bhíonn i n-áiteannaibh eile. Tá sé tiugh go leor ar imeall an amoeba — balla an tseomra mar adéarfá — agus fós ins an lár tá tiughacht eile le fagháil. Tá cumas gluaiseachta aige: bíonn sé ag seachrán tríd an uisge. Caitheann sé biadh; nuair a bhuailtear aon bhlúire eile de “Adhbhar Orgánach” (i.e., beo) leis filleann an t-amoeba a chorp glothaigh timcheall air, agus slugann mar sin é. Níl éan bhéal fá leith aige; déanann an chuid dá chorp is giorra dó'n bhiadh an gnó — osgailtear é agus slugann an biadh. Is féidir a rádh, fós, go mbíonn clann aige. Uaireannta, chífeá dhá thiughacht — dhá lár — laistigh ann agus i gceann tamaill sgoiltear an cillín agus imthigheann an dara cillín ar seachrán dó féin agus an chéad chillín ann i gcomhnaidhe. Agus rud is iongantaighe fós, níl aon deallramh ann go bhfaghann an t-amoeba bás riamh; má tá sé beo, fanann sé beo. Ní cóir dúinne bheith neamh-shásta toisg bás a bheith i ndán do'n duine; is ag an gcéim is ísle amháin atá beatha gan stad i gcríochaibh na haimsire agus ní maoidhte air siúd. I staidéar an Bheathaidheolais téidhtear suas ó rang go rang, ó'n amoeba go dtí an t-ainmhidhe daonnaidhe, agus tá saghas slabhradh ionnta, agus iad ceangailte le chéile rang ar rang, gan acht difridheacht bheag idir gach rang aca agus gach a bhfuil de dhifridheacht sa ndomhan idir an tús (an t-amoeba) agus an deireadh (an daonnaidhe). Agus i mbroinn a mháthar, slán do'n urraim mar a ráidhtear, téidheann colann an duine tré gach staid aca: tosuigheann as éan chillín amháin agus déanann aithris ar stair an chinidh ainmhidhigh ar fad, amhail mar adeir an Eaglais linn tá Iodhbhairt Mhór Mhic Dé ar a aith-dhéanamh i ngach Aifreann dá léightear. Ní féidir déanamh ba simplidhe d'fhagháil ná mar bhí ins an amoeba; acht ar dul i n-áirde dúinn i gcéimeannaibh na hainmhidheachta, chífeá níos mó “idirdhealuighthe” ins na colnaibh. Is gairid go bhfuighfeá béal fá leith, agus áit áirithe chun an biadh do dhíleaghadh — gléas an- shimplidhe ar dtúis, acht ag dul* “i ngreann- tanas,” má's féidir a rádh, ins na céimeannaibh, 's aoirde. I gcolainn an duine tá trí cóimhgléis, (nó systems i mBéarla) de'n tsaghas so. Tá an Gléas Dileaghtha ann atá mar fiodán fada amháin go dtugtar béal, sgórnach, goile, inneacha ar chodaibh de, de réir na húsáide nó an adhma atá ionnta; an Gléas Fola, idir croidhe agus féiteanna, a ghabhann tré gach áit de'n corp mar a bhéadh tré mhúsgán; agus an Gléas Téadraigh idir inchinn agus téideog (Laidin, NERVUS) an bhaint chorpardha idir cholann an duine agus a bheatha mar daonnaidhe. Baineann cuimhne, gníomh, toil, grádh agus eile leis an gléas so go dtiubhrfaimíd an Téadrach air. Go dtí gach áit agus go gach órlach de'n chorp daonnaidhe téidheann téideóga ó'n inchinn nó ó cnáimh an droma, díreach mar shamhlughadh na mbóithre iarainn ar léarsgáil nó mapa d'Éirinn, nó mar an Gléasgutha i gcathair mhóir éigin. Tagann “bileanna” móra áirithe as gach aon chuid de'n inchinn, agus ó gach alt de'n drom-chnáimh; dealuighthear amach i gcraobhachaibh iad siúd, agus dealuighthear na craobhacha arís mar an gcéadna, ar chuma go bhfuil gach orgán de'n colainn, gach iosgán† de'n fheoil agus gach ball de'n chroiceann fá réir na dtéideog so. Caidé gnó na dtéideog, máiseadh? Áit ar bith id' chorp go mothuigheann tú éinnidh, is comhartha sin go bhfuil baint ag téideoig éigin leis. Mara mbeadh, ní bhéadh aon mhothuigheacht ann chor ar bith. Aon bhall nó cuid de'n chorp go bhfuil sé ar do chumas é bhorradh nó chorrughadh ar do thoil féin, téideog eile atá 'ghá réir; muna mbeadh, ní bhéadh borradh ins an mball sin. Tá cuid de na téideogaibh ag iomchur sgéala ó imeall nó ó fhoireannaibh na colna go dtí an inchinn; cuid eile ag iomchur aitheannta nó órduighthe ó'n inchinn amach (nó b'fhéidir thíos ar fuaid téide an droma) go dtí na hiosgáin, á gcorrughadh do réir do thola. Mar sin de, tá dhá shaghas téideog ann, téideoga an Chorruighthe agus téideoga na Céadfaidheachta. Má tá pairilís ar dhuine i n-a lúidín, abair, is comhartha sin go bhfuil an téideog Corruighthe nó gluais-téideog atá mar chómhnaisg idir an inchinn agus iosgáin an lúidín, gointe no loithte; má tá duine dall agus rosg a shúile slán, 'sé lot téideoige na súile is cionntach leis an daille. Tá dhá roinn ins an nGléas Téadraigh — an Gléas Chómh-Mhothuightheach (Laid. SYMPATHETI- CUS) agus an Gléas Inchinne-go-Droimlach (Laid. CEREBRO-SPINALIS). Riar agus riaghlughadh na beathadh fásmhaile no colnaidhe (vita vegetativa) atá ag an céad gléas, agus 'sé atá ins an dara roinn 'ná gléas oibre na beathadh meanmnaighe (vita mentalis). Ins an nGleas Inchinne-go-Droimlach tá dhá roinn arís. (a.) An toirt láir (axis cerebro-spinalis) .i. an inchinn agus téad an dromlaigh ag dul uaithi ar fuaid chnámha an droma síos; agus (b.) Na bileanna agus na craobhacha ag dul uatha, agus mion-chraobhacha eile uatha soin, ar fuaid na colna ar fad. Ó théad an dromlaigh borrann dhá phéire téideoga idir gach dhá alt de'n drom-chnáimh; péire as éadan “colamhna an dromlaigh” péire eile as a cúl. Téideoga an Chorruighthe, gluais-théideoga nó téideoga meádhon-tseachnacha (“NERVI MOTORII, nó CENTRIFUGALIS) a tugtar ar na téideogaibh úd as éadan na colamhna; téideoga na céad- faidheachta, téideoga mothalacha nó meadhon- aimseacha (CENSORII nó CENTRIPETALES) a tugtar ortha soin atá ag dul as cúl na colamhna. Bíonn na mion-chraobhacha ó bhilleanaibh móra na dtéideog ar a gcraobhughadh agus ar a roinnt agus a n-athroinnt i snáthaibh míne ar fuaid na craicne ar chuma gur ar éigin is féidir ionad ar bith ar an gcraiceann a phriocadh le snáthaid gan téideog éigin mothálach a bheith buaidheartha ar mhodh go mothuighthear “pian.” Is léir mar sin de, go bhfuil an chuid is mó de'n chorp daonnaidhe, agus an craiceann go mór-mhór ar a chomhnaisg leis an inchinn tré cholamhain an dromlaigh. 'Siad an dá chuid de'n inchinn is mó is fiú aire, an cerebellum (.i. an inchinn bheag, nó an chuid thiar di). 'Sé gnó an chuid deiridh seo, an cerebellum, cothrom seasta agus gluaiseachta a choimeád do'n chorp. Má imrigheann nimh ar bith, mar alcothol nó strichnín, cuir i gcás ar an gcerebellum, agus gan an cerebrum do lot (ar dtúis) béidh againidheacht agus conaighneas (Laid. ratiocinatio) ins an duine, acht ní bhéidh sé n-ann gluaiseacht nó seasamh i gceart. Agus a chonntráil sin díreach, nuair a loithtear agus sgriostar an inchinn mhór (an cerebrum) i gcirc cuir i gcás, féadann an chearc siubhal agus rith cé nach bhfuil tuigsint ná céadfaidheacht ná aon tsaghas ar bith cóimhfheasa innti. Tá an inchinn mhór ar a chóimh- dhéanamh as dhéanmhús bhog áirithe, liath agus bán tré chéile. **Téid-chillíní is eadh an déanmhús liath so, agus na ††téad-tsnatha ag rith uatha is eadh an déanmhús bán. Do réir deallraimh agus do réir méid ár n-eolais go dtí an taca so, is ag na téid-chillíníbh seo atá an bhaint is mó le ‡cóimhfheas agus cuimhne. Tá clais mór fada amháin ar rith ar bharr na hinchinne ó éadan go cúl ag á roinnt 'n-a dhá leith. Baineann riar agus riaghlughadh na thaoibhe dheise de'n chorp leis an leath chlé de'n cerebrum; agus bainisteoreacht na taoibhe chlé de'n chorp leis an leath deas de'n inchinn mhóir. Nuair fheicthear do dhuine go bhfuil pairilís air 'n-a láimh dheis, is féididr leat bheith cinnte faoi an méid seo: tá an téideog gointe a théidheann ó'n láimh sin go dtí an inchinn ar bhealach an dromlaigh; nó, mara bhfuil, tá éislinn no machail éigin ins an leath CHLÉ de'n inchinn. Tá clár na hinchinne daonnaidhe clasuighthe nó fuirsighthe go mór — tá a lán coimhfhilltíní uirthi (CONVOLUTIONES), níos mó ar fad 'ná atá le fagháil ar inchinn aon ainmhidhe eile; agus tá baint éigin ag iomadh na gcóimhfhilltíní seo le treise agus feabhas na hinchinne daonnaidhe. Tá mór-chuid féith- eáiníní fola ag rith i ngach slighe tríd an inchinn agus deirtear, cé nach bhfuil ins an inchinn féin acht an cearthachadadh (dachadamhad?) 1/40 cuid de'n chorp go léir bíonn an cúigmheadh cuid de'n fhuil uile ag dul di (tríthi?). Ba cheart a luadhadh annso nach bhfuil na téideoga uile ag teacht as cnáimh an dromlaigh. Tá naoi mbeirt de théideogaibh ag dul ó bhonn- lár na hinchinne go dtí áirdeanna áirithe sa cheann — go dtí an tsrón, na súile, an teanga, na gialla, na cluasa agus eile. GIOLLABHRÍGHDE Ó CATHÁIN. (tuilleadh) * Greanntanas (elaboration) † Iosgán: Laidin “musculus.” ** Téid-chillíní — nerve cells †† Téad-tsnátha — nerve fibres ‡ Coimhfheas — consciousness
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services