An Gaedheal 'n-a Fheallsamhain.
II.
(Beathaidheolas)
Tá staidéar ann ar a dtugtar Beathaidheolas no
“BIOLOGIA” sa Laidin. Déantar sgrúdughadh
agus stuidéar i ndéanamh i gcéim agus i stair
gach shaghais ainmhidhe, ó'n gcuma is ísle go dtí an
chéim is aoirde. Ins an chuma is ísle de'n
bheathaidh, gheibhimíd ainmhidhe bheag go dtugtar
an t-amoeba air (Gréigis amoibos — gan cruth).
Saghas ar bith de'n Ádhbhar (Matter) go bhfuil
beatha ann, mar atá feoil, craiceann agus eile —
éin-nídh dá bhfuil beo — tuigfear ar a shnásughadh
(.i. a briseadh suas, a idirdhealughadh agus a
mion-sgrúdughadh) gur as príomh-ádhbhar d'éan
chinéal amháin soláthruigheadh é. Ainm Gréagach
atá air — PRÓTOPLASMA (an chéad-dhéanmhas).
Dearcuighidh blúir feola tríd an miondracán,
agus chífir gur cnuasach mór “cillíní” (laidin
“CELLA”) atá ann; agus 'sé atá i ngach
cillín aca ná mar a bheadh seomra beag de'n
phrótoplasma — acht, tuig go beacht, seomra
atá BEO. Tá na mílte de na cillínibh seo le
fagháil i leithead leath-órlaigh do do láimh.
Maiseadh, níl ins an AMOEBA acht cillín
amháin leis féin — ainmhidhe “éin-chilleach” iseadh é.
Níl aon chruth air — bíonn atharrughadh ag teacht
ar a chruth, gach ré nóimeat. Is ar éigin is
féidir a rádh gur rud beo é; acht is eadh. Smúit
bheag de'n PHRÓTOPLASMA is eadh é, gan
cheann gan chruth gan déanamh. Acht ar chuma
amháin tá déanamh de shaghas áirithe ann. Bíonn an
prótoplasma níos tiugha i n-áiteannaibh 'ná mar
bhíonn i n-áiteannaibh eile. Tá sé tiugh go leor
ar imeall an amoeba — balla an tseomra mar
adéarfá — agus fós ins an lár tá tiughacht eile le
fagháil. Tá cumas gluaiseachta aige: bíonn
sé ag seachrán tríd an uisge. Caitheann sé
biadh; nuair a bhuailtear aon bhlúire eile de
“Adhbhar Orgánach” (i.e., beo) leis filleann an
t-amoeba a chorp glothaigh timcheall air, agus
slugann mar sin é. Níl éan bhéal fá leith aige;
déanann an chuid dá chorp is giorra dó'n bhiadh an
gnó — osgailtear é agus slugann an biadh. Is
féidir a rádh, fós, go mbíonn clann aige.
Uaireannta, chífeá dhá thiughacht — dhá lár —
laistigh ann agus i gceann tamaill sgoiltear
an cillín agus imthigheann an dara cillín ar
seachrán dó féin agus an chéad chillín ann i
gcomhnaidhe. Agus rud is iongantaighe fós, níl
aon deallramh ann go bhfaghann an t-amoeba
bás riamh; má tá sé beo, fanann sé beo. Ní
cóir dúinne bheith neamh-shásta toisg bás a bheith
i ndán do'n duine; is ag an gcéim is ísle amháin
atá beatha gan stad i gcríochaibh na haimsire
agus ní maoidhte air siúd.
I staidéar an Bheathaidheolais téidhtear suas
ó rang go rang, ó'n amoeba go dtí an t-ainmhidhe
daonnaidhe, agus tá saghas slabhradh ionnta,
agus iad ceangailte le chéile rang ar rang, gan
acht difridheacht bheag idir gach rang aca agus
gach a bhfuil de dhifridheacht sa ndomhan idir an
tús (an t-amoeba) agus an deireadh (an
daonnaidhe). Agus i mbroinn a mháthar, slán
do'n urraim mar a ráidhtear, téidheann colann
an duine tré gach staid aca: tosuigheann as éan
chillín amháin agus déanann aithris ar stair
an chinidh ainmhidhigh ar fad, amhail mar adeir
an Eaglais linn tá Iodhbhairt Mhór Mhic Dé ar
a aith-dhéanamh i ngach Aifreann dá léightear.
Ní féidir déanamh ba simplidhe d'fhagháil ná
mar bhí ins an amoeba; acht ar dul i n-áirde
dúinn i gcéimeannaibh na hainmhidheachta, chífeá
níos mó “idirdhealuighthe” ins na colnaibh.
Is gairid go bhfuighfeá béal fá leith, agus áit
áirithe chun an biadh do dhíleaghadh — gléas an-
shimplidhe ar dtúis, acht ag dul* “i ngreann-
tanas,” má's féidir a rádh, ins na céimeannaibh,
's aoirde. I gcolainn an duine tá trí
cóimhgléis, (nó systems i mBéarla) de'n tsaghas
so. Tá an Gléas Dileaghtha ann atá mar fiodán
fada amháin go dtugtar béal, sgórnach, goile,
inneacha ar chodaibh de, de réir na húsáide nó
an adhma atá ionnta; an Gléas Fola, idir croidhe
agus féiteanna, a ghabhann tré gach áit de'n
corp mar a bhéadh tré mhúsgán; agus an Gléas
Téadraigh idir inchinn agus téideog (Laidin,
NERVUS) an bhaint chorpardha idir cholann an
duine agus a bheatha mar daonnaidhe. Baineann
cuimhne, gníomh, toil, grádh agus eile leis an
gléas so go dtiubhrfaimíd an Téadrach air.
Go dtí gach áit agus go gach órlach de'n chorp
daonnaidhe téidheann téideóga ó'n inchinn nó
ó cnáimh an droma, díreach mar shamhlughadh na
mbóithre iarainn ar léarsgáil nó mapa d'Éirinn,
nó mar an Gléasgutha i gcathair mhóir
éigin. Tagann “bileanna” móra áirithe
as gach aon chuid de'n inchinn, agus ó gach alt
de'n drom-chnáimh; dealuighthear amach i
gcraobhachaibh iad siúd, agus dealuighthear na
craobhacha arís mar an gcéadna, ar chuma go
bhfuil gach orgán de'n colainn, gach iosgán† de'n
fheoil agus gach ball de'n chroiceann fá réir na
dtéideog so.
Caidé gnó na dtéideog, máiseadh?
Áit ar bith id' chorp go mothuigheann tú éinnidh, is
comhartha sin go bhfuil baint ag téideoig éigin
leis. Mara mbeadh, ní bhéadh aon mhothuigheacht
ann chor ar bith. Aon bhall nó cuid de'n chorp
go bhfuil sé ar do chumas é bhorradh nó chorrughadh
ar do thoil féin, téideog eile atá 'ghá réir;
muna mbeadh, ní bhéadh borradh ins an mball sin.
Tá cuid de na téideogaibh ag iomchur sgéala ó
imeall nó ó fhoireannaibh na colna go dtí an
inchinn; cuid eile ag iomchur aitheannta nó
órduighthe ó'n inchinn amach (nó b'fhéidir thíos
ar fuaid téide an droma) go dtí na hiosgáin,
á gcorrughadh do réir do thola.
Mar sin de, tá dhá shaghas téideog ann, téideoga
an Chorruighthe agus téideoga na Céadfaidheachta.
Má tá pairilís ar dhuine i n-a lúidín, abair, is
comhartha sin go bhfuil an téideog Corruighthe nó
gluais-téideog atá mar chómhnaisg idir an inchinn
agus iosgáin an lúidín, gointe no loithte; má tá
duine dall agus rosg a shúile slán, 'sé lot
téideoige na súile is cionntach leis an daille.
Tá dhá roinn ins an nGléas Téadraigh — an
Gléas Chómh-Mhothuightheach (Laid. SYMPATHETI-
CUS) agus an Gléas Inchinne-go-Droimlach
(Laid. CEREBRO-SPINALIS). Riar agus
riaghlughadh na beathadh fásmhaile no colnaidhe
(vita vegetativa) atá ag an céad gléas, agus
'sé atá ins an dara roinn 'ná gléas oibre na
beathadh meanmnaighe (vita mentalis). Ins an
nGleas Inchinne-go-Droimlach tá dhá roinn arís.
(a.) An toirt láir (axis cerebro-spinalis) .i. an
inchinn agus téad an dromlaigh ag dul uaithi
ar fuaid chnámha an droma síos; agus
(b.) Na bileanna agus na craobhacha ag dul
uatha, agus mion-chraobhacha eile uatha soin,
ar fuaid na colna ar fad. Ó théad an dromlaigh
borrann dhá phéire téideoga idir gach dhá alt
de'n drom-chnáimh; péire as éadan “colamhna
an dromlaigh” péire eile as a cúl. Téideoga
an Chorruighthe, gluais-théideoga nó téideoga
meádhon-tseachnacha (“NERVI MOTORII, nó
CENTRIFUGALIS) a tugtar ar na téideogaibh
úd as éadan na colamhna; téideoga na céad-
faidheachta, téideoga mothalacha nó meadhon-
aimseacha (CENSORII nó CENTRIPETALES)
a tugtar ortha soin atá ag dul as cúl na
colamhna. Bíonn na mion-chraobhacha ó bhilleanaibh
móra na dtéideog ar a gcraobhughadh agus ar a
roinnt agus a n-athroinnt i snáthaibh míne ar
fuaid na craicne ar chuma gur ar éigin is féidir
ionad ar bith ar an gcraiceann a phriocadh le
snáthaid gan téideog éigin mothálach a bheith
buaidheartha ar mhodh go mothuighthear “pian.”
Is léir mar sin de, go bhfuil an chuid is mó
de'n chorp daonnaidhe, agus an craiceann go
mór-mhór ar a chomhnaisg leis an inchinn tré
cholamhain an dromlaigh. 'Siad an dá chuid de'n
inchinn is mó is fiú aire, an cerebellum (.i. an
inchinn bheag, nó an chuid thiar di). 'Sé gnó
an chuid deiridh seo, an cerebellum, cothrom
seasta agus gluaiseachta a choimeád do'n chorp.
Má imrigheann nimh ar bith, mar alcothol nó
strichnín, cuir i gcás ar an gcerebellum, agus
gan an cerebrum do lot (ar dtúis) béidh
againidheacht agus conaighneas (Laid. ratiocinatio)
ins an duine, acht ní bhéidh sé n-ann gluaiseacht
nó seasamh i gceart. Agus a chonntráil sin
díreach, nuair a loithtear agus sgriostar an
inchinn mhór (an cerebrum) i gcirc cuir i gcás,
féadann an chearc siubhal agus rith cé nach bhfuil
tuigsint ná céadfaidheacht ná aon tsaghas ar bith
cóimhfheasa innti. Tá an inchinn mhór ar a chóimh-
dhéanamh as dhéanmhús bhog áirithe, liath agus bán
tré chéile. **Téid-chillíní is eadh an déanmhús liath
so, agus na ††téad-tsnatha ag rith uatha is eadh
an déanmhús bán. Do réir deallraimh agus do
réir méid ár n-eolais go dtí an taca so, is ag
na téid-chillíníbh seo atá an bhaint is mó le
‡cóimhfheas agus cuimhne. Tá clais mór fada amháin
ar rith ar bharr na hinchinne ó éadan go cúl
ag á roinnt 'n-a dhá leith. Baineann riar agus
riaghlughadh na thaoibhe dheise de'n chorp leis an
leath chlé de'n cerebrum; agus bainisteoreacht
na taoibhe chlé de'n chorp leis an leath deas de'n
inchinn mhóir. Nuair fheicthear do dhuine go bhfuil
pairilís air 'n-a láimh dheis, is féididr leat bheith
cinnte faoi an méid seo: tá an téideog gointe
a théidheann ó'n láimh sin go dtí an inchinn ar
bhealach an dromlaigh; nó, mara bhfuil, tá
éislinn no machail éigin ins an leath CHLÉ de'n
inchinn. Tá clár na hinchinne daonnaidhe
clasuighthe nó fuirsighthe go mór — tá a lán
coimhfhilltíní uirthi (CONVOLUTIONES), níos
mó ar fad 'ná atá le fagháil ar inchinn aon
ainmhidhe eile; agus tá baint éigin ag iomadh
na gcóimhfhilltíní seo le treise agus feabhas
na hinchinne daonnaidhe. Tá mór-chuid féith-
eáiníní fola ag rith i ngach slighe tríd an inchinn
agus deirtear, cé nach bhfuil ins an inchinn féin
acht an cearthachadadh (dachadamhad?) 1/40 cuid
de'n chorp go léir bíonn an cúigmheadh
cuid de'n fhuil uile ag dul di (tríthi?).
Ba cheart a luadhadh annso nach bhfuil na
téideoga uile ag teacht as cnáimh an dromlaigh.
Tá naoi mbeirt de théideogaibh ag dul ó bhonn-
lár na hinchinne go dtí áirdeanna áirithe sa
cheann — go dtí an tsrón, na súile, an teanga,
na gialla, na cluasa agus eile.
GIOLLABHRÍGHDE Ó CATHÁIN.
(tuilleadh)
* Greanntanas (elaboration)
† Iosgán: Laidin “musculus.”
** Téid-chillíní — nerve cells
†† Téad-tsnátha — nerve fibres
‡ Coimhfheas — consciousness