Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - I dTiobraid Árann
Title
Ar Faithche na hImeartha - I dTiobraid Árann
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha I dTiobraid Árann Ní maith d'éirigh le Réamonnaigh Chorcaighe ag an bhFíodh Árd Dia Domhnaigh. Don chéad dul síos do chaill cuid dá bhfearaibh an traen ar maidin. Righneas na nGaedheal arís! Pé duine bhíonn ar deireadh, nó ná bíonn ar deireadh bíonn an Gaedheal ar deireadh i gcomhnaidhe. Mar sin féin níor bh'aon díoghbháil do sna Réamonnghia tuilleadh a chur le n-a scór féin. Muinntir Dúrlios Tomás Simpil agus a chuaine Laochraidh a bhí i gcoinnibh buidhne Chorcaighe. Aon áit i mbíonn Tomás bíonn obair ann, ar feadh uair a chluig go háirithe. Níor shos don liathróid Dia Domhnaigh, agus ba mhinic a thugadh Tomás sompla maith uaidh. Age muinntir Dhúrlios a bhí an taobh a b'fhearr de'n stéal ar feadh na haimsire go léir. Sidé an táille, féibh mar bhí i ndeireadh bárra: - Dúrlios, 4-21; Réamonnaigh, 0-3. Báire i mBaile Átha Cliath Tá donus éigin ag leanamhaint de sna Ciceamaigh le déadhnaighe. Do buadhadh go ró- adhsáideach i gcluithche cinn an Chonnradh Dia Domhnaigh, nuair do theangmhaidheadar le sna Dáibhisigh. Dá mbeiridís na Ciceamaigh cluithche an Domhnaigh bheadh craobh an Chonnradh aca. Ón uair ná rugadar tá an chraobh ag na Fágaigh d'aon puinte amháin. Is greannamhair mar chuaidh sé. Táillí Báire Tuathlaigh (Connradh), 4-14; Crócaigh, 2-0. Mathghamhnaigh (Íochtair), 2-6; Ciceamaigh 1-3. Gáiltigh, buadh i n-aiscidh ó Lusca. Biadhtaigh, buadh i n-aiscidh ó Lusca. Dáibhisigh (Sinsir), 2-11; Ciceamaigh 1-8. Cúchulainn (Sinsir), 7-15; Céitinnigh, 0-4. Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services