Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - I dTiobraid Árann

Title
Ar Faithche na hImeartha - I dTiobraid Árann
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



I dTiobraid Árann



Ní maith d'éirigh le Réamonnaigh Chorcaighe
ag an bhFíodh Árd Dia Domhnaigh. Don chéad dul
síos do chaill cuid dá bhfearaibh an traen ar
maidin. Righneas na nGaedheal arís! Pé duine
bhíonn ar deireadh, nó ná bíonn ar deireadh
bíonn an Gaedheal ar deireadh i gcomhnaidhe. Mar
sin féin níor bh'aon díoghbháil do sna Réamonnghia
tuilleadh a chur le n-a scór féin.



Muinntir Dúrlios



Tomás Simpil agus a chuaine Laochraidh a bhí
i gcoinnibh buidhne Chorcaighe. Aon áit i mbíonn
Tomás bíonn obair ann, ar feadh uair a chluig
go háirithe. Níor shos don liathróid Dia
Domhnaigh, agus ba mhinic a thugadh Tomás
sompla maith uaidh. Age muinntir Dhúrlios a
bhí an taobh a b'fhearr de'n stéal ar feadh
na haimsire go léir. Sidé an táille, féibh
mar bhí i ndeireadh bárra: - Dúrlios, 4-21;
Réamonnaigh, 0-3.



Báire i mBaile Átha Cliath



Tá donus éigin ag leanamhaint de sna
Ciceamaigh le déadhnaighe. Do buadhadh go ró-
adhsáideach i gcluithche cinn an Chonnradh Dia
Domhnaigh, nuair do theangmhaidheadar le sna
Dáibhisigh. Dá mbeiridís na Ciceamaigh cluithche
an Domhnaigh bheadh craobh an Chonnradh aca. Ón
uair ná rugadar tá an chraobh ag na Fágaigh
d'aon puinte amháin. Is greannamhair mar
chuaidh sé.



Táillí Báire



Tuathlaigh (Connradh), 4-14; Crócaigh, 2-0.
Mathghamhnaigh (Íochtair), 2-6; Ciceamaigh 1-3.
Gáiltigh, buadh i n-aiscidh ó Lusca.
Biadhtaigh, buadh i n-aiscidh ó Lusca.
Dáibhisigh (Sinsir), 2-11; Ciceamaigh 1-8.
Cúchulainn (Sinsir), 7-15; Céitinnigh, 0-4.



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services