Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An tAthair Peadar i Muigh Nuadhad
Title
An tAthair Peadar i Muigh Nuadhad
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail An tAthair Peadar i Muigh Nuadhad. Bhí an tAthair Peadar Ó Laoghaire ar cuairt i Muigh Nuadhad an tseachtmhain so ghabh tharainn, agus labhair go bríoghmhar láidir mar is gnáthach leis, os comhair Cumann Chuilm Naomhtha. Ag tagairt do'n am a dtáinig sé féin i n-a mhac léighinn go Muigh Nuadhad, dubhairt an tAthair Peadar go bhfuair sé duais ar son aiste do sgríobh sé as Béarla. Bhí ar a léigheadh os comhair chuid de na hEaspaigibh; nuair a bhí sé réidh, labhair Easpog áirithe, 's mhol sé an t-aiste 's an sgríbhneóir leis. “Tá moladh mór tugtha agat,” ar an tEaspog, “do léigheann na Gréige, 's do liteardhacht na Roimhe; bhí go leor le rádh agat ar son liteardhacht na Fraince, 's liteardhacht Shasana, acht,” ar seisean go brónach, “níor labhair tú fiú is focal amháin i dtaobh léigheamh 's liteardhacht na hÉireann.” Badh é Seaghán Mac hÉil, Árd-Easpog Thuama a labhair na focla so leis an Athair Peadar. Ó'n lá sin amach, d'ionnsaigh an tAthair Ó Laoghaire litreadhacht na hÉireann, chaith sé a am imeasg na sgríbhinne Gaedhilge a bhí ins an gColáiste; 's ó'n lá sin go dtí an lá cheana a labhair sé i Muigh Nuadhad tá focla an Árd-Easpuig i n-a chroidhe ag an Athar Peadar. Agus b'fhéidir go raibh cuid mhaith i measg na sagart óg 's mac léighinn ag éisteacht leis Diardaoin so tharainn a dhéanfadh an obair cheadna ar son na hÉireann, de bharr an méid a chualadar 's tá déanta ag an Athair Pheadar de bhárr focla an Áird-Easpuig Mhic hÉil. San am úd a raibh sé ag trácht air, dubhair an tAthair Peadar gur beag duine a bhí ag déanamh dada ar son na teangan, agus an corr-duine a bhí, go mbíodh daoine ag rádh nach raibh splannc céille aca. Níor déanadh dada ar son na teangan, acht rud gan bhrígh, gur cuireadh Connradh na Gaedhilge ar bun. Thrácht sé ar dioghbhail a bhí dhá dhéanamh ag an liteardhacht “Ghallda atá 'ghá sgaradh féin ar fud na tíre seo. Ní meas mór atá aige ar liteardhacht an Bhéarla agus níl sé slán nó folláin” ar seisean; “níl sé oireamhnach le haghaidh na tíre seo.” Ba dheacair do'n Athar Pheadar labhairt os comhair aon chruinniughadh eile i nÉirinn, is mó a bhfuil cumhacht aca cosg a chur le droch- liteardhacht ná an áit a raibh sé ag cainnt. Níl sé i bhfad ó rinneamar trácht ar an gceist céadna sin annso. Agus níl aon tslighe le leigheas d'fhágháil do'n dochar atá dhá dhéanamh no cosg a chur le liteardhacht lobhtha Shasana, atá a sgaipeadh mar bheadh pláighe ar fud na hÉireann, acht amháin, mar adubhairt an tAthair Peadhar i Muigh Nuadhad, oibriughadh go dian dicheallach go raibh an Ghaedhilge dá labhairt ar fud na tíre arís. Níl aon leigheas eile le fágháil; agus an té nó an Cumann nach ndeanfaidh iarracht an teanga a chur ar aghaidh, is deacair a rádh go bhfuil sé ag iarraidh aon leigheas d'fhágháil. Is mairg gur bhain an tAthair Peadar go leor de'n bhrígh as a chuid cainte ag tagairt do shean-sgéal i dtaoibh a chuid leabhar — Tá dhá thaoibh ar an gceist sin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services