Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An tAthair Peadar i Muigh Nuadhad

Title
An tAthair Peadar i Muigh Nuadhad
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail



An tAthair Peadar i Muigh
Nuadhad.



Bhí an tAthair Peadar Ó Laoghaire ar cuairt
i Muigh Nuadhad an tseachtmhain so ghabh tharainn,
agus labhair go bríoghmhar láidir mar is gnáthach
leis, os comhair Cumann Chuilm Naomhtha. Ag
tagairt do'n am a dtáinig sé féin i n-a mhac
léighinn go Muigh Nuadhad, dubhairt an tAthair
Peadar go bhfuair sé duais ar son aiste do
sgríobh sé as Béarla. Bhí ar a léigheadh os
comhair chuid de na hEaspaigibh; nuair a bhí
sé réidh, labhair Easpog áirithe, 's mhol sé an
t-aiste 's an sgríbhneóir leis. “Tá moladh
mór tugtha agat,” ar an tEaspog, “do léigheann
na Gréige, 's do liteardhacht na Roimhe; bhí go
leor le rádh agat ar son liteardhacht na Fraince,
's liteardhacht Shasana, acht,” ar seisean go
brónach, “níor labhair tú fiú is focal amháin i
dtaobh léigheamh 's liteardhacht na hÉireann.”
Badh é Seaghán Mac hÉil, Árd-Easpog Thuama
a labhair na focla so leis an Athair Peadar.



Ó'n lá sin amach, d'ionnsaigh an tAthair Ó
Laoghaire litreadhacht na hÉireann, chaith sé
a am imeasg na sgríbhinne Gaedhilge a bhí ins
an gColáiste; 's ó'n lá sin go dtí an lá
cheana a labhair sé i Muigh Nuadhad tá focla
an Árd-Easpuig i n-a chroidhe ag an Athar
Peadar. Agus b'fhéidir go raibh cuid mhaith
i measg na sagart óg 's mac léighinn ag éisteacht
leis Diardaoin so tharainn a dhéanfadh an obair
cheadna ar son na hÉireann, de bharr an méid
a chualadar 's tá déanta ag an Athair Pheadar
de bhárr focla an Áird-Easpuig Mhic hÉil.
San am úd a raibh sé ag trácht air, dubhair
an tAthair Peadar gur beag duine a bhí ag
déanamh dada ar son na teangan, agus an
corr-duine a bhí, go mbíodh daoine ag rádh nach
raibh splannc céille aca. Níor déanadh dada ar
son na teangan, acht rud gan bhrígh, gur cuireadh
Connradh na Gaedhilge ar bun.



Thrácht sé ar dioghbhail a bhí dhá dhéanamh ag an
liteardhacht “Ghallda atá 'ghá sgaradh féin ar
fud na tíre seo. Ní meas mór atá aige ar
liteardhacht an Bhéarla agus níl sé slán nó
folláin” ar seisean; “níl sé oireamhnach
le haghaidh na tíre seo.”



Ba dheacair do'n Athar Pheadar labhairt os
comhair aon chruinniughadh eile i nÉirinn, is
mó a bhfuil cumhacht aca cosg a chur le droch-
liteardhacht ná an áit a raibh sé ag cainnt. Níl sé i
bhfad ó rinneamar trácht ar an gceist céadna sin
annso. Agus níl aon tslighe le leigheas d'fhágháil
do'n dochar atá dhá dhéanamh no cosg a chur
le liteardhacht lobhtha Shasana, atá a sgaipeadh mar
bheadh pláighe ar fud na hÉireann, acht amháin,
mar adubhairt an tAthair Peadhar i Muigh
Nuadhad, oibriughadh go dian dicheallach go raibh
an Ghaedhilge dá labhairt ar fud na tíre arís.
Níl aon leigheas eile le fágháil; agus an té
nó an Cumann nach ndeanfaidh iarracht an
teanga a chur ar aghaidh, is deacair a rádh go
bhfuil sé ag iarraidh aon leigheas d'fhágháil.



Is mairg gur bhain an tAthair Peadar go
leor de'n bhrígh as a chuid cainte ag tagairt
do shean-sgéal i dtaoibh a chuid leabhar — Tá
dhá thaoibh ar an gceist sin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services