Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Gaedheal'n-a Fheallsamhain
Title
An Gaedheal'n-a Fheallsamhain
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Gaedheal 'n-a Fheallsamhain. I. Ó mhóir-ré Cathrach na hAithne anuas bhí feallsamhnas i n-ard-réim agus i gcáil go dtí le goirid, nuair tháinig a lán daoine ar a mhalairt de thuairim 'na thaoibh. Níor bh'iongnadh liom-sa gur tháinig amhlaidh, agus an méid fheallsamhnais bréige agus cainnte gan bhunudhas a bhí i mbéalaibh na coitcheannachta, agus fós mar gheall ar an bhfaillighe a bhí dhá déanamh ar chúrsaibh nádúra agus ar eolas an tsaoghail chuspórdha.* San dtaca so i láthair tá lucht léighinn — sé sin lucht léighinn dá ríríbh — ar a dtionntughadh tar n-ais chun a sean-tuairim fá'n bhfeallsamhnas; acht an chuid is mó de ghnáth-daoinibh an ré seo, ní thuigeann siad cad is feallsamhnas ann i n-aon-chor acht amháin gur rud éigin é nach bhfuil mórán measa ag dul dó. Chuala gach éinne trácht, is dóichighe, ar an ndráma úd do sgríobh Moliére, “Le Bourgeois Gentilhomme” (An bodach 'na Dhuine Uasal) agus ar an iongantas do ghlac 'an tIoudánach ar a chlos dó go raibh sé ag labhairt “phróis” ar feadh a shaoghail i ngan-fhios dó féin. A dhála sin díreach dúinn uile; bímíd ag cainnt fheall- samhnais ag smaoineamh fheallsamhnais i gcomh- naidhe i ngan-fhios dúinn féin. Duine ar bith do chaith tamall ag cur na ceiste leis féin “An fiú dúinn maireachtain?” bhí seisean ag léimrigh isteach i lár tuille ar fheallsamhnais; nó aon duine adubhairt leis féin ariamh “A' bhfuil an ceart ar thaoibh na diadhachta no ar thaoibh lucht an Nádúir-Eólais a shéanann Dia bheith ann agus adeir nach bhfuil ann acht Ádhbhar (matter) duine ar bith do smaoin riamh ar cheist simplidhe mar “an FÉIDIR go mbéadh Sidheoga ann?” nó “an bhfuil sé i n-aghaidh réasúin bheith creid- mheach i bpisreogaibh?” nó d'fhiafruigh de féin: “Cad 'n-a thaoibh a bhfuil éin-nídh ann i n-aon- chor?” — Bhíodar-san go léir ag éirghe 'n-a bhfeallsamhnaibh. 'Sé adubhairt duine de na sean-Ghréagachaibh “tús an fheallsamhnais an t-iongantas” agus is fánach duine riamh nár dhein iongantas faoi cheist éigin tráth dá shaoghal. Caitheann gach aon duine ciallmhar cuma éigin fheallsamhnais a thógáil dó féin. Bíonn beart beag tuairim aige ar gach aon chonnspóid fá seach; an t-ordughadh a dheineann sé ionnta go léir idir gach “beart tuairim” aca, sin é a chuma fheallsamhnais. Is beag duine nach mbéadh sé de chúram air go raibh a chuid tuairim faoi riaghlachas ceart na hÉireann nó dualgas Shasana di cóimhfhreagarthach le n-a chuid tuairim i dtaoibh a thráchtála féin le n-a chomhursannaibh nó a iomchur ar láthair an iomána. Dá n-éisteochthá le duine ag trácht ar an gceist úd thuas na Sídheog, agus arís ar cheist éigin poilitidheachta mar “Sinn Féin” d'áireochthá, cé go raibh mórán difre idir na smaointe, go raibh an tEAGAR céadna mar inneach tríotha go léir. Is feallsamh gach aon duine de réir a stuaime féin, díreach mar atá dúil éigin 'sa cheol ag an ngnáth-Ghaedheal; acht 'n-a theannta sin tá daoine ann go bhfuil staidéar speisialta déanta aca, agus dála Aois Cheoil, tá feallsamhna ann. Ar an gcéad dul síos ní misde dhom cómhairle a thabhairt uaim do'n té atá chun beagáinín staidéir do dhéanamh i n-obair na bhfeallsamhan agus i n-ealadha na beacht-smaointe; agus 'sé bun agus barr na comhairle sin, gan bheith ag síor-lorg locht i ngach a léightear nó a chloistear duit, agus ag iarraidh i gcomhnaidhe dul i n-a aghaidh. A conntráil sin díreach, déan iarracht chun tú féin a chur i gcomh-mhothughadh leis an smuainteóir eile, agus an tuisgint cheart a bhaint as a bhriathraibh. 'Sé is dóichighe nach bhfuil acht lom na fírinne ins an chuid is mó dá n-abrann sé, agus má bhíonn a ráidhte, dar leat, i n-aghaidh na fírinne nó i n-aghaidh cosamhlachta, tabhair aire nach ort féin atá an locht mar nár thuigis i gceart é. Sgrúduigh agus géar-sgrúduigh gach a ndeir sé; acht déan an triail seo, ní le fonn dul 'n-a choinnibh má's féidir leat i n-aon chor, acht d'fhonn aontughadh leis agus dul ar aon intinn leis má's féidir i nÉirinn é. Dubhairt duine éigin uair — ní feasach dom cia hé — “J'ai trouve que la plupart des sectes ont raison dans une bonne partie de ce qu'elles avancent, mais non pas tant en ce qu'elles nient.” “Chítear dom go mbíonn an ceart ag na furmhór de dhrongaibh creidimh i mór-chuid dá ndearbhuigheann siad acht gan an oiread de cheart aca sa mhéid a shéantar leo.” A dhála sin d'fheallsamhnaibh; nuair atá an feallsamh ag leagan an urláir le dearbhughadh éigin deimhnightheach is cosmhala go mbéidh an ceart aige; acht nuair atá sé ag dul i n-aghaidh nó ag séanadh dearbhughadh feallsamhna eile, annsin is eadh is mithid a bheith aireach de'n fhírinne. I ngnáth-chainnt an tsaoghail cloistear trácht ar anam nó meanma agus ar cholainn, amhail dá mbá dhá chuid fá leith de'n duine iad, an t-anam istigh ins an chorp mar bhíonn gail i dtulán, nó sugh i gcrann, b'fhéidir, agus an ceannas ag baint leis an anam cé nach mbíonn an cholann ro-umhail dó i gcomhnaidhe. Tá an cuma cainnte seo maith go leor i gcomhair gnóthann an ghnáth-shaoghail; acht fá mar a cheapfá roimh-ré, ní oireann sé ar fad do'n fheallsamhnas. Ní hé go bhfuil sé i n-aghaidh na fírinne, acht nár leor do'n fhírinne é; caithfimíd, ag smuaineadh níos doimhne dúinn fá'n sgéal, idir-dhealughadh do dhéanamh i n-áit agus i n-áit eile, agus an chiall do dhearbhughadh a bhaineann le téarmaíbh a bhíonn i n-úsáid go coitcheann gan léir-gheas ró-bheacht bhéith déanta fútha. Ní raghamuid thar an tuairim coitcheann ar dtúis; acht déanfamuid sgrúdughadh gearr i ndéanamh agus i stáir na colna ní hé amháin chun eolas nuadh d'fhagháil acht fós chun aon chuid de shean-eolas bréige a chaitheamh amach uainn. Is iongantach an rud aineolas an duine agus a fhaillighe ins na neithibh is dlúithe baint leis. Is beag duine nach n-ámhdóch' go bhfuil an chuid is mó de'n chineadh daondha tugtha ro-mhór do ghrádh a gcolna; agus mar sin féin, cuimhnigh ar chomh aineolach agus bhíodar go léir 'n-a thaoibh go dtí le han-ghoirid o shoin — beagán céadta bliadhain. Bhí baoth-thuairim éigin ag gach aon chinéal i dtaoibh anama agus colna. Cheap na hEabhraigh ársaidhe gurab í an fhuil beatha an daonnaidhe agus nuair a bhí cuid de'n fhuil dorta go raibh cuid dá anam caillte; agus gurab í an áit mar a shuidheadh intinn agus mothuigheachta an duine 'ná a aedheanna! Sidé an fáth go gcloisimíd i n-urnuighthibh na hEaglaise Abartha mar “viscera miseri- cordiae” agus eile. B'é tuairim na nGréigeach (an choitcheannacht gan smuaineadh, ar a laighead dhe) go raibh “gaoth” éigin, no “ANEMOS” sa nduine; “SPIRITUS” no “análughadh” thug na Laidnigh air sin, agus siúd bun-ughdar ár bhfocail-ne “spioraid.” Acht ar dtúis b'é an chiall a bhí leis, an bheatha bhí istigh i gcorp duine — an “breath of life” mar adeirtear i mBéarla. Thuig siad go raibh saghas anama sa ndaonnaidhe agus gur rud do-fheicsiona é. Thugadar fá ndeara go raibh gach duine beo ag síor-tharraing anála, agus nach raibh an anál so-fheicsiona, agus fós nuair a bhéadh an anál imthighthe go mbéadh an té bhí beo n-a mharbh; mar sin de, dubhradar gurab ionann an anál nó “SPIRITUS” so agus an bheatha nó an t-anam a bhí i nduine. Na smuainte, an toil, an machtnamh agus gníomhartha eile a bhaineann leis an gceann no an inchinn, dar linne, chuireadar san i leith an chroidhe iad. Leis na ciantaibh támuid-ne ag cainnt amhail dá mba hé an inchinn bun-suidhighadh na smuainte agus na tola, agus gur bhain na mothuigheachta mar atá, grádh, fuath, fearg, &rl., leis an gcroidhe. 'Sna Meadhon-Aoisibh, b'é an tuairim coitcheann gur bhain fearg agus éad leis an aeghe nó leis an ngrian; agus ar an ádhbhar sin tugtar spleen agus splenetic i mBéarla ar “mhiosgais” no “mhiosgaiseach.” Chuala gach éinne go minic an t-abhradh, “Tá lionn dubh ar mo chroidhe;” iarsma is eadh é sin de Cholainneolas an liaigh Ghréigigh Galén. Dubhairt seisean go raibh ceithre “leanna” (nó “HUMORES” i Laidin, as a dtagann “humour” i mBéarla) i gcorp an duine .i. an fhuil, an domblas nó an t-othar buidhe, an t-othar chroidhe no an “PHLEGMA” agus an “MELANCHOLIA” — an lionn dubh an t-aistriughadh Gaedhilge ais sin, focal ar fhocal. B'é an ceart-dhuine an té go raibh na ceithre léanna seo aige i gcothrom agus i gcómh-oiread a chéile; acht go mbíonn ceann amháin aca sa mbreis ar an gcuid is mó againn, ar chuma go mbíonn duine amháin bruithneach (cm. SANGUINE) ó bhreis fola, duine eile síor-ghruaimeach ó 'n “lionn dubh” nó an “MELANCHOLIA” agus duine eile fuar otharach, agus mar sin de. Is fada anois ó tá deireadh le ré na tuairime úd, acht go leantar di sa chainnt uaireannta. *cuspórdha - objective; cuspóir - object.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services