Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Gaedheal'n-a Fheallsamhain

Title
An Gaedheal'n-a Fheallsamhain
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Gaedheal 'n-a Fheallsamhain.



I.



Ó mhóir-ré Cathrach na hAithne anuas bhí
feallsamhnas i n-ard-réim agus i gcáil go dtí
le goirid, nuair tháinig a lán daoine ar a mhalairt
de thuairim 'na thaoibh. Níor bh'iongnadh liom-sa
gur tháinig amhlaidh, agus an méid fheallsamhnais
bréige agus cainnte gan bhunudhas a bhí i
mbéalaibh na coitcheannachta, agus fós mar
gheall ar an bhfaillighe a bhí dhá déanamh ar
chúrsaibh nádúra agus ar eolas an tsaoghail
chuspórdha.* San dtaca so i láthair tá lucht
léighinn — sé sin lucht léighinn dá ríríbh — ar a
dtionntughadh tar n-ais chun a sean-tuairim
fá'n bhfeallsamhnas; acht an chuid is mó de
ghnáth-daoinibh an ré seo, ní thuigeann siad
cad is feallsamhnas ann i n-aon-chor acht
amháin gur rud éigin é nach bhfuil mórán measa
ag dul dó.



Chuala gach éinne trácht, is dóichighe, ar an
ndráma úd do sgríobh Moliére, “Le Bourgeois
Gentilhomme” (An bodach 'na Dhuine Uasal)
agus ar an iongantas do ghlac 'an tIoudánach
ar a chlos dó go raibh sé ag labhairt “phróis”
ar feadh a shaoghail i ngan-fhios dó féin. A dhála
sin díreach dúinn uile; bímíd ag cainnt fheall-
samhnais ag smaoineamh fheallsamhnais i gcomh-
naidhe i ngan-fhios dúinn féin. Duine ar bith do
chaith tamall ag cur na ceiste leis féin “An
fiú dúinn maireachtain?” bhí seisean ag léimrigh
isteach i lár tuille ar fheallsamhnais; nó aon
duine adubhairt leis féin ariamh “A' bhfuil an
ceart ar thaoibh na diadhachta no ar thaoibh lucht
an Nádúir-Eólais a shéanann Dia bheith ann agus
adeir nach bhfuil ann acht Ádhbhar (matter)
duine ar bith do smaoin riamh ar cheist simplidhe
mar “an FÉIDIR go mbéadh Sidheoga ann?”
nó “an bhfuil sé i n-aghaidh réasúin bheith creid-
mheach i bpisreogaibh?” nó d'fhiafruigh de féin:
“Cad 'n-a thaoibh a bhfuil éin-nídh ann i n-aon-
chor?” — Bhíodar-san go léir ag éirghe 'n-a
bhfeallsamhnaibh. 'Sé adubhairt duine de na
sean-Ghréagachaibh “tús an fheallsamhnais an
t-iongantas” agus is fánach duine riamh nár
dhein iongantas faoi cheist éigin tráth dá
shaoghal.



Caitheann gach aon duine ciallmhar cuma éigin
fheallsamhnais a thógáil dó féin. Bíonn beart
beag tuairim aige ar gach aon chonnspóid fá
seach; an t-ordughadh a dheineann sé ionnta go
léir idir gach “beart tuairim” aca, sin é a
chuma fheallsamhnais. Is beag duine nach mbéadh
sé de chúram air go raibh a chuid tuairim faoi
riaghlachas ceart na hÉireann nó dualgas
Shasana di cóimhfhreagarthach le n-a chuid tuairim
i dtaoibh a thráchtála féin le n-a chomhursannaibh
nó a iomchur ar láthair an iomána. Dá n-éisteochthá
le duine ag trácht ar an gceist úd thuas na
Sídheog, agus arís ar cheist éigin poilitidheachta
mar “Sinn Féin” d'áireochthá, cé go raibh
mórán difre idir na smaointe, go raibh an
tEAGAR céadna mar inneach tríotha go léir.
Is feallsamh gach aon duine de réir a stuaime
féin, díreach mar atá dúil éigin 'sa cheol ag an
ngnáth-Ghaedheal; acht 'n-a theannta sin tá daoine
ann go bhfuil staidéar speisialta déanta aca,
agus dála Aois Cheoil, tá feallsamhna ann.



Ar an gcéad dul síos ní misde dhom cómhairle
a thabhairt uaim do'n té atá chun beagáinín
staidéir do dhéanamh i n-obair na bhfeallsamhan
agus i n-ealadha na beacht-smaointe; agus 'sé
bun agus barr na comhairle sin, gan bheith ag
síor-lorg locht i ngach a léightear nó a chloistear
duit, agus ag iarraidh i gcomhnaidhe dul i n-a
aghaidh. A conntráil sin díreach, déan iarracht
chun tú féin a chur i gcomh-mhothughadh leis an
smuainteóir eile, agus an tuisgint cheart a
bhaint as a bhriathraibh. 'Sé is dóichighe nach bhfuil
acht lom na fírinne ins an chuid is mó dá n-abrann
sé, agus má bhíonn a ráidhte, dar leat, i n-aghaidh
na fírinne nó i n-aghaidh cosamhlachta, tabhair
aire nach ort féin atá an locht mar nár thuigis
i gceart é. Sgrúduigh agus géar-sgrúduigh
gach a ndeir sé; acht déan an triail seo, ní le
fonn dul 'n-a choinnibh má's féidir leat i n-aon
chor, acht d'fhonn aontughadh leis agus dul ar aon
intinn leis má's féidir i nÉirinn é. Dubhairt
duine éigin uair — ní feasach dom cia hé —
“J'ai trouve que la plupart des sectes ont raison
dans une bonne partie de ce qu'elles avancent, mais
non pas tant en ce qu'elles nient.” “Chítear dom
go mbíonn an ceart ag na furmhór de dhrongaibh
creidimh i mór-chuid dá ndearbhuigheann siad acht
gan an oiread de cheart aca sa mhéid a shéantar
leo.” A dhála sin d'fheallsamhnaibh; nuair atá
an feallsamh ag leagan an urláir le dearbhughadh
éigin deimhnightheach is cosmhala go mbéidh an
ceart aige; acht nuair atá sé ag dul i n-aghaidh
nó ag séanadh dearbhughadh feallsamhna eile,
annsin is eadh is mithid a bheith aireach de'n
fhírinne.



I ngnáth-chainnt an tsaoghail cloistear trácht
ar anam nó meanma agus ar cholainn, amhail
dá mbá dhá chuid fá leith de'n duine iad, an
t-anam istigh ins an chorp mar bhíonn gail i
dtulán, nó sugh i gcrann, b'fhéidir, agus an
ceannas ag baint leis an anam cé nach mbíonn
an cholann ro-umhail dó i gcomhnaidhe. Tá an
cuma cainnte seo maith go leor i gcomhair
gnóthann an ghnáth-shaoghail; acht fá mar a
cheapfá roimh-ré, ní oireann sé ar fad do'n
fheallsamhnas. Ní hé go bhfuil sé i n-aghaidh
na fírinne, acht nár leor do'n fhírinne é;
caithfimíd, ag smuaineadh níos doimhne dúinn
fá'n sgéal, idir-dhealughadh do dhéanamh i n-áit
agus i n-áit eile, agus an chiall do dhearbhughadh
a bhaineann le téarmaíbh a bhíonn i n-úsáid go
coitcheann gan léir-gheas ró-bheacht bhéith déanta
fútha. Ní raghamuid thar an tuairim coitcheann
ar dtúis; acht déanfamuid sgrúdughadh gearr
i ndéanamh agus i stáir na colna ní hé amháin
chun eolas nuadh d'fhagháil acht fós chun aon chuid
de shean-eolas bréige a chaitheamh amach uainn.



Is iongantach an rud aineolas an duine agus
a fhaillighe ins na neithibh is dlúithe baint leis.
Is beag duine nach n-ámhdóch' go bhfuil an chuid
is mó de'n chineadh daondha tugtha ro-mhór do
ghrádh a gcolna; agus mar sin féin, cuimhnigh
ar chomh aineolach agus bhíodar go léir 'n-a thaoibh
go dtí le han-ghoirid o shoin — beagán céadta
bliadhain. Bhí baoth-thuairim éigin ag gach aon
chinéal i dtaoibh anama agus colna. Cheap na
hEabhraigh ársaidhe gurab í an fhuil beatha an
daonnaidhe agus nuair a bhí cuid de'n fhuil
dorta go raibh cuid dá anam caillte; agus
gurab í an áit mar a shuidheadh intinn agus
mothuigheachta an duine 'ná a aedheanna!
Sidé an fáth go gcloisimíd i n-urnuighthibh na
hEaglaise Abartha mar “viscera miseri-
cordiae” agus eile. B'é tuairim na nGréigeach
(an choitcheannacht gan smuaineadh, ar a laighead
dhe) go raibh “gaoth” éigin, no “ANEMOS”
sa nduine; “SPIRITUS” no “análughadh”
thug na Laidnigh air sin, agus siúd bun-ughdar
ár bhfocail-ne “spioraid.” Acht ar dtúis b'é
an chiall a bhí leis, an bheatha bhí istigh i gcorp
duine — an “breath of life” mar adeirtear i
mBéarla. Thuig siad go raibh saghas anama
sa ndaonnaidhe agus gur rud do-fheicsiona
é. Thugadar fá ndeara go raibh gach duine
beo ag síor-tharraing anála, agus nach raibh
an anál so-fheicsiona, agus fós nuair a bhéadh
an anál imthighthe go mbéadh an té bhí beo n-a
mharbh; mar sin de, dubhradar gurab ionann
an anál nó “SPIRITUS” so agus an bheatha
nó an t-anam a bhí i nduine. Na smuainte,
an toil, an machtnamh agus gníomhartha eile a
bhaineann leis an gceann no an inchinn, dar linne,
chuireadar san i leith an chroidhe iad. Leis na
ciantaibh támuid-ne ag cainnt amhail dá mba
hé an inchinn bun-suidhighadh na smuainte agus
na tola, agus gur bhain na mothuigheachta mar
atá, grádh, fuath, fearg, &rl., leis an gcroidhe.
'Sna Meadhon-Aoisibh, b'é an tuairim coitcheann
gur bhain fearg agus éad leis an aeghe nó leis
an ngrian; agus ar an ádhbhar sin tugtar spleen
agus splenetic i mBéarla ar “mhiosgais” no
“mhiosgaiseach.” Chuala gach éinne go minic
an t-abhradh, “Tá lionn dubh ar mo chroidhe;”
iarsma is eadh é sin de Cholainneolas an liaigh
Ghréigigh Galén. Dubhairt seisean go raibh ceithre
“leanna” (nó “HUMORES” i Laidin, as
a dtagann “humour” i mBéarla) i gcorp an
duine .i. an fhuil, an domblas nó an t-othar
buidhe, an t-othar chroidhe no an “PHLEGMA”
agus an “MELANCHOLIA” — an lionn dubh
an t-aistriughadh Gaedhilge ais sin, focal
ar fhocal. B'é an ceart-dhuine an té go raibh na
ceithre léanna seo aige i gcothrom agus i
gcómh-oiread a chéile; acht go mbíonn ceann
amháin aca sa mbreis ar an gcuid is mó againn,
ar chuma go mbíonn duine amháin bruithneach
(cm. SANGUINE) ó bhreis fola, duine eile
síor-ghruaimeach ó 'n “lionn dubh” nó an
“MELANCHOLIA” agus duine eile fuar
otharach, agus mar sin de. Is fada anois ó
tá deireadh le ré na tuairime úd, acht go
leantar di sa chainnt uaireannta.



*cuspórdha - objective; cuspóir - object.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services