Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Craobh Chúige Laighean
Title
Ar Faithche na hImeartha - Craobh Chúige Laighean
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Craobh Chúige Laighean Do fearadh dhá chluithche sa chéad shreath iomaidheachta i gcóir Craobh gaisce Chúige Laighean sa pheil ag Bóthar Mhic Seoin Dia Domhnaigh; cluithche idir churaidhibh Chonntae Bhaile Átha Cliath agus Na Midhe; cluithche eile idir Chonntae Loch gCarmain is Laighse. Ní ró-mhaith an imirt do chonncathas i n-aon chluithche aca. Tá lucht scríbe Bhaile Átha Cliath lag go leór acht ní baoghal dá lucht cúil. Dheineadar muinntir na Midhe a ndícheall báis acht b'éigean dóibh stríocadh i ndeire na mbeart. Bhí an lá ar fheabhas agus sluagh maith daoine i láthair. Sidé an táille: Áth Cliath 1-9; An Mhidhe, 0-1. Laighis, 2-9; Loch gCarmain, 0-10. Craobh na Mumhan Ag Mainistir Fhearmuighe Dia Dómhnaigh do socruigheadh dhá chluithche eile i gcomhair Chraobh na Mumhan. Fóirne ó Thiobraid Árann is ó Phortláirge a bhí ann. D'imreadh cluithche peile is cluithche báire. An báire do cuireadh i gcrích ar dtúis. Ó thosach go deire d'fhan an bhuadh ag Tiobraid Árann. Sidé an táille deiridh: — Tiobraid Árann, 7-16; Portláirge, 0-5. B'iad an fhoireann ó Phortláirge a bhuaidh sa pheil, amh. Le linn an tarna babhta dheineadar laochradh Mhuighe Feimhin an-iarracht ar an láimh uachtair d'fhagháil, acht do theip ortha; agus i gcaitheamh an deich nóimeat deireannach dhen chluithche chuireadar na Portláirgigh cheithre puinntí isteach. Sidé an táille: Portláirge, 0-13; Tiobraid Árann 2-4. Báire Bhaile Átha Cliath Is iongnadh liom a liacht “buadh i n-aisceadh” do-chím rómham d'éis an Domhnaigh. An n-a gcodladh atá lucht iomána Bhaile Átha Cliath? Ní féidir gur fliche na fearthainn fé ndeara é. Seo táille na gcath do fearadh: - Fágaigh (sinsir), 5-5; G.S. & W.R. 2-9. Árd-Chraobh (Meadhoin), 5-9; Crócaigh, 0-2. Ráth Ó Máine (Connradh), 2-7; Lusca, 1-3. Liathróid Láimhe Ní chloisim focal i leith liathróide láimhe anois. An bhfuil éinne ann a chuireann spéis innti agus a scríobhfadh chugham n-a taobh? Cionnus atáthar aici ins na Colláistibh móra? Beagán focal ó gach duine agus beam sásta. Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services