Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Craobh Chúige Laighean

Title
Ar Faithche na hImeartha - Craobh Chúige Laighean
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Craobh Chúige Laighean



Do fearadh dhá chluithche sa chéad shreath
iomaidheachta i gcóir Craobh gaisce Chúige
Laighean sa pheil ag Bóthar Mhic Seoin Dia
Domhnaigh; cluithche idir churaidhibh Chonntae
Bhaile Átha Cliath agus Na Midhe; cluithche eile
idir Chonntae Loch gCarmain is Laighse. Ní
ró-mhaith an imirt do chonncathas i n-aon chluithche
aca. Tá lucht scríbe Bhaile Átha Cliath lag go
leór acht ní baoghal dá lucht cúil. Dheineadar
muinntir na Midhe a ndícheall báis acht b'éigean
dóibh stríocadh i ndeire na mbeart. Bhí an
lá ar fheabhas agus sluagh maith daoine i láthair.
Sidé an táille:
Áth Cliath 1-9; An Mhidhe, 0-1.
Laighis, 2-9; Loch gCarmain, 0-10.



Craobh na Mumhan



Ag Mainistir Fhearmuighe Dia Dómhnaigh do
socruigheadh dhá chluithche eile i gcomhair Chraobh
na Mumhan. Fóirne ó Thiobraid Árann is ó
Phortláirge a bhí ann. D'imreadh cluithche peile
is cluithche báire. An báire do cuireadh i gcrích
ar dtúis. Ó thosach go deire d'fhan an bhuadh ag
Tiobraid Árann. Sidé an táille deiridh: —
Tiobraid Árann, 7-16; Portláirge, 0-5.
B'iad an fhoireann ó Phortláirge a bhuaidh sa
pheil, amh. Le linn an tarna babhta dheineadar
laochradh Mhuighe Feimhin an-iarracht ar an láimh
uachtair d'fhagháil, acht do theip ortha; agus i
gcaitheamh an deich nóimeat deireannach dhen
chluithche chuireadar na Portláirgigh cheithre
puinntí isteach. Sidé an táille: Portláirge,
0-13; Tiobraid Árann 2-4.



Báire Bhaile Átha Cliath



Is iongnadh liom a liacht “buadh i n-aisceadh”
do-chím rómham d'éis an Domhnaigh. An n-a
gcodladh atá lucht iomána Bhaile Átha Cliath?
Ní féidir gur fliche na fearthainn fé ndeara é.
Seo táille na gcath do fearadh: -
Fágaigh (sinsir), 5-5; G.S. & W.R. 2-9.
Árd-Chraobh (Meadhoin), 5-9; Crócaigh, 0-2.
Ráth Ó Máine (Connradh), 2-7; Lusca, 1-3.



Liathróid Láimhe



Ní chloisim focal i leith liathróide láimhe anois.
An bhfuil éinne ann a chuireann spéis innti
agus a scríobhfadh chugham n-a taobh? Cionnus
atáthar aici ins na Colláistibh móra? Beagán
focal ó gach duine agus beam sásta.



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services