Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - An Mór Shiubhal
Title
Ar Faithche na hImeartha - An Mór Shiubhal
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha An Mór Shiubhal D'fhág Cumann na Lúithchleas an Domhnach saor i gcóir Mhór Shiubhail na Gaedhilge i mBaile Átha Cliath. Go deimhin ní misde mórshiubhal a glaodhach air. Ana-thabhairt amach a b'eadh é. Bhí an aimsir bagarthach a dhóthain ar maidin; acht do stad an fhearthainn timcheall a naoi a chlog ar maidin agus ar adhbharaighe an tsaoghail d'fhan sé tirm an chuid eile dhen lá. Roinn na Lúithchleas Is do Roinn na Lúithchleas is mian liom tagairt annseo amh. Bhíodar ann n-a sluaightibh, fir bhreaghtha calma, camáin ag a bhfurmhór ar iomchur, agus badh leigheas ar an bhfonn duit acht féachaint ortha. I measc na suaicheantus a bhí i n-áirde aca thugas fé ndeara: “I(mported) C(rawlers) A(ssociation)” agus, “Play soccer and imitate Englishmen.” D'fhéachadar go háluinn sa ghluaiseacht, iad ag céimniughadh go bog éascaidh, a gcroidhthe go héadtrom agus an fhuil go beódha insna cuisleannaibh aca. Leanaidh don chamán, a cháirde. Ní baoghal ná go mbeidh a rian oraibh an dá lá shaoghail a chaithfe sibh abhfus. “Aonach” i mBaile Átha Cliath Is dóigh liom gur mhaith an rud do Chumann na Lúithchleas aithris a dhéanamh ar Chonnradh na Gaedhilge agus tabhairt amach éigin a bheith aca uair sa bhliadhain i mBaile Átha Cliath. Mara ndéanfadh soin acht a thespeáint don tsaoghal a líonmhaireacht atáid do b'fhiú é a chur ar bun. Do féadfaidhe aonach a chur ar bun an tráth céadna go mbeadh cinn gach cleasa ag iomaidh ann. An chuma n-a bhfuilimíd fé láthair cuireann sé i gcuimhne dham an rud adubhairt an file: Tulaigh Uí Róigh mórdha Na mbúithreadh mbeann Gan cuire gan spórt seólta Gan lúbadh lann. Cuirimís-na “spórt seólta” agus “lúbadh lann” ar siubhal arís agus beidh a rath ar Chumann na Lúithchleas is ar ioghair Chláir Néill. Peil i Leath Chuinn Tá Craobh Cho. Lughbhaidhe ag na “Rangers” agus craobh Cho. na Midhe ag Baile an Chaisleáin. Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services