Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - An Mór Shiubhal

Title
Ar Faithche na hImeartha - An Mór Shiubhal
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



An Mór Shiubhal



D'fhág Cumann na Lúithchleas an Domhnach
saor i gcóir Mhór Shiubhail na Gaedhilge i mBaile
Átha Cliath. Go deimhin ní misde mórshiubhal
a glaodhach air. Ana-thabhairt amach a b'eadh
é. Bhí an aimsir bagarthach a dhóthain ar maidin;
acht do stad an fhearthainn timcheall a naoi a
chlog ar maidin agus ar adhbharaighe an tsaoghail
d'fhan sé tirm an chuid eile dhen lá.



Roinn na Lúithchleas



Is do Roinn na Lúithchleas is mian liom
tagairt annseo amh. Bhíodar ann n-a sluaightibh,
fir bhreaghtha calma, camáin ag a bhfurmhór ar
iomchur, agus badh leigheas ar an bhfonn duit acht
féachaint ortha. I measc na suaicheantus a
bhí i n-áirde aca thugas fé ndeara: “I(mported)
C(rawlers) A(ssociation)” agus, “Play soccer
and imitate Englishmen.” D'fhéachadar go
háluinn sa ghluaiseacht, iad ag céimniughadh go
bog éascaidh, a gcroidhthe go héadtrom agus an
fhuil go beódha insna cuisleannaibh aca. Leanaidh
don chamán, a cháirde. Ní baoghal ná go mbeidh
a rian oraibh an dá lá shaoghail a chaithfe sibh
abhfus.



“Aonach” i mBaile Átha Cliath



Is dóigh liom gur mhaith an rud do Chumann
na Lúithchleas aithris a dhéanamh ar Chonnradh
na Gaedhilge agus tabhairt amach éigin a bheith
aca uair sa bhliadhain i mBaile Átha Cliath.
Mara ndéanfadh soin acht a thespeáint don
tsaoghal a líonmhaireacht atáid do b'fhiú é a chur
ar bun. Do féadfaidhe aonach a chur ar bun an
tráth céadna go mbeadh cinn gach cleasa ag
iomaidh ann. An chuma n-a bhfuilimíd fé láthair
cuireann sé i gcuimhne dham an rud adubhairt
an file:



Tulaigh Uí Róigh mórdha
Na mbúithreadh mbeann
Gan cuire gan spórt seólta
Gan lúbadh lann.



Cuirimís-na “spórt seólta” agus “lúbadh
lann” ar siubhal arís agus beidh a rath ar
Chumann na Lúithchleas is ar ioghair Chláir Néill.



Peil i Leath Chuinn
Tá Craobh Cho. Lughbhaidhe ag na “Rangers”
agus craobh Cho. na Midhe ag Baile an Chaisleáin.



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services