Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail - Oidí Dhá-Theangacha
Title
Cúrsaí an tSaoghail - Oidí Dhá-Theangacha
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail Oidí Dhá-Theangacha. Cúpla seachtmhain ó shoin bhidheamar ag rádh go mba chóir do Chraobhachaíbh de Chonnradh na Gaedhilge iarracht a dheanamh chum obair d'fághail do Ghaedhilgeóiríbh óga i siopaíbh, i n-oifigíbh, &rl. Nuair a bhídheamar 'ghá sin, bhí fhios againn go maith go raibh a sáith le deanamh ag na Craobhachaibh cheana. Mar sin féin, mar ndeantar rud éigin dóibh, béidh na Gaedhil ag imtheacht 's a síor-imtheacht, ar thóir slighe-bheathadh i dtíorthaibh eile. Acht dá mbéadh na Craobhacha go léir réidh glan leis an gceist so a thógáil i láimh, 's lucht oifigí 's lucht siopaí toilteanach Gaedhilgeóirí do ghlacadh, ní féidir leó a dheanamh mar a bhfuil an Gaedhilgeóir ullmhaighthe le haghaidh na hoibre. Mar a bhfuil fóghlaim mhaith i nGaedhilge 's i mBéarla aca goidé'n chaoi ar féidir postaí fhághail do Ghaedhilgeóiríbh i noifig nó i siopa? Mar adubhramar an tseachtmhain so ghabh tharainn: “Tá an tam ag teacht go mear, nuair a chaithfeas an té nach bhfuil fóghlaim aige, seasamh ar leith-thaobh, is bealach a dheanamh do'n té a bhfuil.” Má is fearr le Gaedhealaibh óga bheith ag gabháil láidí ó lí 'na bheith 'ghá reidhteach féin i léighinn 's i bhfoghlaim chum 's go mbeidís i n-ann na postaí bhéas ag imtheacht a thógáil, ní féidir dada a dheanamh ar a shon. Is aca féin atá an réidhteach so a dheanamh, 's ní ag aon duine eile. I nalt i náit eile de'n pháipéar so, tráchtann “Taimín Bán” ar Chlár an Dhá Theangadh 's an gabhadh atá le oidíbh dá theangacha: 's deir sé an rud is fíos dhó, go mba chóir do Ghaedhealaibh óga, 's go mór-mhór, do mhúinteóiríbh taistil, bheith ghá n-ullmhughadh féin, le bheith 'na n-oidíbh fá'n mBord Náisiúnta. Níl amhras nach h-í an obair is tábhachtaighe atá amach romhainn. Clár an Dá Theangan a chur ar bun ins na sgoileannaibh: acht ní fuláir dhuinn OIDÍ DHÁ TEANGACHA bheith againn le h-aghaidh na h-oibre — oidí freisin a mbéidh spioraid, spreacadh 's grádh thíre annta. Do réir mar bhéas an Clár so ghá cur i núsáid ins na sgoileannaibh, béidh oidí dhá theangacha ag tastáil; agus is é ar mbarramhail go mba chóir do Ghaedhealaibh óga bheith 'ghá réidhteach féin le h-aghaidh na h-oibre. Is beag ceanntar dhá boichte 'sa Ghaedhealtacht nár bh'fhéidir do chuid mhaith de'n aos óg fanacht níos fuide ar sgoil ná is gnáthach leó; 'na theannta so, bhfhéidir dóibh dul chuig sgoil oidhche cupla bliadhain nó trí eile; agus is annamh a dhiúltóchas máighistir, sgoile-oidhche a chur ar bun má tá an t-aos óg toilteanach a theacht chuige. Tá annsin, gléas Sgoláireachta an Chonnartha, 's Sgoláireachta an Bhuird Náisiúnta le fágháil ag buachaill nó cailín ar bith a n-éireochaidh leó ins an sgrudughadh. Ní gábhadh dhúinn cur síos annso anois ar ghleás Sgoláireachta an Chonnartha acht b'fhéidir nár mhisde focal a rádh i dtaobh Sgoláireachta an Bhuird. Buachaill nó cailín ar bith do shásóchas na Comoisionéirí 'sa sgrudughadh atá ceaptha aca le haghaidh “Sgoláireachta an Rígh,” béidh cead aca dul go Coláiste le bheith na n-oidísgoile. Díolfaidh an Bord £50 sa mbliadhain leis an gColáiste ar son Sgoláire fir, agus £35 ar son Sgoláireacht mná. Tá Riaghlacha an Bhuird le feiceál i dtigh sgoile ar bith agus cidhfear ar l. 47 na coinghill so thuas, 's tuilleadh leó; agus ar l. 130 chidhfear na néithe a gcaithfear stuidéar a dhéanamh orra le haghaidh na “Sgoláireachta.” Níl rud ar bith 'na measg nach bhfeadfadh buachaill nó cailín a fhoghlaim, a chuirfeas rompa a dhéanamh; agus tá aca suas go mbéidh siad 25 bliadhain d'aois nó mar sin. Fuair cuid mhaith Gaedhil- geóirí Teisteas ó Choláistíbh Gaedhealacha anois le cupla bliadhain anuas; caithfidh sé go raibh féith an stuidéir annta; dá bhrígh sin, ba chóir de chuid aca iad féin d'ullmhughadh i gcómhair Sgoláireachta an Bhuird, mar níl amhras ar bith acht go mbeidh oidí dá theangacha ag tastáil go géar i gceann cupla bliadhain eile.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services