Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail - Oidí Dhá-Theangacha

Title
Cúrsaí an tSaoghail - Oidí Dhá-Theangacha
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail



Oidí Dhá-Theangacha.



Cúpla seachtmhain ó shoin bhidheamar ag rádh
go mba chóir do Chraobhachaíbh de Chonnradh
na Gaedhilge iarracht a dheanamh chum obair
d'fághail do Ghaedhilgeóiríbh óga i siopaíbh, i
n-oifigíbh, &rl.



Nuair a bhídheamar 'ghá sin, bhí fhios againn
go maith go raibh a sáith le deanamh ag na
Craobhachaibh cheana. Mar sin féin, mar ndeantar
rud éigin dóibh, béidh na Gaedhil ag imtheacht
's a síor-imtheacht, ar thóir slighe-bheathadh i
dtíorthaibh eile.



Acht dá mbéadh na Craobhacha go léir réidh glan
leis an gceist so a thógáil i láimh, 's lucht oifigí
's lucht siopaí toilteanach Gaedhilgeóirí do
ghlacadh, ní féidir leó a dheanamh mar a bhfuil
an Gaedhilgeóir ullmhaighthe le haghaidh na hoibre.
Mar a bhfuil fóghlaim mhaith i nGaedhilge 's i
mBéarla aca goidé'n chaoi ar féidir postaí
fhághail do Ghaedhilgeóiríbh i noifig nó i siopa?
Mar adubhramar an tseachtmhain so ghabh
tharainn: “Tá an tam ag teacht go mear,
nuair a chaithfeas an té nach bhfuil fóghlaim
aige, seasamh ar leith-thaobh, is bealach a dheanamh
do'n té a bhfuil.” Má is fearr le Gaedhealaibh
óga bheith ag gabháil láidí ó lí 'na bheith 'ghá
reidhteach féin i léighinn 's i bhfoghlaim chum 's
go mbeidís i n-ann na postaí bhéas ag imtheacht
a thógáil, ní féidir dada a dheanamh ar a shon.
Is aca féin atá an réidhteach so a dheanamh, 's
ní ag aon duine eile.



I nalt i náit eile de'n pháipéar so, tráchtann
“Taimín Bán” ar Chlár an Dhá Theangadh 's
an gabhadh atá le oidíbh dá theangacha: 's deir sé
an rud is fíos dhó, go mba chóir do Ghaedhealaibh
óga, 's go mór-mhór, do mhúinteóiríbh taistil,
bheith ghá n-ullmhughadh féin, le bheith 'na n-oidíbh
fá'n mBord Náisiúnta. Níl amhras nach h-í an
obair is tábhachtaighe atá amach romhainn. Clár an
Dá Theangan a chur ar bun ins na sgoileannaibh:
acht ní fuláir dhuinn OIDÍ DHÁ TEANGACHA
bheith againn le h-aghaidh na h-oibre — oidí freisin
a mbéidh spioraid, spreacadh 's grádh thíre annta.
Do réir mar bhéas an Clár so ghá cur i núsáid
ins na sgoileannaibh, béidh oidí dhá theangacha
ag tastáil; agus is é ar mbarramhail go mba
chóir do Ghaedhealaibh óga bheith 'ghá réidhteach féin
le h-aghaidh na h-oibre. Is beag ceanntar dhá
boichte 'sa Ghaedhealtacht nár bh'fhéidir do chuid
mhaith de'n aos óg fanacht níos fuide ar sgoil
ná is gnáthach leó; 'na theannta so, bhfhéidir dóibh
dul chuig sgoil oidhche cupla bliadhain nó trí
eile; agus is annamh a dhiúltóchas máighistir,
sgoile-oidhche a chur ar bun má tá an t-aos óg
toilteanach a theacht chuige. Tá annsin, gléas
Sgoláireachta an Chonnartha, 's Sgoláireachta
an Bhuird Náisiúnta le fágháil ag buachaill
nó cailín ar bith a n-éireochaidh leó ins an
sgrudughadh. Ní gábhadh dhúinn cur síos annso
anois ar ghleás Sgoláireachta an Chonnartha
acht b'fhéidir nár mhisde focal a rádh i dtaobh
Sgoláireachta an Bhuird.



Buachaill nó cailín ar bith do shásóchas na
Comoisionéirí 'sa sgrudughadh atá ceaptha aca
le haghaidh “Sgoláireachta an Rígh,” béidh cead
aca dul go Coláiste le bheith na n-oidísgoile.
Díolfaidh an Bord £50 sa mbliadhain leis
an gColáiste ar son Sgoláire fir, agus £35
ar son Sgoláireacht mná.



Tá Riaghlacha an Bhuird le feiceál i dtigh sgoile
ar bith agus cidhfear ar l. 47 na coinghill so
thuas, 's tuilleadh leó; agus ar l. 130 chidhfear na
néithe a gcaithfear stuidéar a dhéanamh orra
le haghaidh na “Sgoláireachta.” Níl rud ar
bith 'na measg nach bhfeadfadh buachaill nó
cailín a fhoghlaim, a chuirfeas rompa a dhéanamh;
agus tá aca suas go mbéidh siad 25 bliadhain
d'aois nó mar sin. Fuair cuid mhaith Gaedhil-
geóirí Teisteas ó Choláistíbh Gaedhealacha anois
le cupla bliadhain anuas; caithfidh sé go raibh
féith an stuidéir annta; dá bhrígh sin, ba chóir
de chuid aca iad féin d'ullmhughadh i gcómhair
Sgoláireachta an Bhuird, mar níl amhras ar
bith acht go mbeidh oidí dá theangacha ag tastáil
go géar i gceann cupla bliadhain eile.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services