Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cad is “Darwinism“ ann?
Title
Cad is “Darwinism“ ann?
Author(s)
Tighearnach,
Pen Name
Tighearnach
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cad is “Darwinism” ann? Bhí dream léigheanta in ar measg an tseacht- mhain so ghabh tharainn, ag cur síos ar néithibh a bhaineas le ealadhnistaibh. Ba é Proinsias Dhárbhuin a toghadh mar Uachtaráin; agus ós rud é gur mac an fear fóghlumtha so do Chathal Dárbhuin a sgríobh an leabhar úd: “Bunadhas gach Cineál,” tá go léor ag cainnt 's ag tracht ar “Bhithrothlas,” nó “Evolution;” 's dá bhrígh sin, cheapas go mb'fhéidir nár mhiste dhom beagán a rádh ar an gceist so 'sa “gClaidheamh.” Síleann go leór daoine gurab ionann “Darwinism” agus “Bithrothlas.” Níl sin amhlaidh. Ta teóir an Bhithrothlais an t-seanda; bhí barramhail dá sheórt i n-aigne Ariostotal; agus ó shoin a leith atáthar 'ghá dheasughadh, 'ghá athrughadh 's ag cur leis. 'Sa n-am atá i láthair is é teóir an Bhithrothlais, gur shíolraigh gach uile nídh ag fás 's i mbeathaidh ar thalamh na Cruinne, ó na chéile. 'Se sin le rádh: gur shíolraigh an luibh an bláth 's an crann; 's gach nídh dá bhfásann; an breac, an t-éan an t-ainmhidhe 's an duine 's gach nidh eile dá bhfuil beó, ó bhunadas amháin. Go raibh gach geineamhaint nó síolradh ag buanughadh, ag sgaradh 's ag síor-iomadughadh (acht sa nam céadna, ag mion-athrughadh) nó fá déireadh go raibh againn a bhfuil ag fás 's beó ar dhruim an domhain indiu. Sin í an bhrígh is coitcheanta atá le teóir an Bhithrothlais. Dá réir so, d'eirigh luibheachas roimh an mbeathadh, tháinic an breac roimh an éan, 's an t-ainmhidhe roimh an duine. Go deimhin cuireann lucht an Bhithrothlais colann duine i n-aicme na n-ainmhidhthe. 'Sa Meadhon-Aois badh é tuairim Thomáis Naomhtha d'Acuineas, 's Feallsamhain eile, gur chruithigh Dia ar dtús, as substaint ceómhar éigin, cumtaí simplídhthe, 's gur chuir Sé de mhianach annta gur shíolruigh uatha gach nídh ag fás nó beó, de'n iliomad atá sgaipthe ar fud na Cruinne go léir. Bhí an bharramhail chéadna ag Descartes, Buffon, Lamarck 's tuilleadh leó; dá bhrígh sin, chidhfear nach indiu nó indé a thainig téoir an Bhithrothlais as comhair an t-saoghail, acht go bhfuil se beagnach chomh seanda le stáir an chineadh daona. “Toghadh an Nádúra.” O aimsir Lamarck anuas bhí Feallsamhain 's lucht ealadhan i Sasana 'sa bhFrainnc, sa nGearmáin 's i dtíorthaibh eile, ag saothrughadh chum fáth 's adhbhar eile d'fhághail do'n dul ar aghaidh an t-aipeachan 's an t-iomadughadh a thainic ar gach uile nídh, ó'n mbunadhas anuas, thar aon lámh bheith ag Dia sa n-obair. Acht ní raibh duine ar bith a chaith an oiread ama ag infhiuchadh na ceiste so, nó fuair an oiread cliú dá bharr, le Cathal Dárbhuin, athair an fhir a bhí i mBaile Átha Cliath againn, an tseachtmhain so tharainn. Chaith Dárbhuin a shaoghal leis an obair so. Thriall sé an domhan ar thóir eólais a bhéarfadh ughdarás 's adhbhar dhó san bharramhail a bhí aige féin i dtaobh an Bhithrothlais. Tá gach nidh beó 's ag fás, idirdhealaighthe ag ealadhntóiríbh in a “naicmíbh” nó in a muiri- gheanachaibh mar adéarfá; agus badh é teóir nó tuairim Dhárbhuin go bhfuil carraidheacht 's síor-throid ar siubhal i measg gach aicme, cia aca a mbéidh an bhuaidh aige, 's a mhaireas. Deir sé go bhfuil cuid de gach aicme ag aipeachan 's ag láidriughadh; 's go bhfuil an chuid eile dhá spíonadh, ag dul ó rath; 's ag fágháil bháis. Gur mhair cuid mar gheall ar go raibh siad, 's go raibh a n-orgáin níos láidre de bharr na troda, ná an cuid so a chaill sa réim-ratha — sin é a dtugann Dárbhuin “Toghadh an Nádúra” air. Ceapann sé go raibh, gach uile shíolradh uatha so a mhair — de luibh 's d'ainmhidhe — ag aipeachan ag láidriughadh 's ag athrughadh a gcuid orgáin go fadálach, nó fá dheireadh gur éirigh chugainn luibheanna 's ainmhidthe a raibh cruth 's deanamh nuadh orra, i gceann céad milliún bliadhain, nó mar sin. Dubhairt na sean-fheallsamhain gurab é Dia a chuir an mhianach 'sa luibh 's 'sa n-ainmhidhe a thug slighe maireachtan 's aipeachan dóibh; deir Dárbhuin gurab iad an charraidheach 's an síor-throid a bhí eatorra a thug dóibh é. Duabhairt na sean-fheallsamhain go raibh múnla Dé le feiceál in gach uile nidh, deir Dárbhuin nach bhfuil múnla ar bith le feiceál. Sin é an difrigheacht atá idir “Bithrotlas” 's “Darwinism” nó “Toghadh an Nádúra.” Go dearbhtha i ndearadh a shaoghail d'admháil Dárbhuin go raibh comharthaí múnla agus intleachta sa gCruthaidheacht agus ná fhead a theóir, “Toghadh an Nádúra,” rud ar bith a mhíniughadh i dtaobh bunadhas na nDúl, nó na beathaidh. Rud eile, níl sé ráidhte ag Dárbhuin cé thug an mianach don luibh 's do chinéalaibh eile, an charraidheacht 's an síor-throid a dheanamh a d'fhag beo iad, ag aipeachan ag laidrughadh ag iomadughadh 's ag athrughadh i gcruth 's i gcineál mar adeir se. Dá bhrígh sin, le suim bliadhnta anois níl mórán áird ag lucht ealadhan ar an téoir “Toghadh an Nádúra” a cheap Dárbhuin. Tá a fhios ag an saoghal go bhfuil sé de mhianach i luibh 's i n-ainmhidhe bheith ag mion-athraighadh ó'n gcinéal ar shiolruigheadar uaidh, 's breis leis so, tá a fhios nach leanann samhlaighthe áiridhthe a bhaineas le luibh nó ainmhidhe do'n t-síolradh a thagas uatha. Cuir i gcás, béidh a radharc ag páiste an daill, 's caint ag páiste an bhalbháin; ar an nós céadna, beidh balbhán de pháiste, ag daoinibh atá 'na dtoghadh cainteóiribh. Agus is annamh atá intleacht an athar ag an mac, nó intleacht na máthar ag an inghean. Tá an rud céadna le feiceál i síolradh na nainmhidhthe 's na luibheann. Tasbán- ann so go soilléir nach ritheann samhlaighthe áiridhthe ó shíolradh go síolradh, 's dá bhrígh sin, tá praiseach déanta de théoir Dhárbhuin. Chonnaic sé féin go raibh so go mór i n-aghaidh; acht dubhairt sé go raibh an leasughadh 's an t-athrughadh ar gach cineál chomh bídeach 's chomh mion sin, is iad sgartha síor ar feadh na milliúin bliadhnta, nárbh féidir a d'tabhairt fá dearbh. Má tá sin amhlaidh, ní raibh aige san acht TUAIRIM; agus ní raibh ag a na mhac i mBaile Átha Cliath an t-seachtmhain so ghabh tharainn acht tuairim. Tá gaol ag tuairim le ain-eolas; agus ní ain-eólas atá uainn ar cheist de'n tseórt so, acht EÓLAS. Do réir teóir Dhárbhuin, do shíolraigh gach uile nidh ar thalamh — an ribe féir, an luibh, an blath, an crann, an breac an téan, an tainmhidhe 's an duine — ó bunadhas simplidhe amháin. Má tá an t-athrughadh chomh mion bídeach 's nach féidir a thabhairt fá dearbh, is cinnte go dtóigfeadh sé míle milliún bliadhain sul dá mbeadh siolradh na luibhe 'na dhuine! Acht níl ealadhantóirí sásta an t-achar fada so a leigean le Dárbhuin. Badh é an Tighearna Kelvin an fear ba leigheanta in-am féin, 's bhí barramhail láidir aige nár bhfhéidir do nidh ar bith bheith beó ar thalamh na cruinne níos fuide síor ná fiche milliúin bliadhain; 's tá go leor eile de'n bharramhail chéadna. Ins na h-aicmibh dá bhfuil gach nidh roinnte, nó idirdhealaighthe, ag lucht ealadhan; níl amhras nach bhfuil pointí cosamhlachta aca le chéile. Gidh go bhfuil difridheacht mhór idir éanacha cuir i gcás, tá na dhiaidh sin pointí cosamhlachta i n-éan le éan eile; agus mar sin de, in gach aicme eile. Acht tá an oiread de dhifridheacht idir na h-aicme féin, .i. idir luibheanna 's éanacha, nó éanacha 's ainmhidhthe, agus gur deacair do dhuine aon áird a thabhairt ar an teóir adéarfas gur shíolraigh aicme dhíobh ó'n aicme eile, 's gur shíolraigheadar go léir ó'n mbunadhas amháin. Dá mbeadh sin amhlaidh, ní béadh an bhéarna chomh mór idir gach aicme 's cineál agus atá. Má bhí aon ghaol ariamh ag duine le ainmhidhe, ag ainmhidhe le éan, ag éan le breac, nó ag breac &rl. le luibh, ba chóir go mbeadh an “t-idir eatorra” le feiceál i n-áit éigin thar éis an fhaid 's atá lucht ealadhan 'ghá chuartughadh — acht níor frioth go fóill é. Má d'ordaigh Dia nó “Nádúr” do gach nidh bheith ag síolraighadh, nó ag “bithrothlughadh” ó na chéile, ó'n luibh go dtí an duine, is “dlighe” é a bhí ag obair i gcomhnaidhe atá anois, 's a bhéas go bráth. Acht sul dár féidir linn glacadh leis an teóir, 's creideamhaint ins an “dlighe,” ní fuláir de lucht na n-ealadhan an n“idir- eatorra” d'fághail amach 's an bhéarna a líonadh. Chomh fada síos i sraitheannaibh na cruinne dá ndeacha lucht ealadhan ag cuartughadh, fuaireadar fiadhnaise go raibh an bhéarna mhór so idir gach aicme 's cineál, agus nach raibh aon “idir- eatorra” le fágháil. Go deimhin an t-eólas is deireannaighe atá le fágháil ó lucht “Célogochais,” tasbáineann se go raibh an difridheacht chéadna idir gach aicme 's cineál miliún bliadhain ó shoin ar a laghad, agus atá eatorra so atá sgaipthe ar dhruim na cruinne indiu. Go díreach 'sa n-am céadna a raibh Dárbhuin ag cuartughadh 's ag saothrughadh 's ag réidhteach na teóra “Toghadh an Nádúra,” bhí sagart gan cliú gan cáil thall i nAustria, ag caitheadh aimsire dhó féin ag deanamh stuidéir ar luibheannaibh, 's gach a mbaineann leó. Ní raibh aon teóir nó roimh-bharramhail aige- san, ní raibh uaidh acht an fhírinne. Chaith sé thimcheall fiche bliadhain 'ghá n-gné-mheasgadh, 's ag deanamh gnáth-oibre eile orra. D'fhéad sé fágháil amach díreach glan an chaoi ar ghabh an luibh a cruth, a cuma, 's a dath, cia'n chaoi ar éirigh léi bheith garbh nó mín. Ó na ghnáth-obair 's a shaothar, d'fhéad sé tasbáint nach bhfuil baint ar bith ag an gcarraidheacht nó an síor-throid a dtráchtann Dárbhuin air, nó an tslighe a bhfuil an luibh ann, leis an dath, an cruth, nó athrughadh ar bith eile a thagas uirthi; acht go bhfuil siad de mianach 'sa luibh féin ó'n gcéad-thús. Is le goirid a fuair lucht ealadhan amach fá shaothar an t-sagairt so, an t-Abb Mendel; agus is é barramhail a lán acu, go gcuireann a chuid gnáth-oibre críoch le “Darwinism.” TIGHEARNACH. Tagra Ealadhain, Science. “Bunadhas gach Cineál,” “Origin of Species.” Rothlas, Evolution — O'R. Bithrothlas, Organic Evolution. Teóir, a theory. Síor-iomadughadh, constantly increasing. Luibh, plant of any kind. Aicme, class or “order.” Substaint chéomhar, nebulous matter. Cumthaí; forms, shapes. De mhianach, natural, inherent. Iliomad, multitude, — O'R. “Toghadh an Nádúra,” “Natural Selection.” Síor-throid, perpetual struggle. Orgain, bodily organs. Fadálach, very slow, lingering — O'R. Múnlach, mould, “design.” Cruthaidheacht, Creation. Luibheachas, Plant life. Céad-thús, beginning, origin. Na ndúl, of the elements. Cineál, species. Cruth, shape, form. Samhlaighthe, characteristics. Pointí Cosamhlachta, points of likeness or similarity. An-t “idir-eatorra”, the “missing-link.” Bithrothlughadh, evolving. Dlighe a bhí ag obair, Law in operation. Sraitheanna, Strata. Célogochas, Geology. Roimh-bharramhail, Pre-conception. Gné-mheasgadh, “crossing” of plants or animals. Gnáth-eólas, experience. Gnáth-obair, experiment. Mion-athrughadh, slight or minute change. Nílim ró-shasta le cuid de na téarmaibh so thuas; b'fhéidir go dtuibhrfadh cuid de léigh- theóiríbh “An Chlaidhimh“ fá leas a chur orra. T.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services