Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cad is “Darwinism“ ann?

Title
Cad is “Darwinism“ ann?
Author(s)
Tighearnach,
Pen Name
Tighearnach
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cad is “Darwinism” ann?



Bhí dream léigheanta in ar measg an tseacht-
mhain so ghabh tharainn, ag cur síos ar néithibh
a bhaineas le ealadhnistaibh. Ba é Proinsias
Dhárbhuin a toghadh mar Uachtaráin; agus
ós rud é gur mac an fear fóghlumtha so do
Chathal Dárbhuin a sgríobh an leabhar úd:
“Bunadhas gach Cineál,” tá go léor ag cainnt
's ag tracht ar “Bhithrothlas,” nó “Evolution;”
's dá bhrígh sin, cheapas go mb'fhéidir nár mhiste
dhom beagán a rádh ar an gceist so 'sa
“gClaidheamh.”



Síleann go leór daoine gurab ionann
“Darwinism” agus “Bithrothlas.” Níl sin
amhlaidh. Ta teóir an Bhithrothlais an t-seanda;
bhí barramhail dá sheórt i n-aigne Ariostotal;
agus ó shoin a leith atáthar 'ghá dheasughadh, 'ghá
athrughadh 's ag cur leis.



'Sa n-am atá i láthair is é teóir an
Bhithrothlais, gur shíolraigh gach uile nídh ag fás
's i mbeathaidh ar thalamh na Cruinne, ó na
chéile. 'Se sin le rádh: gur shíolraigh an luibh an
bláth 's an crann; 's gach nídh dá bhfásann; an
breac, an t-éan an t-ainmhidhe 's an duine 's gach
nidh eile dá bhfuil beó, ó bhunadas amháin. Go
raibh gach geineamhaint nó síolradh ag buanughadh,
ag sgaradh 's ag síor-iomadughadh (acht sa nam
céadna, ag mion-athrughadh) nó fá déireadh
go raibh againn a bhfuil ag fás 's beó ar dhruim
an domhain indiu. Sin í an bhrígh is coitcheanta
atá le teóir an Bhithrothlais.



Dá réir so, d'eirigh luibheachas roimh an
mbeathadh, tháinic an breac roimh an éan, 's an
t-ainmhidhe roimh an duine. Go deimhin cuireann
lucht an Bhithrothlais colann duine i n-aicme
na n-ainmhidhthe.



'Sa Meadhon-Aois badh é tuairim Thomáis
Naomhtha d'Acuineas, 's Feallsamhain eile, gur
chruithigh Dia ar dtús, as substaint ceómhar
éigin, cumtaí simplídhthe, 's gur chuir Sé de
mhianach annta gur shíolruigh uatha gach nídh ag
fás nó beó, de'n iliomad atá sgaipthe ar fud
na Cruinne go léir.



Bhí an bharramhail chéadna ag Descartes,
Buffon, Lamarck 's tuilleadh leó; dá bhrígh sin,
chidhfear nach indiu nó indé a thainig téoir an
Bhithrothlais as comhair an t-saoghail, acht go
bhfuil se beagnach chomh seanda le stáir an
chineadh daona.



“Toghadh an Nádúra.”



O aimsir Lamarck anuas bhí Feallsamhain 's
lucht ealadhan i Sasana 'sa bhFrainnc, sa
nGearmáin 's i dtíorthaibh eile, ag saothrughadh
chum fáth 's adhbhar eile d'fhághail do'n dul ar
aghaidh an t-aipeachan 's an t-iomadughadh a thainic
ar gach uile nídh, ó'n mbunadhas anuas, thar aon
lámh bheith ag Dia sa n-obair. Acht ní raibh
duine ar bith a chaith an oiread ama ag infhiuchadh
na ceiste so, nó fuair an oiread cliú dá bharr,
le Cathal Dárbhuin, athair an fhir a bhí i
mBaile Átha Cliath againn, an tseachtmhain so
tharainn.



Chaith Dárbhuin a shaoghal leis an obair so.
Thriall sé an domhan ar thóir eólais a bhéarfadh
ughdarás 's adhbhar dhó san bharramhail a bhí
aige féin i dtaobh an Bhithrothlais.



Tá gach nidh beó 's ag fás, idirdhealaighthe ag
ealadhntóiríbh in a “naicmíbh” nó in a muiri-
gheanachaibh mar adéarfá; agus badh é teóir
nó tuairim Dhárbhuin go bhfuil carraidheacht 's
síor-throid ar siubhal i measg gach aicme, cia aca
a mbéidh an bhuaidh aige, 's a mhaireas. Deir
sé go bhfuil cuid de gach aicme ag aipeachan 's
ag láidriughadh; 's go bhfuil an chuid eile dhá
spíonadh, ag dul ó rath; 's ag fágháil bháis.
Gur mhair cuid mar gheall ar go raibh siad, 's go
raibh a n-orgáin níos láidre de bharr na troda,
ná an cuid so a chaill sa réim-ratha — sin é a
dtugann Dárbhuin “Toghadh an Nádúra” air.
Ceapann sé go raibh, gach uile shíolradh uatha so
a mhair — de luibh 's d'ainmhidhe — ag aipeachan
ag láidriughadh 's ag athrughadh a gcuid orgáin go
fadálach, nó fá dheireadh gur éirigh chugainn
luibheanna 's ainmhidthe a raibh cruth 's deanamh
nuadh orra, i gceann céad milliún bliadhain, nó
mar sin. Dubhairt na sean-fheallsamhain gurab é
Dia a chuir an mhianach 'sa luibh 's 'sa n-ainmhidhe
a thug slighe maireachtan 's aipeachan dóibh;
deir Dárbhuin gurab iad an charraidheach 's
an síor-throid a bhí eatorra a thug dóibh é.
Duabhairt na sean-fheallsamhain go raibh múnla
Dé le feiceál in gach uile nidh, deir Dárbhuin
nach bhfuil múnla ar bith le feiceál. Sin é
an difrigheacht atá idir “Bithrotlas” 's
“Darwinism” nó “Toghadh an Nádúra.”



Go dearbhtha i ndearadh a shaoghail
d'admháil Dárbhuin go raibh comharthaí múnla
agus intleachta sa gCruthaidheacht agus ná
fhead a theóir, “Toghadh an Nádúra,” rud ar bith
a mhíniughadh i dtaobh bunadhas na nDúl, nó na
beathaidh.



Rud eile, níl sé ráidhte ag Dárbhuin cé thug
an mianach don luibh 's do chinéalaibh eile, an
charraidheacht 's an síor-throid a dheanamh a d'fhag
beo iad, ag aipeachan ag laidrughadh ag iomadughadh
's ag athrughadh i gcruth 's i gcineál mar
adeir se. Dá bhrígh sin, le suim bliadhnta
anois níl mórán áird ag lucht ealadhan ar an
téoir “Toghadh an Nádúra” a cheap Dárbhuin.



Tá a fhios ag an saoghal go bhfuil sé de
mhianach i luibh 's i n-ainmhidhe bheith ag
mion-athraighadh ó'n gcinéal ar shiolruigheadar
uaidh, 's breis leis so, tá a fhios nach leanann
samhlaighthe áiridhthe a bhaineas le luibh nó ainmhidhe
do'n t-síolradh a thagas uatha. Cuir i gcás,
béidh a radharc ag páiste an daill, 's caint ag
páiste an bhalbháin; ar an nós céadna, beidh
balbhán de pháiste, ag daoinibh atá 'na dtoghadh
cainteóiribh. Agus is annamh atá intleacht an
athar ag an mac, nó intleacht na máthar ag an
inghean. Tá an rud céadna le feiceál i
síolradh na nainmhidhthe 's na luibheann. Tasbán-
ann so go soilléir nach ritheann samhlaighthe
áiridhthe ó shíolradh go síolradh, 's dá bhrígh sin,
tá praiseach déanta de théoir Dhárbhuin.



Chonnaic sé féin go raibh so go mór i
n-aghaidh; acht dubhairt sé go raibh an leasughadh
's an t-athrughadh ar gach cineál chomh bídeach 's
chomh mion sin, is iad sgartha síor ar feadh na
milliúin bliadhnta, nárbh féidir a d'tabhairt
fá dearbh.



Má tá sin amhlaidh, ní raibh aige san acht
TUAIRIM; agus ní raibh ag a na mhac i mBaile
Átha Cliath an t-seachtmhain so ghabh tharainn acht
tuairim. Tá gaol ag tuairim le ain-eolas;
agus ní ain-eólas atá uainn ar cheist de'n
tseórt so, acht EÓLAS.



Do réir teóir Dhárbhuin, do shíolraigh gach uile
nidh ar thalamh — an ribe féir, an luibh, an blath,
an crann, an breac an téan, an tainmhidhe 's an
duine — ó bunadhas simplidhe amháin. Má tá
an t-athrughadh chomh mion bídeach 's nach féidir
a thabhairt fá dearbh, is cinnte go dtóigfeadh
sé míle milliún bliadhain sul dá mbeadh siolradh
na luibhe 'na dhuine!



Acht níl ealadhantóirí sásta an t-achar fada so
a leigean le Dárbhuin. Badh é an Tighearna
Kelvin an fear ba leigheanta in-am féin,
's bhí barramhail láidir aige nár bhfhéidir do nidh
ar bith bheith beó ar thalamh na cruinne níos
fuide síor ná fiche milliúin bliadhain; 's tá go
leor eile de'n bharramhail chéadna.



Ins na h-aicmibh dá bhfuil gach nidh roinnte,
nó idirdhealaighthe, ag lucht ealadhan; níl amhras
nach bhfuil pointí cosamhlachta aca le chéile.
Gidh go bhfuil difridheacht mhór idir éanacha cuir
i gcás, tá na dhiaidh sin pointí cosamhlachta
i n-éan le éan eile; agus mar sin de, in gach
aicme eile. Acht tá an oiread de dhifridheacht
idir na h-aicme féin, .i. idir luibheanna 's
éanacha, nó éanacha 's ainmhidhthe, agus gur
deacair do dhuine aon áird a thabhairt ar an
teóir adéarfas gur shíolraigh aicme dhíobh ó'n
aicme eile, 's gur shíolraigheadar go léir ó'n
mbunadhas amháin.



Dá mbeadh sin amhlaidh, ní béadh an bhéarna
chomh mór idir gach aicme 's cineál agus atá.
Má bhí aon ghaol ariamh ag duine le ainmhidhe, ag
ainmhidhe le éan, ag éan le breac, nó ag breac
&rl. le luibh, ba chóir go mbeadh an “t-idir
eatorra” le feiceál i n-áit éigin thar éis an
fhaid 's atá lucht ealadhan 'ghá chuartughadh —
acht níor frioth go fóill é.



Má d'ordaigh Dia nó “Nádúr” do gach nidh
bheith ag síolraighadh, nó ag “bithrothlughadh”
ó na chéile, ó'n luibh go dtí an duine, is “dlighe”
é a bhí ag obair i gcomhnaidhe atá anois, 's a bhéas
go bráth. Acht sul dár féidir linn glacadh leis
an teóir, 's creideamhaint ins an “dlighe,”
ní fuláir de lucht na n-ealadhan an n“idir-
eatorra” d'fághail amach 's an bhéarna a
líonadh.



Chomh fada síos i sraitheannaibh na cruinne dá
ndeacha lucht ealadhan ag cuartughadh, fuaireadar
fiadhnaise go raibh an bhéarna mhór so idir gach
aicme 's cineál, agus nach raibh aon “idir-
eatorra” le fágháil.



Go deimhin an t-eólas is deireannaighe atá le
fágháil ó lucht “Célogochais,” tasbáineann se
go raibh an difridheacht chéadna idir gach aicme
's cineál miliún bliadhain ó shoin ar a laghad,
agus atá eatorra so atá sgaipthe ar dhruim na
cruinne indiu.



Go díreach 'sa n-am céadna a raibh Dárbhuin
ag cuartughadh 's ag saothrughadh 's ag réidhteach na
teóra “Toghadh an Nádúra,” bhí sagart gan
cliú gan cáil thall i nAustria, ag caitheadh
aimsire dhó féin ag deanamh stuidéir ar
luibheannaibh, 's gach a mbaineann leó.



Ní raibh aon teóir nó roimh-bharramhail aige-
san, ní raibh uaidh acht an fhírinne. Chaith sé
thimcheall fiche bliadhain 'ghá n-gné-mheasgadh,
's ag deanamh gnáth-oibre eile orra. D'fhéad
sé fágháil amach díreach glan an chaoi ar ghabh an
luibh a cruth, a cuma, 's a dath, cia'n chaoi ar
éirigh léi bheith garbh nó mín.



Ó na ghnáth-obair 's a shaothar, d'fhéad sé
tasbáint nach bhfuil baint ar bith ag an
gcarraidheacht nó an síor-throid a dtráchtann
Dárbhuin air, nó an tslighe a bhfuil an luibh
ann, leis an dath, an cruth, nó athrughadh ar bith
eile a thagas uirthi; acht go bhfuil siad de mianach
'sa luibh féin ó'n gcéad-thús.



Is le goirid a fuair lucht ealadhan amach
fá shaothar an t-sagairt so, an t-Abb Mendel;
agus is é barramhail a lán acu, go gcuireann
a chuid gnáth-oibre críoch le “Darwinism.”



TIGHEARNACH.



Tagra



Ealadhain, Science.
“Bunadhas gach Cineál,” “Origin of Species.”
Rothlas, Evolution — O'R.
Bithrothlas, Organic Evolution.
Teóir, a theory.
Síor-iomadughadh, constantly increasing.
Luibh, plant of any kind.
Aicme, class or “order.”
Substaint chéomhar, nebulous matter.
Cumthaí; forms, shapes.
De mhianach, natural, inherent.
Iliomad, multitude, — O'R.
“Toghadh an Nádúra,” “Natural Selection.”
Síor-throid, perpetual struggle.
Orgain, bodily organs.
Fadálach, very slow, lingering — O'R.
Múnlach, mould, “design.”
Cruthaidheacht, Creation.
Luibheachas, Plant life.
Céad-thús, beginning, origin.
Na ndúl, of the elements.
Cineál, species.
Cruth, shape, form.
Samhlaighthe, characteristics.
Pointí Cosamhlachta, points of likeness or similarity.
An-t “idir-eatorra”, the “missing-link.”
Bithrothlughadh, evolving.
Dlighe a bhí ag obair, Law in operation.
Sraitheanna, Strata.
Célogochas, Geology.
Roimh-bharramhail, Pre-conception.
Gné-mheasgadh, “crossing” of plants or animals.
Gnáth-eólas, experience.
Gnáth-obair, experiment.
Mion-athrughadh, slight or minute change.



Nílim ró-shasta le cuid de na téarmaibh so
thuas; b'fhéidir go dtuibhrfadh cuid de léigh-
theóiríbh “An Chlaidhimh“ fá leas a chur orra.



T.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services