Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail - Slighe-bheathadh do Ghaedhealaibh
Title
Cúrsaí an tSaoghail - Slighe-bheathadh do Ghaedhealaibh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail Slighe-bheathadh do Ghaedhealaibh. Ag tracht ar an gceist so arís: ar fheachaint dúinn thríd pháipeiríbh na seachtmhaine so chonnaiceamar i n-aon pháipéar amháin 'sa n-Iarthar fógraidhe ó lucht siopaí, &rl. ar thóir ceithre dhuine ar fhichead, 's gan fiú 's focal i gceachtar de na fógraidhibh ag rádh go mba mhaith leó Gaedhilgeóir d'fághail. Tá fógraidhe sa bpáipéar roimh ráidhte, ó siopadóiríbh i dTuaim, i mbaile an Róba, i nAcaill, 's áiteacha eile chomh Gaedhealach leó, 's níl de tracht air Ghaedhilge chomh n-oiread 's dá mbéidís i Lonndain. Chidhfear uaidh so go bhfuil obair mór amach roimh na craobhachaibh, nó roimh na Cumainn a rabhamar ag tracht orra an tseachtmhain so ghabh tharainn, ma cuirtear ar bun iad. Tá súil againn gur gearr go gcloisimíd go bhfuil na craobhacha ag tógáil na ceiste so i láimh. Ní dheanfaidh sé dochar ar bith — acht sochar — do shiopadóir a chur i na fhógra, go bhfuigheadh GAEDHILGEÓIR an posta, má tá sé oireamhnach le n-aghaidh ar gach slighe eile. Agus dá gcuirfeadh na craobhacha rompa dhul chuig lucht na siopaí 's an méid so d'iarraidh orra, támuid cinnte dearbhtha nach n-dúil- tóchthaoi iad — go mór mór sa nGaedhealtacht. Mar leagfaidh Connrathóirí orra féin ar an gceist so, béidh na Gaedhil óga ag éalodh uainn, ar thóir slighe-bheathadh i dtíorthaibh eile; agus ní féidir linn-ne locht d'fhágháil orra bheith ag imtheacht mar a bhfuilmid toilteanach oibriughadh chum slighe bheathadh fhághail dóibh 'na dtír dhuthchais féin. Dá bhrígh sin ba chóir do gach uile chraobh de'n Connradh bheith ag síor- fhaire ar lucht siopaí, Cumann-oibre, bord publidhe; bóithre-iarainn, bancaí; oifigí fá'n Riaghaltas, agus ar gach uile áit eile a mbéidh duine ag tastáil ann; agus a bheith ag cainnt, ag sgríobh, agus ag déanamh gleó má's riach- tanach, go bhfáigh an Gaedheal a chuid fein de na postaibh atá ar fud na tíre. Bhí sé le rádh bh'fhéidir cupla bliadhain ó shoin, nach raibh Gaedhilgeóirí fóghlumtha againn le dhul isteach i n-oifigibh den-tseórt so; acht níl sin le rádh feasta. Tá go leór ag teacht amach san am atá i láthair, as sgoileannaibh 's coláistíbh a bhfuil neart Gaedhilge aca, 's togha léighinn leis sin; agus dá mbéadh sé le feiceál ag macaibh- léighinn na tíre go mbeadh postaí le fághail ag an nGaedhilgeóir roimh aon duine eile, ba gearr go mbeadh Gaedhilgeóirí againn a bheadh sáthach fóghlumtha le haghaidh posta ar bith sa tír. Acht cia'r bith é, nílmid ag iarraidh ar dhuine ar bith áit a thabhairt do Ghaedhilgeóir mar bhfuil se oireamhnach ar gach uile bhealach eile le gnó an posta do coimhlíonadh; acht má tá, deirimid gur dhó ba chóir an posta a thabhairt; agus má abruigheann gach craobh de Chonnradh na Gaedhilge an rud ceadna is gearr go mbéidh athrughadh ar an sgéal.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services